bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Mark 14
Mark 14
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 15 →
1
Agus i gcionn dá lá do bhí féile na Cásca agus an aráin gan laibhín ann: agus do bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaidhthe ’g‐a bheartú cionnas do bhéarfaidís air le feall, le n‐a mharbhadh: óir adubhradar,
2
Ná déanaimís é le linn na féile, ar eagla go n‐éireochadh achrann i measc an phobail.
3
Agus nuair do bhí sé i mBétánia, i dtigh Shíomóin lobhair, ’n‐a shuidhe ag an mbórd, tháinig bean ag a raibh crúsca alabastair d’uinneimeint spíocnáird an‐luachmhair; agus do bhris sí an crúsca, agus do dhoirt sí a raibh ann ar a cheann.
4
Acht do bhí daoine ann adubhairt go míchéadfach eadortha féin, Cad chuige a ndéantar an diomailt seo ar an uinneimeint?
5
Óir do b’fhéidir an uinneimeint so do dhíol ar níos mó ’ná trí céad pinginn, agus a tabhairt do na bochtaibh. Agus do bhíodar díombuidheach dhí.
6
Acht adubhairt Íosa, Leigidh dhí; cad chuige dhaoibh bheith díombuidheach dhí? is gníomh maith do rinne sí orm.
7
Óir bíonn na boicht ’n‐bhúr bhfochair i gcómhnaidhe, agus is féidir dhaoibh maith do dhéanamh dhóibh am ar bith is áil libh; acht ní bhím‐se i gcómhnaidhe ’n‐bhúr bhfochair.
8
Do rinne sí an nidh do b’fhéidir léi: d’ong sí mo chorp roimh ré fá chómhair a adhlachta.
9
Agus adeirim libh go fírinneach, Cibé áit ar fud an domhain uile ’n‐a gcraobhscaoilfear an soiscéal, inneosfar an gníomh atá déanta ag an mnaoi seo, mar chuimhne uirthi.
10
Agus d’imthigh lúdás Iscariót, duine de’n dá‐réag, chum uachtarán na sagart, chum go dtiubhradh sé ar láimh dhóibh é.
11
Agus nuair do‐chualadar‐san é, dó bhí áthas ortha, agus do ghealladar go dtiubhraidis airgead dó. Agus do bhí seisean ag iarraidh deis d’fhágháil ar a thabhairt ar láimh dhóibh.
12
Agus an chéad lá d’fhéile an aráin gan laibhín, nuair do‐ghnítí íodhbairt na Cásca, adubhairt a dheisceabail leis, Cá’r mhian leat go rachaimís agus go n‐ullmhóchaimís an Cháisc duit le n‐a h‐ithe?
13
Agus do chuir sé uaidh beirt d’á dheisceablaibh, agus adubhairt sé leo, Téighidh isteach sa gcathair, agus casfar oraibh annsin fear agus soitheach uisce ar iomchur aige: leanaidh eisean;
14
agus cibé teach ’n‐a rachaidh sé isteach, abraidh le fear an tighe, Adeir an Máighistir, Cá bhfuil an seomra ’n‐a n‐íosad an Cháisc i bhfochair mo dheisceabal?
15
Agus taisbeánfaidh sé féin daoibh seomra mór uachtarach, agus é i gcaoi agus i gcóir: ullmhuighidh dhúinn annsin.
16
Agus d’imthigh na deisceabail, agus thángadar isteach sa gcathair, agus fuaradar mar adubhairt sé leo: agus d’ullmhuigheadar an Cháisc.
17
Agus nuair do bhí an tráthnóna ann, tháinig sé i n‐éinfheacht leis an dá‐réag.
18
Agus nuair do bhíodar ’n‐a suidhe agus ag ithe, adubhairt Íosa, Adeirim libh go fírinneach, Atá duine agaibh‐se, atá ag ithe im fhochair, agus braithfidh sé mé.
19
Agus tháinig cumha ortha, agus do thosnuigheadar ar a rádh leis, ’n‐a nduine agus ’n‐a nduine, An mise é?
20
Agus adubhairt sé leo, Is duine de’n dá‐réag é, an té chuireas a lámh mar aon liom sa méis.
21
Óir atá Mac an Duine ag imhtheacht, fá mar atá scríobhtha ’n‐a thaobh: acht monuar do’n fhear sin tré n‐a mbraithtear Mac an Duine! do b’fhearr do’n fhear sin dá mba nach rugadh é ariamh.
22
Agus nuair do bhíodar ag ithe, do thóg sé arán, agus do bheannuigh agus do bhris sé é, agus thug sé dhóibh é, agus adubhairt sé, Glacaidh: is é seo mo chorp:
23
Agus do thóg sé cupán, agus do ghabh sé buidheachas, agus thug sé dhóibh é: agus d’óladar uile as.
24
Agus adubhairt sé leo, Is í seo m’fhuil ’san tiomna nua doirtfear ar son móráin.
25
Adeirim libh go fírinneach, Ní ólfad feasta de thoradh na fíneamhna, go dtí an lá sin ’n‐a n‐ólfad nua é i ríoghacht Dé.
26
Agus tar a éis dóibh iomann do chanadh, do chuadar amach go cnoc na nOla‐chrann.
27
Agus adubhairt Íosa leo, Do‐gheobhaidh sibh uile scannal ionnam: óir atá scríobhtha, Buailfead an t‐aodhaire, agus scaipfear na caoirigh.
28
Tar éis m’aiséirighthe, ámh, rachad rómhaibh do’n Ghalilé.
29
Acht adubhairt Peadar leis, Bíodh go bhfuigheadh cách scannal, ní fhaighead‐sa.
30
Agus adubhairt Íosa leis, Adeirim leat go fírinneach, an lá indiu, anocht féin, sara nglaodhfaidh an coileach an dara h‐uair, go séanfair mé fá thrí.
31
Acht ba eadh ba dhéine do labhaiseisean, Má’s éigean dom bás féin d’fhágháil i n‐éinfheacht leat, ní shéanfad thú. Agus do labhradar uile ar an gcuma gcéadna.
32
Agus thángadar go h‐áit ar a dtugtar Getsémané: agus adubhairt sé le n‐a dheisceablaibh, Suidhidh‐se annso, go ndéanad urnaighe.
33
Agus do rug sé leis Peadar, agus Séamas, agus Eoin, agus do thosnuigh sé ar bheith go crith‐eaglach, do‐brónach.
34
Agus adubairt sé leo, Atá brón an bháis ar m’anam: fanaidh‐se annso, agus déanaidh faire.
35
Agus d’imthig sé achar gearr uatha, agus do thuit sé ar an talamh, agus do ghuidh sé go rachadh an uair thairis, dá mb’ fhéidir é.
36
Agus adubhairt sé, Abbá, a Athair, atá gach nidh ar chumas duit; cuir an cupán so dhíom: ná déantar, ámh, an nidh is toil liom‐sa, acht an nidh is toil leat‐sa.
37
Tháinig sé annsin agus fuair sé ’n‐a gcodladh iad, agus adubhairt sé le Peadar, A Shíomóin, an id’ chodhladh atáir‐se? An amhlaidh nár fhéadais faire aon uaire amháin do dhéanamh?
38
Déanaidh faire agus urnaighe chum nach rachaidh sibh i gcathú: bíonn an spioraid lán‐toilteanach, acht bíonn an cholann lag.
39
Agus d’imthigh sé arís, agus do rinne sé guidhe, agus é ag rádh na bhfocal céadna.
40
Agus tháinig sé arís, agus fuair sé ’n‐a gcodladh iad, mar do bhí a súile an‐trom agus ní raibh a fhios aca créad é an freagra do bhéarfaidís air.
41
Agus tháinig sé an treas uair, agus adubhairt sé leo, Codlaidh anois, agus déanaidh suaimhneas: is leor é; atá an uair tagtha; féach, atá Mac an Duine d’á thabhairt ar láimh do na peacachaibh.
42
Éirighidh, bímís ag imtheacht, an té a bhraithfeas mé atá sé i bhfogas dúinn.
43
Agus ar an láthair, le linn cainnte dhó, tháinig Iúdás Iscariót, duine de’n dá‐réag, agus sluagh i n‐éinfheacht leis, ó uachtaránaibh na sagart, agus ó na scríobhaidhthibh, agus ó na seanóiribh, agus claidhmhte agus bataí aca.
44
Agus an té do bhraith é, thug sé cómhartha dhóibh, ’g‐á rádh, An té úd d’á dtiubhrad‐sa póg, is eisean é; beiridh air, agus tabhraidh libh slán é.
45
Agus nuair tháinig sé, ar an láthair do chuaidh sé chuige, agus adubhairt sé, A Mháighistir; agus thug sé póg dó.
46
Agus rugadar‐san air agus do ghabhadar é.
47
Acht do bhí duine dhíobh‐san do bhí láithreach ’n‐a seasamh do tharraing a chlaidheamh, agus do bhuail sé seirbhíseach an árd‐shagairt, agus do bhain sé an chluas de.
48
Agus adubhairt Íosa leo, An dtángabhar amach le breith orm, le claidhmhtibh agus le bataibh, mar thiocfadh sibh le breith ar bhitheamhnach?
49
Do bhíos gach lá ’n‐bhúr measc ag teagasc sa teampall, agus ní rugabhar orm: acht do‐ghnítear é seo chum na scrioptúirí do chóimhlíonadh.
50
Agus do thréigeadar uile é agus do theicheadar.
51
Agus do lean ógánach áirithe é, nach raibh acht brat línéadaigh ’n‐a thimcheall ar a nochta: agus do rugadar air‐sean;
52
acht d’fhág sé an brat línéadaigh aca, agus do theich sé lomnocht uatha.
53
Agus thugadar Íosa leo chum an árd‐shagairt: agus do chruinnigh i n‐éinfheacht leis uachtaráin na sagart go léir, agus na seanóirí, agus na scríobhaidhthe.
54
Agus do lean Peadar é i bhfad uaidh, nó go raibh sé istigh i gcúirt an árd‐shagairt; agus do bhí sé ’n‐a shuidhe i bhfochair na n‐oifigeach, ’g‐á ghoradh féin cois na teineadh.
55
Agus do bhí uachtaráin na sagart agus an chómhairle uile ag iarraidh fiadhnaise d’fhágháil i n‐aghaidh Íosa le n‐a chur chum báis; agus ní fhuaradar í.
56
Óir thug mórán daoine fiadhnaise bhréige ’n‐a aghaidh, agus ní tháinig a bhfiadhnaise le chéile.
57
Agus d’éirigh daoine áirithe, agus thugadar fiadhnaise bhréige ’n‐a aghaidh, ’g‐a rádh,
58
Do‐chualamar‐ne é ’g‐a rádh, Leagfad‐sa an teampall so do rinneadh le lámhaibh daoine, agus i gcionn trí lá tógfad teampall eile gan a bheith déanta le lámhaibh.
59
Acht, mar sin féin, ní raibh a bhfiadhnaise ag teacht le chéile.
60
Agus d’éirigh an t‐árd‐shagart ’n‐a sheasamh ’n‐a lár, agus do chuir sé ceist ar Íosa, agus adubhairt, Nach bhfuil freagra ar bith agat? Créad é atá aca‐san d’á chur id’ leith?
61
Acht d’fhan seisean ’n‐a thost, agus ní thug sé freagra ar bith. Agus d’fhiafruigh an t‐árd‐shagart de arís, agus adubhairt sé leis, An tusa Críost, Mac Dé Bheannuighthe?
62
Agus adubhairt Íosa, Is mé: agus do‐chífidh sibh Mac an Duine ’n‐a shuidhe ar láimh dheis na cumhachta, agus é ag teacht le scamallaibh neimhe.
63
Agus do réab an t‐árd‐shagart a éadaighe, agus adubhairt sé, Cread é an gábhadh atá againn le fiadhnaidhthibh a thuilleadh?
64
Do‐chualabhar an dia‐mhasladh: créad do‐chítear dacibh? Agus adubhradar‐san d’aon ghuth go raibh bás tuillte aige.
65
Agus do thosnuigh cuid aca ar sheilí do chaitheamh air, agus ar a aghaidh d’fholach, agus ar a bhualadh le dornaibh, agus iad ’g‐a rádh, Déan fáidheadóireacht: agus do ghabh na h‐oifigigh é agus iad ag gabháil de bhuillibh baise air.
66
Agus le linn do Pheadar bheith ins an gcúirt thíos, tháinig cailín de chailínibh an árd‐shagairt;
67
agus nuair do chonnaic sí Peadar ’g‐a ghoradh féin, do dhearc sí air, agus adubhairt sí, Do bhís‐se, leis, i bhfochair Íosa Nasardha.
68
Acht do shéan seisean, agus adubhairt, Ní fhuil a fhios agam, ná ní thuigim créad adeirir: agus do chuaidh sé amach taobh amuigh de’n chúirt; agus do ghlaodh an coileach.
69
Agus do chonnaic an cailín é arís, agus do thosnuigh sí ar a rádh leis na daoinibh do bhí ’n‐a seasamh ann, Is duine aca‐súd é seo.
70
Agus do shéan seisean arís. Agus tar éis tamaill bhig eile, adubhairt an mhuinntear do bhí ’n‐a seasamh ann le Peadar, Gan amhras is duine aca‐súd thusa, mar is Galiléach thú.
71
Acht do thosnuigh seisean ar eascainighe, agus ar a mhionnú, Ní fhuil aon aithne agam ar an duine so adeir sibh.
72
Agus ar an láthair do ghlaodh an coileach an dara h‐uair. Agus do chuimhnigh Peadar ar an bhfocal adhubhairt Íosa leis, Sara nglaodhfaidh an coileach dhá uair, séanfair mé fá thrí. Agus ag cuimhniú air dhó, do bhris a ghol air.
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 15 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16