bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
Acts 11
Acts 11
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 12 →
1
Chuala na haspail agus na bráithre a bhí ar fud Iúdáia go raibh na págánaigh freisin tar éis briathar Dé a ghlacadh.
2
Nuair a chuaigh Peadar suas go hIarúsailéim, rinne lucht an timpeallghearrtha é a cháineadh
3
dá rá leis: “Chuaigh tú isteach i measc daoine neamh-thimpeallghearrtha agus chaith tú bia ina dteannta.”
4
Thosaigh Peadar agus dʼaithris sé an scéal tríd síos dóibh:
5
“Bhí mé i gcathair Iopae ag guí,” ar seisean, “nuair a tháinig támhnéal orm, agus chonaic mé in aisling rud mar a bheadh braillín mhór dá ligean anuas ón spéir leis na ceithre chúinne. Tháinig sé fad liom
6
agus nuair a dʼfhéach mé isteach ann chonaic mé ainmhithe ceathairchosacha an domhain agus na beithígh allta agus na péisteanna agus éanlaith an aeir.
7
Ansin chuala mé an guth dá rá: ‘Éirigh, a Pheadair, maraigh agus ith.’
8
‘Nár lige Dia sin, a mháistir,’ arsa mise, ‘mar aon ní mínaofa ná neamh-ghlan ní dheachaigh i mo bhéal-sa riamh.’
9
Labhair an guth ón spéir liom don dara huair: ‘Aon ní atá íonghlanta ag Dia, ná tabhairse rud mínaofa air.’
10
Tharla sé seo don tríú huair agus ansin tarraingíodh an t-iomlán ar ais in airde sa spéir.
11
“Ar an bpointe sin tháinig chun an tí ina raibh mé triúr fear a bhí curtha ag triall orm ó Chaesairia.
12
Dúirt an Spiorad liom gan aon cheist a bheith orm ach imeacht lena gcois. Tháinig an seisear bráithre seo in éineacht liom agus chuamar isteach i dteach an fhir úd.
13
Dʼinis seisean dúinn mar a chonaic sé an t-aingeal ina sheasamh ina theach dá rá leis: ‘Cuir fios go hIopae ar Shíomón dar comhainm Peadar
14
agus labhróidh sé sin na briathra leat ina bhfaighidh tú féin agus do theaghlach uile slánú.’
15
Agus ar thosú dom ag caint, thuirling an Spiorad Naomh orthu mar a thuirling orainn féin i dtosach.
16
Ansin chuimhnigh mé ar fhocal úd an Tiarna, mar a dúirt sé: ‘Rinne Eoin baisteadh in uisce ach baistfear sibh-se sa Spiorad Naomh.’
17
Dá réir sin má thug Dia dóibh-sean an tabhartas céanna a thug sé dúinne tar éis dúinn creidiúint sa Tiarna Íosa Críost, cérbh é mise go bhféadfainn bac a chur ar Dhia?”
18
Nuair a chuala siad an méid sin, mʼéist siad agus thug glóir do Dhia dá rá: “Thug Dia, más ea, aithrí chun na beatha do na Gintlithe chomh maith.”
19
An mhuintir úd a scaipeadh ag an ngéar-leanúint a tharla mar gheall ar Stiofán, ghluais siad rompu chomh fada leis an bhFéiníc agus leis an gCipir agus le hAintíoch. Níor fhógair siad an briathar, áfach, ach do na Giúdaigh amháin.
20
Ach bhí daoine áirithe orthu–Cipirigh agus Círéinéigh ba ea iad–agus nuair a bhain siad Aintíoch amach thosaigh siad ag caint leis na Gréagaigh chomh maith agus ag fógairt dhea-scéal an Tiarna Íosa dóibh.
21
Bhí lámh Dé leo san obair agus is iomaí duine a ghlac an creideamh agus a dʼiompaigh chun an Tiarna.
22
Tháinig scéala fúthu go dtí an Eaglais in Iarúsailéim agus sheol siad Barnabas go hAintíoch.
23
Nuair a shroich sé an áit agus nuair a chonaic sé grásta Dé ann, bhí áthas air, agus chomhairligh sé dóibh go léir cloí leis an Tiarna go daingean diongbháilte.
24
Fear maith a bhí ann agus é lán den Spiorad Naomh agus de chreideamh. Agus cuireadh slua maith mór le buíon an Tiarna.
25
Dʼimigh Barnabas go Tarsas ag lorg Shóil,
26
agus tar éis dó é a fháil, thug sé leis go hAintíoch é. Thug siad bliain iomlán ar aíocht ag an Eaglais ann agus thug siad teagasc dá lán daoine. Agus tharla gur in Aintíoch is túisce a tugadh ‘Críostaithe’ ar na deisceabail.
27
Sna laethanta sin tháinig fáithe anuas ó Iarúsailéim go hAintíoch.
28
Dʼéirigh duine acu darb ainm Agabas agus thug sé le fios faoi luí an Spioraid go raibh gorta mór le teacht ar an domhan iomlán–rud a tharla in aimsir Chláidias.
29
Mar sin de, bheartaigh na deisceabail–gach duine acu de réir a ghustail–ar chabhair airgid a chur chun na mbráithre a bhí ina gcónaí in Iúdáia.
30
Rinne siad amhlaidh agus chuir siad Barnabas agus Sól go dtí na seanóirí leis an airgead.
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 12 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28