bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
Acts 8
Acts 8
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 9 →
1
Agus thoiligh Sól lena dhún-mharú. An lá sin féin thosaigh géar-leanúint mhór ar an Eaglais in Iarúsailéim agus scaip siad uile, ach amháin na haspail, ar fud chríocha Iúdáia agus na Samáire.
2
Agus dʼardaigh daoine diaganta áirithe corp Stiofáin leo chun é a adhlacadh agus rinne siad caoineadh mór os a chionn.
3
Ach bhí Sól ag déanamh scriosta ar an Eaglais: é ag dul ó theach go teach ag sracadh daoine amach, idir fhir agus mhná, agus dá gcur i bpríosún.
4
Iad sin a scaipeadh, ghluais siad ar fud na tíre ag fógairt an dea-scéil.
5
Chuaigh Pilib go dtí cathair na Samáire agus thosaigh ag craobhscaoileadh dóibh i dtaobh Chríost.
6
Thug na sluaite cluas ghéar dá raibh le rá ag Pilib mar ní hea amháin gur chuala siad a chuid cainte ach chonaic siad chomh maith na míorúiltí a bhí aige dá ndéanamh.
7
Mórán a raibh deamhain mhíghlana iontu, tháinig na deamhain amach astu agus iad ag screadach de ghlór ard; agus leigheasadh mórán pairiliseach agus bacach,
8
sa tslí go raibh áthas mór sa chathair sin.
9
Bhí sa chathair fear darbh ainm Síomón agus bhí sé roimhe sin ag cur mearbhaill ar mhuintir na Samáire lena chuid draíochta agus é ag maíomh gur dhuine mór le rá é féin. Gach duine sa chathair idir uasal agus íseal, thug siad cluas dó
10
agus deiridís: “Is é seo ‘mór-chumhacht Dé’ mar a thugtar air.”
11
Thugaidís cluas dó toisc mearbhall a bheith chomh fada sin orthu ag a chuid draíochta.
12
Ach nuair a chreid siad an dea-scéal ó Philib faoi Ríocht Dé agus faoi ainm Íosa Críost, baisteadh iad idir fhir agus mhná.
13
Agus Síomón féin chreid sé chomh maith le cách agus tar éis a bhaiste, chloígh sé go dlúth le Pilib agus thagadh alltacht air nuair a dʼfheiceadh sé na míorúiltí agus na héachtaí móra a bhí a ndéanamh.
14
Nuair a chuala na haspail a bhí in Iarúsailéim go raibh an tSamáir tar éis glacadh le briathar Dé, sheol siad chucu Peadar agus Eoin.
15
Ar theacht dóibh-sean chucu, rinne siad guí ar a son go bhfaighidís an Spiorad Naomh,
16
mar ní raibh an Spiorad tagtha fós ar dhuine ar bith acu mar ní raibh siad ach baiste in ainm an Tiarna Íosa.
17
Ansin leag Peadar agus Eoin a lámha orthu agus fuair siad an Spiorad Naomh.
18
Ach nuair a thug Síomón faoi deara gur trína lámha a leagan ag na haspail ar dhaoine a thugtaí an Spiorad, rinne sé airgead a thairiscint dóibh dá rá:
19
“Tugaigí dom-sa freisin an chumhacht sin i dtreo, cibé duine a leagfaidh mé mo lámha air, go bhfaighidh sé an Spiorad Naomh.”
20
Dʼfhreagair Peadar dó, áfach: “Don donas leat féin agus le do chuid airgid má mheas tú tabhartas Dé a cheannach ar airgead.
21
Níl baint ná páirt agat sa ghnó seo, mar ní ionraic do chroí i bhfianaise Dé.
22
Iompaigh dá bhrí sin ón urchóid seo agat agus iarr ar an Tiarna go maithfí duit an smaoineamh seo a theacht i do chroí.
23
Mar tugaim faoi deara go bhfuil tú éirithe chomh searbh leis an domlas agus go bhfuil tú gafa san olc.”
24
Dʼfhreagair Síomón é: “Agus déanaigíse guí chun an Tiarna orm freisin ionas nach dtiocfaidh orm aon ní dár luaigh sibh.”
25
Nuair a bhí a gcuid fianaise tugtha ag na haspail agus scéal an Tiarna fógartha acu, ghluais siad leo ar ais go hIarúsailéim agus dʼfhógair an dea-scéal i mór-chuid de bhailte na Samárach.
26
Labhair aingeal an Tiarna le Pilib: “Éirigh,” ar seisean, “agus gluais leat ó dheas an bóthar a ghabhann ó Iarúsailéim go Gaza; sin é bóthar an fhásaigh.”
27
Dʼéirigh Pilib agus chuir chun bóthair. Agus tharla ag dul an bealach sin coillteán Aetópach, fear a bhí ina ardoifigeach ag Candaicé, ban-ríon na nAetópach, agus ina choimeádaí ar a cuid maoine uile. Bhí sé tar éis teacht go hIarúsailéim ag adhradh Dé
28
agus bhí sé ar a shlí abhaile agus é ina shuí ina charráiste agus ag léamh Íseáia fáidh.
29
Labhair an Spiorad le Pilib: “Gabh suas chun an charráiste agus siúil lena thaobh.”
30
Rith Pilib anonn agus nuair a chuala sé an coillteán ag léamh Íseáia fáidh, labhair sé leis: “An dtuigeann tú a bhfuil agat dá léamh?” ar seisean.
31
“Conas a thuigfinn,” dʼfhreagair an coillteán, “gan duine éigin a mhíneodh dom é?” agus dʼiarr ar Philib suí in airde leis.
32
Is é seo an giota den scrioptúr a bhí a léamh aige: “Seoladh é amhail caora chun a choscartha, agus amhail uan a bheadh ina thost os comhair an lomadóra, níor oscail sé a bhéal.
33
Ó tugadh céim síos dó ní raibh cothrom le fáil aige. Cé a dhéanfaidh trácht ar a shliocht mar tógadh as an saol seo é?”
34
Labhair an coillteán le Pilib: “Inis dom,” ar sé, “cé dó a bhfuil an fáidh ag tagairt? Cé acu dó féin atá sé ag tagairt nó do dhuine éigin eile?”
35
Bhog Pilib chun cainte, agus ag tosú ón dréacht seo den scrioptúr dʼfhógair sé dó an dea-scéal faoi Íosa.
36
Bhí siad ag cur an bhóthair díobh nuair a tháinig siad chun lochán uisce. “Féach,” arsa an coillteán, “tá uisce anseo. Cad é an bac atá orm-sa mo bhaisteadh?”
37
Dúirt Pilib leis: “Má chreideann tú ó do chroí go hiomlán, is ceadmhach duit.” Dʼfhreagair sé agus dúirt: “Creidim gurb é Íosa Críost Mac Dé.”
38
Dʼordaigh sé an carráiste a stopadh, chuaigh siad beirt, Pilib agus an coillteán, síos isteach san uisce agus bhaist Pilib é.
39
Ach ar theacht amach as an uisce dóibh, dʼardaigh Spiorad an Tiarna Pilib chun siúil agus ní fhaca an coillteán é níos mó agus chuir sé chun bóthair go lúcháireach.
40
Tháinig Pilib go hAzótas agus ghluais sé ag fógairt an dea-scéil ar fud na mbailte go léir nó gur tháinig sé go Caesairia.
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 9 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28