bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
Acts 13
Acts 13
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 14 →
1
Bhí san Eaglais in Aintíoch na fáithe agus na múinteoirí seo a leanas: Barnabas, Simeon–Simeon Dubh mar a thugtaí air, Lúicias Círéinéach, Manaéan a bhí ina chomhalta ag Héaród, an rí cúige, agus Sól.
2
Lá dá raibh siad ag seirbhís don Tiarna agus ag déanamh troscaidh, labhair an Spiorad Naomh: “Cuirigí ar leith dom,” ar seisean, “Barnabas agus Sól chun dul i mbun na hoibre a bhfuil siad glaoite agam ina comhair.”
3
Ansin tar éis dóibh troscadh agus urnaí a dhéanamh, leag siad a lámha orthu agus chuir chun siúil iad.
4
Ghluais siad chun bealaigh faoi threoir an Spioraid Naoimh. Chuaigh siad síos go Seiliúicia agus as sin ar bord loinge go dtí an Chipir.
5
Ar shroichint Shalamas dóibh, dʼfhógair siad briathar Dé i sionagóga na nGiúdach. Bhí Eoin ina chúntóir acu san obair.
6
Shiúil siad an t-oileán ar fad chomh fada le Pafas, áit ar casadh orthu Giúdach darbh ainm Bairéasús, fear a bhí ina dhraoi agus a mhaígh gurbh fháidh é féin.
7
I gcuideachta Sheirgias Pól próchonsal a bhíodh sé. Fear saoithiúil ba ea eisean agus ghlaoigh sé chuige Barnabas agus Sól mar bhí fonn air briathar Dé a chloisteáil.
8
Ach chuir Eilimeas draoi–is ionann a ainm ‘Eilimeas’ agus draoi–ina gcoinne dʼfhonn an próchonsal a choimeád ón gcreideamh.
9
Ach bhí Sól–is é sin Pól–lán den Spiorad Naomh agus dʼfhéach idir an dá shúil air:
10
“A dhuine atá lán den uile chealg is ghliceas,” ar seisean, “a mhac an diabhail agus a namhaid na huile chóra, nach stadfá de bheith ag camadh shlite díreacha an Tiarna?
11
Féach, tá lámh an Tiarna anois ort: beidh tú dall agus ní fheicfidh tú an ghrian go dtí an uair atá ceaptha aige.” Ar an mball tháinig scamall dorcha anuas air agus thosaigh sé ag dul timpeall ag lorg daoine a dhéanfadh giollaíocht air.
12
Nuair a chonaic an próchonsal an ní a tharla, tháinig alltacht air faoi theagasc an Tiarna agus chreid sé.
13
Chuaigh Pól agus a bhuíon chun farraige ó Phafas agus tháinig siad go Peirgé i bPaimfilia. Dʼfhág Eoin ansin iad agus chuaigh ar ais go hIarúsailéim.
14
Lean siad-san orthu nó gur tháinig siad go dtí Aintíoch na Piside. Chuaigh siad isteach sa tsionagóg lá na sabóide agus shuigh siad fúthu.
15
Nuair a bhí léamh an dlí agus na bhfáithe i leataobh, chuir uachtaráin na sionagóige teachtaireacht chucu dá rá: “Má tá aon fhocal spreagtha agaibh don phobal, a bhráithre, abraigí é.”
16
Dʼéirigh Pól ina sheasamh, thug comhartha láimhe dóibh agus thosaigh ag caint: “A fheara Iosrael,” ar seisean, “agus sibh-se a bhfuil ómós agaibh do Dhia, éistigí liom.
17
Dia an phobail seo Iosrael, rinne sé ár n-aithreacha a thoghadh; agus fad a bhí siad ina gcoimhthígh san Éigipt rinne sé pobal mór díobh. Ansin sheol amach as sin iad le neart a láimhe
18
agus sholáthair sé dóibh ar feadh daichead bliain sa bhfhásach.
19
Agus tar éis dó seacht dtreibh i gCanán a dhíothú thug sé seilbh na tíre dóibh ar feadh timpeall ceithre chéad caoga bliain.
20
Ansin thug sé breithiúna dóibh go dtí aimsir Shamúéil fáidh.
21
“Ina dhiaidh sin dʼiarr siad rí a bheith orthu, agus thug Dia Sól mac Chís, fear de threibh Bhiniáimin, dóibh mar rí go ceann daichead bliain.
22
Chuir sé as oifig ansin é agus dʼardaigh rí dóibh, Dáiví, an fear ar dhearbhaigh sé ina thaobh dá rá: ‘Is é mʼaithne ar Dháiví mac Ieise, gur fear de réir mo chroí féin é, fear a dhéanfaidh gach ní is toil liom.’
23
Is dá shliocht siúd a thóg Dia slánaitheoir dʼIosrael de réir mar a bhí geallta aige–is é sin Íosa.
24
Roimh theacht dó sin bhí Eoin tar éis baisteadh chun aithrí a fhógairt do phobal uile Iosrael,
25
agus nuair a bhí Eoin ag teacht go deireadh a chúrsa, is é a dúirt sé: ‘Ní mise an té is dóigh libh-se is mé, mar tá duine le teacht i mo dhiaidhse agus ní fiú mise go scaoilfinn a bhróga.’
26
A bhráithre liom, a shliocht Abrahám agus a mhuintir in bhur measc a bhfuil ómós agaibh do Dhia, is chugainne a cuireadh an teachtaireacht shlánaitheach seo.
27
Níor aithin muintir Iarúsailéim ná a gcuid uachtarán Íosa, ach nuair a dhaor siad é, is amhlaidh a chuir siad i gcríoch ráite úd na bhfáithe a bhíodh dá léamh dóibh gach lá sabóide.
28
Cé nach bhfuair siad aon chúis bháis ann dʼiarr siad ar Phíoláit é a chur den saol.
29
Agus nuair a bhí gach ní dá raibh scríofa ina thaobh comhlíonta acu thóg siad anuas den chrann é agus shín i dtuama é.
30
Ach thóg Dia ó mhairbh é
31
agus ar feadh mórán laethanta chonacthas é dóibh sin a tháinig aníos leis ón nGailíl go hIarúsailéim agus is finnéithe anois iad air os comhair an phobail.
32
Agus seo é an dea-scéal atá le fógairt againne daoibh: an gealltanas úd a rinneadh dár sinsir,
33
go bhfuil Dia tar éis é a chomh-líonadh dúinne, dá sliocht, trí Íosa a thógáil ó mhairbh, de réir mar atá scríofa sa dara salm: ‘Is tusa mo mhac. Inniu féin a ghin mé thú.’
34
Agus i dtaobh é a thógáil ó mhairbh gan aon mheathlú a theacht air go deo, is é atá ráite aige: ‘Tabharfaidh mé daoibh na beannachtaí naofa a gealladh do Dháiví.’
35
Agus deir sé áit eile: ‘Ní ligfidh mé do do shearbhónta naofa an meathlú a fhulaingt.’
36
Mar nuair a bhí comhairle Dé curtha i gcríoch ag Dáiví i gcaitheamh a shaoil, fuair sé bás agus adhlacadh é taobh lena shinsir agus dʼimigh meathlú air.
37
Ach an té a thóg Dia ó mhairbh níor imigh aon mheathlú air.
38
Bíodh a fhios agaibh, dá bhrí sin, a bhráithre, gurb é maithiúnas na bpeacaí trídsean a fhógraítear daoibh,
39
agus gur trídsean a shaortar gach creidmheach ar na nithe uile nár fhéad dlí Mhaois é a shaoradh orthu.
40
Bígí ar bhur n-aire, dá bhrí sin, le heagla go dtiocfaidh oraibh an ní atá luaite ag na fáithe:
41
‘Breathnaígí, a lucht na tarcaisne, Glacaigí alltacht agus ceiliúraigí. Mar tá obair le déanamh agam-sa le bhur linn, obair nach gcreidfeadh sibh dá n-inseofaí daoibh é.’”
42
Ag fágáil dóibh, dʼimpigh siad orthu labhairt ar an téama céanna an tsabóid dár gcionn.
43
Agus nuair a scoir an comh-thionól, bhí cuid mhaith de na Giúdaigh agus de na hiompaithigh dhiaganta a lean Pól agus Barnabas. Ina gcomhrá leo mhol Pól agus Barnabas dóibh a bheith buanseasmhach i ngrásta Dé.
44
An tsabóid dár gcionn tháinig an chathair ar fad beagnach le chéile ag éisteacht le briathar Dé.
45
Nuair a chonaic na Giúdaigh na sluaite daoine, bhí siad lán dʼfhormad agus bhréagnaigh siad go tarcaisniúil gach a raibh dá rá ag Pól.
46
Ach dúirt Pól agus Barnabas leo go neamh-bhalbh: “Is daoibhse ab éigean briathar Dé a labhairt ar dtús; ach ós rud é go bhfuil sibh ag cur suas de agus gur dóigh libh féin nach fiú sibh an bheatha shíoraí a bheith agaibh, táimidne ag iompú chun na bpágánach.
47
Mar sin é an t-ordú atá faighte ón Tiarna againn: ‘Tá tú ceaptha agam le bheith i do sholas do na náisiúin, ionas go mbeidh tú i dʼábhar slánaithe go himeall an domhain.’”
48
Bhí áthas ar na págánaigh an méid sin a chloisteáil agus bhí ardmholadh acu ar bhriathar an Tiarna; agus an méid acu a bhí réamhcheaptha don bheatha shíoraí, ghlac siad an creideamh,
49
agus bhí briathar Dé dá fhógairt go forleathan ar fud na tíre go léir.
50
Ach rinne na Giúdaigh séideadh faoi mhná uaisle diaganta na cathrach agus faoi na cinn urra, thosaigh siad ar ghéarleanúint a dhéanamh ar Phól agus ar Bharnabas agus thiomáin amach as an dúiche iad.
51
Chroith siad-san an deannach dá gcosa orthu agus as go brách leo go hIocóiniam.
52
Agus bhí na deisceabail lán dʼáthas agus den Spiorad Naomh.
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 14 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28