bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
Acts 21
Acts 21
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 20
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 22 →
1
Dʼfhágamar slán acu agus bhogamar chun bealaigh. Chuamar caol díreach go Cós agus an lá ina dhiaidh sin go Ródas agus as sin go Patara.
2
Fuaireamar long ansiúd a bhí ag dul go dtí an Fhéiníc; chuamar ar bord agus ghluaiseamar chun bealaigh
3
nó gur thángamar i radharc na Cipire. Dʼfhágamar í ar an mbord clé agus sheolamar linn go dtí an tSiria agus chuamar i dtír sa Tuír mar is ansiúd a bhí an bád le díluchtú.
4
Fuaireamar roinnt deisceabal agus dʼfhanamar ann ar feadh seachtaine. Dúirt na deisceabail sin le Pól faoi luí an Spioraid gan dul go hIarúsailéim.
5
Ach nuair a bhí na laethanta caite againn, ghluaiseamar chun bealaigh agus iad go léir agus a gcuid ban agus páistí dár dtionlacan nó go rabhamar lasmuigh den chathair. Chuamar ar ár nglúine ar an trá ag guí,
6
agus dʼfhágamar slán ag a chéile; chuamarna ar bhord na loinge agus chas siad-san ar ais abhaile.
7
Leanamar dár dturas ón Tuír nó gur thángamar go Tolamáíos. Bheannaíomar do na bráithre agus dʼfhanamar acu aon lá amháin.
8
Dʼimíomar linn an lá dár gcionn agus shroicheamar Caesairia. Chuamar isteach i dteach Philib Soiscéalaí, duine den seachtar, agus dʼfhanamar aige.
9
Bhí ceathrar iníonacha aige, maighdeana, a raibh bua na tairngreachta acu.
10
Bhí tamall caite againn i gCaesairia nuair a tháinig fáidh darbh ainm ‘Agabas’ anuas ó Iúdáia.
11
Nuair a tháinig sé inár leith, thóg sé crios Phóil agus cheangail a chosa agus a lámha féin, dá rá: “Seo mar a deir an Spiorad Naomh: an fear ar leis an crios seo, ceanglóidh na Giúdaigh mar sin é in Iarúsailéim agus tabharfaidh siad ar láimh do na gintlithe é.”
12
Nuair a chualamar an chaint sin, dʼimpíomar féin agus muintir na háite air gan dul suas go hIarúsailéim.
13
Ach dʼfhreagair Pól ansin: “Cad ab áil libh a bheith ag olagón mar sin agus ag scóladh an chroí ionam? Táim ullamh ní hamháin le mo cheangal ach leis an mbás féin a fhulaingt ar son ainm an Tiarna Íosa in Iarúsailéim.”
14
Nuair nach ndéanfadh sé rud orainn, ní dúramar a thuilleadh ach: “Toil an Tiarna go ndéantar.”
15
Tar éis na laethanta sin, dʼullmhaíomar chun bóthair agus suas linn go hIarúsailéim.
16
Tháinig cuid de na deisceabail ó Chaesairia lenár gcois agus thug siad sinn go dtí teach Mhnasón, seandeisceabal ón gCipir, go mbeimis ar lóistín aige.
17
Ar theacht dúinne go hIarúsailéim, chuir na bráithre na fáiltí geala romhainn
18
agus lá arna mhárach chuaigh Pól ar cuairt linn chuig Séamas. Bhí na seanóirí go léir i láthair.
19
Bheannaigh Pól dóibh agus dʼaithris dóibh tríd síos gach a raibh déanta ag Dia i measc na ngintlithe trína chuid freastail.
20
Agus nuair a chuala siad-san an scéal, thug siad glóir do Dhia dá chionn. Ansin dúirt siad: “Feiceann tú féin, a bhráthair, a liacht míle duine de na Giúdaigh a bhfuil an creideamh glactha acu agus iad go léir dúthrachtach don dlí.
21
Tá scéala faighte acu ort-sa, áfach, go mbíonn tú ag teagasc na nGiúdach go léir a bhfuil cónaí orthu i measc na ngintlithe a gcúl a thabhairt do Mhaois, dá rá leo gan a bpáistí a thimpeallghearradh ná na gnásanna a chleachtadh.
22
Cad atá le déanamh mar sin? Mar níl aon amhras ná go gcloisfidh siad go bhfuil tú tagtha.
23
Dá bhrí sin, déan mar a deirimid leat. Tá ceathrar fear againn anseo a bhfuil móid orthu.
24
Beir leat iad agus déan thú féin a íonghlanadh in éineacht leo agus íoc an costas dóibh le go ndéanfaidh siad a gceann a bhearradh. Beidh a fhios ag cách ansin nach bhfuil aon bhonn lena bhfuil cloiste acu i do thaobh ach go leanann tú féin ag coimeád an dlí.
25
Maidir leis na gintlithe a bhfuil an creideamh glactha acu, chuireamar féin litir chucu dá achtú dóibh staonadh ó bhia íobartha, ó fhuil, ó bhia a tachtadh agus ón bpósadh coil.”
26
Rug Pól na fir leis agus lá arna mhárach, tar éis dó é féin a íonghlanadh in éineacht leo, chuaigh sé isteach sa Teampall ag fógairt an lae a mbeadh tréimhse an íonghlanta thart agus a ndéanfaí an ofráil ar son gach duine acu.
27
Bhí na seacht lá de chóir a bheith críochnaithe nuair a chonaic na Giúdaigh ón Áise sa Teampall é. Thóg siad callán i measc an tslua go léir agus ghreamaigh siad Pól
28
ag glao in ard a ngutha: “Cabhair, a fheara Iosrael. Seo é an duine úd a bhíonn gach aon bhall ag teagasc cách in aghaidh ár gcine agus in aghaidh an dlí agus in aghaidh na háite seo. Agus ní hamháin sin ach rug sé Gréagaigh isteach sa Teampall leis agus sháraigh an áit naofa seo.”
29
Is amhlaidh a bhí siad tar éis Trofamas ó Eifeasas a fheiceáil ina theannta sa chathair agus cheap siad go raibh Pól tar éis é a thabhairt isteach sa Teampall.
30
Leath an gleo ar fud na cathrach go léir; rith an slua le chéile agus rug siad ar Phól agus tharraing amach as an Teampall é. Dúnadh na doirse láithreach.
31
Bhí siad ag iarraidh Pól a mharú nuair a tháinig scéal chun ceannasaí an díorma go raibh Iarúsailéim ar fad ina círéib.
32
Thug seisean saighdiúirí agus taoisigh chéid leis láithreach agus tháinig ar sodar faoina ndéin. Nuair a chonaic siad an ceannasaí agus na saighdiúirí chucu stad siad de bhualadh Phóil.
33
Chuaigh an ceannasaí suas chuige agus ghabh é agus dʼordaigh é a cheangal le dhá shlabhra. Dʼfhiafraigh sé ansin cérbh é agus cad a bhí déanta aige.
34
Thosaigh daoine sa slua dá rá seo agus daoine eile dá rá siúd agus nuair nár éirigh leis aon eolas cinnte a fháil mar gheall ar an ngleo, dʼordaigh sé é a thabhairt isteach sa dún-phort.
35
Nuair a shroich sé na céimeanna bhí an slua chomh fíochmhar sin go raibh sé dá iompar ag na saighdiúirí,
36
mar bhí an slua ar fad ar na sála orthu agus iad ag screadach: “Tóg uainn é.”
37
Agus Pól ar tí a thabhairt isteach sa dún-phort, dúirt sé leis an gceannasaí: “An bhfuil cead agam labhairt leat?” Dʼfhreagair seisean: “An bhfuil Gréigis agat?
38
Ní tú mar sin an tÉigipteach úd a chuir an cheannairc ar bun tamall ó shin agus a sheol na ceithre mhíle de na meirligh amach sa bhfhásach?”
39
“Is Giúdach ó Tharsas na Cilice mé,” dʼfhreagair Pól, “is saoránach de chathair nach suarach mé. Iarraim ort cead a thabhairt dom labhairt leis an slua.”
40
Thug sé an cead dó agus sheas Pól ar na céimeanna agus dʼfhógair ciúnas ar an slua le comhartha láimhe. Tháinig ciúnas domhain orthu agus labhair sé leo san Eabhrais mar a leanas.
← Chapter 20
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 22 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28