bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
Acts 3
Acts 3
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 4 →
1
Bhí Peadar agus Eoin lá ag dul suas chun an Teampaill i gcomhair urnaithe an tráthnóna
2
agus bhí fear dá iompar ann a bhí ina mhairtíneach as broinn a mháthar agus shínidís gach lá é ag geata an Teampaill, ag an nGeata Álainn mar a thugtaí air, chun déirc a iarraidh ar an muintir a bhíodh ag dul isteach sa Teampall.
3
Nuair a chonaic sé Peadar agus Eoin ar tí dul isteach, dʼiarr sé déirc orthu.
4
Stán Peadar air agus Eoin chomh maith. “Féach orainn,” arsa Peadar leis,
5
agus dʼfhéach sé orthu go daingean le súil go bhfaigheadh sé rud éigin uathu.
6
Ach dúirt Peadar leis: “Níl ór ná airgead agam, ach an ní atá agam bronnaim ort é: in ainm Íosa Críost Nazórach, siúil.”
7
Leis sin rug sé ar láimh dheas air agus thóg aníos é. Ar an mball tháinig lúth sna cosa agus sna hailt aige,
8
léim sé ina sheasamh agus chrom sé ar shiúl, agus isteach leis sa Teampall in éineacht leo, ag siúl agus ag léimneach agus ag moladh Dé.
9
Thug an pobal go léir faoi deara é ag léimneach agus ag moladh Dé
10
agus nuair a dʼaithin siad gurbh é an fear a bhíodh ina shuí ag Geata Álainn an Teampaill é, ghabh ionadh agus alltacht iad faoinar tharla dó.
11
Choinnigh an fear greim ar Pheadar agus ar Eoin agus rith an slua go léir chucu i bPóirse Sholaimh mar a thugtar air, agus uafás orthu.
12
Ar fheiceáil seo do Pheadar labhair sé leis an slua: “A fheara Iosrael,” ar seisean, “cad chuige a bhfuil sibh ag déanamh iontais de seo? Nó cad chuige a bhfuil sibh ag stánadh orainne amhail is dá mba dár gcumhacht féin nó dár gcráifeacht féin a thugamar siúl don fhear seo?
13
Ní hea sin ach gur thug Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacób, Dia ár n-aithreacha an ghlóir dhiaga dá sheirbhíseach Íosa, an té sin ar thug sibh-se ar láimh é agus ar shéan sibh i bhfianaise Phíoláit é agus eisean meáite ar é a scaoileadh saor.
14
Is ea, shéan sibh an té a bhí naofa fíréan agus dʼiarr sibh go scaoilfí saor chugaibh dún-mharfóir.
15
Chuir sibh taoiseach na beatha chun báis! Thóg Dia ó mhairbh é, áfach, rud a bhfuilimidne go léir inár bhfinnéithe air.
16
“Is é an t-ainm sin Íosa agus an creideamh atá againne ann a thug a lúth agus a neart don fhear seo a fheiceann sibh os bhur gcomhair agus a bhfuil aithne agaibh air. Is é an creideamh úd, a thagann trí Íosa, a dʼfhág an fear seo slán folláin in bhur bhfianaise uile.
17
“Anois, a bhráithre, tá a fhios agam gur le barr aineolais a rinne sibh na nithe sin agus bhur gcinn urra mar an gcéanna.
18
Ar an gcuma sin is ea a thug Dia chun críche an rud úd a bhí réamhfhógartha aige trí bhéal na bhfáithe uile: nárbh fholáir dá Mheisias an pháis a fhulaingt.
19
Déanaigí aithrí dá bhrí sin agus iompaígí chun Dé chun go nglanfar díbh bhur bpeacaí,
20
nó go dtiocfaidh tréimhse an fhaoisimh chugaibh ó láthair an Tiarna agus go seolfaidh sé chugaibh Íosa, an Meisias atá in áirithe aige daoibh.
21
Mar ní mór do na flaithis é a choinneáil go dtí go mbeidh gach ní curtha ina cheart arís faoi mar a dʼfhógair Dia trí bhéal na bhfáithe naofa fadó.
22
Is é a dúirt Maois, mar shampla: ‘Ardóidh an Tiarna bhur nDia fáidh daoibh ó lár bhur mbráithre féin, faoi mar a dʼardaigh sé mise. Éistigí le gach ní dá ndéarfaidh sé sin libh.
23
Duine ar bith nach n-éistfidh leis an bhfáidh sin, dísceofar as an bpobal é.’
24
Gach fáidh dár labhair libh ó Shamúéil anuas, dʼfhógair sé na laethanta seo.
25
Is sibh-se oidhrí na bhfáithe agus oidhrí an chonartha a rinne Dia le bhur n-aithreacha nuair a dúirt sé le hAbrahám: ‘Gach cine ar talamh, beannófar é i do shliocht-sa.’
26
Nuair a thóg Dia a sheirbhíseach is chugaibhse is túisce a chuir sé é chun go mbeannódh sé sibh trí gach duine agaibh a iompú óna chuid urchóide.”
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28