bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
Acts 25
Acts 25
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 24
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 26 →
1
Trí lá tar éis dʼFhéastas teacht chun an chúige chuaigh sé suas ó Chaesairia go hIarúsailéim.
2
Rinne na hardsagairt agus ceannairí na nGiúdach a ngearán leis in aghaidh Phóil,
3
agus dʼiarr siad de ghar air go dtabharfadh sé Pól ar ais go hIarúsailéim, mar bhí luíochán dá dhéanamh acu roimhe chun é a mharú ar an tslí.
4
Ach dʼfhreagair Féastas go raibh Pól faoi choimeád i gCaesairia agus go mbeadh sé féin ag dul ar ais ann gan mhoill.
5
“Agus,” ar seisean, “tagadh daoine údarásacha agaibh síos in éineacht liom agus má tá aon ní bunoscionn leis an duine, cúisídís é.”
6
Tar éis dó gan thar a hocht nó a deich de laethanta a thabhairt ina measc, chuaigh sé síos go Caesairia agus an lá dár gcionn shuigh sé ina shuí breithimh agus dʼordaigh Pól a thabhairt isteach.
7
Nuair a tháinig sé i láthair, sheas na Giúdaigh a bhí tagtha anuas ó Iarúsailéim ina thimpeall agus thosaigh ag cur mórán cionta troma ina leith, nithe nár fhéad siad a chruthú.
8
Dúirt Pól mar chosaint air féin: “Níl coir ar bith déanta agam in aghaidh dhlí na nGiúdach ná in aghaidh an Teampaill ná in aghaidh Chaesair.”
9
Bhí fonn ar Fhéastas gnaoi na nGiúdach a tharraingt air féin agus dúirt sé mar fhreagra ar Phól: “An mbeifeá sásta dul suas go hIarúsailéim chun do thriail a sheasamh ann os mo chomhairse i dtaobh na gcionta seo?”
10
Ach dúirt Pól: “Táim i mo sheasamh os comhair bhinse Chaesair. Is ansiúd is ceart cúirt a chur orm. Níl aon éagóir déanta ar na Giúdaigh agam mar is eol duit féin go maith.
11
Má táim san éagóir agus má tá aon ní déanta agam a thuillfeadh an bás, nílim ag iarraidh an bás a sheachaint. Ach mura bhfuil aon bhun leis na nithe atá siad a chur i mo leith, ní féidir le duine ar bith mé a thabhairt suas dóibh. Gairmim Caesar.”
12
Ansin, tar éis dó dul chun cainte lena chomhairle, dʼfhreagair Féastas agus dúirt: “Ó ghairm tú Caesar, is go Caesar a rachaidh tú.”
13
Nuair a bhí roinnt laethanta curtha díobh acu, tháinig an rí Aigripe agus Beirnicé anuas go Caesairia ag fáiltiú roimh Fhéastas agus thug siad mórán laethanta ann.
14
Chuir Féastas scéal Phóil faoi bhráid an rí. “Tá fear anseo,” ar seisean, “a dʼfhág Féilix ina dhiaidh i bpríosún.
15
Fad a bhí mé in Iarúsailéim rinne na hardsagairt agus seanóirí na nGiúdach gearán liom ina thaobh agus dʼiarr é a dhaoradh.
16
Dúirt mé leo nach é béas na Rómhánach é aon chúisí a thabhairt suas sula ndéanfaí a chúiseoirí a thabhairt os a chomhair agus caoi a bheith aige é féin a chosaint ar an gcúiseamh.
17
Tháinig siad anseo liom dá bhrí sin agus, gan aon mhoill a dhéanamh, shuigh mé fúm i mo shuí breithimh lá arna mhárach agus dʼordaigh mé an duine a thabhairt isteach.
18
Ach nuair a mʼéirigh lucht a chúisithe níor chuir siad ina leith aon drochchoir dá raibh coinne agam léi.
19
Ní raibh acu ina choinne ach ceisteanna éigin a bhaineann lena gcreideamh féin agus le hÍosa éigin atá marbh ach a dúirt Pól a bhí beo.
20
Nuair nach raibh aon bhreith agam-sa ar na cúrsaí sin a iniúchadh, dʼfhiafraigh mé de ar mhaith leis dul go hIarúsailéim agus a thriail a sheasamh ann fúthu.
21
Ach is é a mʼéiligh Pól go gcuirfí faoi choimeád é nó go bhféachfadh an t-impire a chúis. Dʼordaigh mé é a choinneáil i bpríosún go dtí go gcuirfínn ag triall ar Chaesar é.”
22
Dúirt Aigripe le Féastas: “Ba mhaith liom féin an fear seo a chloisteáil.” “Cloisfidh tú amárach é,” ar seisean.
23
Lá arna mhárach tháinig Aigripe agus Beirnicé faoi lánmhustar agus ghluais siad isteach i halla na dála, agus ceannasaithe an airm agus maithe na cathrach in éineacht leo. Ar ordú ó Fhéastas tugadh Pól isteach.
24
Ansin labhair Féastas agus dúirt: “A rí Aigripe agus sibh-se go léir atá i láthair farainn, feiceann sibh an fear seo ar tháinig na Giúdaigh go léir ina slua chugam in Iarúsailéim agus anseo freisin agus iad ag screadach nár cheart é a bheith beo a thuilleadh.
25
Ach fuair mé féin nach raibh aon ní déanta aige a thuillfeadh an bás. Ach de bhrí gur ghairm sé féin an t-impire, tá socair agam é a chur chuige.
26
Níl aon ní dearfa agam, áfach, le scríobh mar gheall air chun mo thiarna. Sin é an fáth ar thug mé chugaibh é–agus chugatsa go háirithe, a rí Aigripe–i dtreo nuair a bheidh an fiosrú seo déanta go mbeidh rud éigin agam le scríobh.
27
Mar ba mhíréasúnta mar ghnó é, dar liom, príosúnach a sheoladh gan na cionta ina choinne a chur in iúl chomh maith.”
← Chapter 24
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 26 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28