bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
Acts 16
Acts 16
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 15
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 17 →
1
Lean sé air go Deirbé agus as sin go Liostra. Bhí deisceabal ansiúd darbh ainm ‘Tiomóid’. Giúdach ab ea a mháthair agus í tar éis iompú chun an chreidimh agus Gréagach ba ea an t-athair.
2
Bhí ard-mheas ag bráithre Liostra agus Iocóiniam ar Thiomóid
3
agus ba mhaith le Pól go rachadh sé lena chois. Thóg sé é dá bhrí sin agus rinne sé é a thimpeallghearradh ar mhaithe leis na Giúdaigh a mhair sna críocha sin, mar bhí a fhios acu go léir gur Ghréagach a athair.
4
Ag gabháil dóibh ó bhaile go baile, thug siad don phobal na reachtanna a bhí déanta ag na haspail agus ag na seanóirí in Iarúsailéim agus dúirt leo iad a choimeád.
5
Sa tslí sin bhí na heaglaisí dá ndaingniú sa chreideamh agus ag dul i líonmhaire ó lá go lá.
6
Ghabh siad trí dhúiche na Frigia agus na Galáite ach ní ligfeadh an Spiorad Naomh dóibh an dea-scéal a fhógairt san Áise.
7
Ar theacht dóibh go dtí teorainn na Misia, bhí siad ag iarraidh dul isteach sa mBitín ach ní ligfeadh Spiorad Íosa ann iad.
8
Ghluais siad leo thar an Misia dá bhrí sin agus síos go Tróás.
9
Bhí aisling ag Pól ann oíche amháin: bhí fear ón Macadóin ina sheasamh ann, ag impí air agus ag rá: “Tar anall go dtí an Mhacadóin ag cabhrú linn.”
10
Ní túisce a chonaic sé an aisling ná a chuireamar faoi réir le dul go dtí an Mhacadóin mar gur thuigeamar as go raibh glaoite ag Dia orainn chun an dea-scéal a fhógairt ann dóibh.
11
Chuamar ar bord loinge i dTróás agus ceann ar aghaidh as sin go Samatracae agus an lá ina dhiaidh sin go Neapoil
12
agus as sin go Filipe. Príomhchathair den taobh sin den Mhacadóin is ea Filipe agus coilíneacht Rómhánach is ea í freisin. Thugamar roinnt laethanta sa chathair sin.
13
Lá na sabóide chuamar amach lasmuigh den gheata, cois abhann, áit a mheasamar a mbeadh láthair urnaithe na nGiúdach agus shuíomar fúinn ag caint leis na mná a bhí bailithe le chéile ann.
14
Bhí bean ag éisteacht linn, mangaire corcra ó chathair Thiáitire darbh ainm ‘Lidia’. Bean chráifeach ba ea í agus dʼoscail an Tiarna a croí go dtabharfadh sí cluas dá raibh dá rá ag Pól.
15
Baisteadh í féin agus a teaghlach agus ansin rinne sí tathant orainn, dá rá: “Má mheasann sibh go bhfuilim dílis don Tiarna, tagaigí isteach agus bainigí fúibh i mo theachsa.” Agus chuir sí dʼfhiacha orainn dul isteach.
16
Tharla lá nuair a bhíomar ag dul go dtí láthair na hurnaí gur casadh orainn cailín óg a raibh spiorad feasa inti. Bhí mórán airgid dá thuilleamh aici dá máistrí as a cuid fáistineachta.
17
Chrom sí ar Phól agus sinne a leanúint agus í ag screadach: “Seirbhísigh don Dia ró-ard is ea na fir seo,” deireadh sí, “agus tá bealach bhur slánaithe dá fhógairt acu daoibh.”
18
Bhíodh sí dá dhéanamh seo ar feadh mórán laethanta go dtí go raibh Pól chomh cráite sin aici gur iompaigh sé uirthi agus go ndúirt leis an spiorad: “Fógraím duit in ainm Íosa Críost imeacht amach aisti.” Agus dʼimigh sé aisti an nóiméad sin.
19
Nuair a chonaic a máistri, áfach, go raibh deireadh lena súil le brabach, rug siad ar Phól agus ar Shíleas agus tharraing isteach i gcearnóg an bhaile iad os comhair na n-uachtarán.
20
Sheol siad i láthair na ngiúistísí iad, dá rá: “Giúdaigh is ea na daoine seo agus tá ár gcathair dá cur bunoscionn acu.
21
Tá gnásanna dá bhfógairt acu nach féidir dúinne, Rómhánaigh, glacadh leo ná déanamh dá réir.” Agus thug an slua fúthu chomh maith.
22
Rinne na giúistísí na héadaí a sracadh díobh agus dʼordaigh iad a bhualadh le slata.
23
Tar éis dóibh iad a léasadh ó thalamh chaith siad isteach i bpríosún iad agus dʼordaigh don choimeádaí iad a choinneáil go daingean.
24
Nuair a fuair an coimeádaí an t-ordú sin, chuir sé iad sa chillín ab fhaide isteach agus dhaingnigh a gcosa i gceap adhmaid.
25
Timpeall meán oíche bhí Pól agus Síleas ag guí agus ag canadh iomann do Dhia agus na príosúnaigh eile ag éisteacht leo.
26
Go tobann tharla crith mór talún agus luascadh an príosún ó bhonn. Osclaíodh na doirse uile ar an bpointe agus thit na slabhraí de chách.
27
Dhúisigh an coimeádaí as a chodladh agus nuair a chonaic sé doirse an phríosúin ar leathadh, tharraing sé a chlaíomh le hintinn é féin a mharú agus é dá cheapadh go raibh na príosúnaigh go léir teite.
28
Scairt Pól air, áfach, in ard a ghutha: “Ná déan aon díobháil duit féin,” ar seisean, “táimid go léir anseo.”
29
Dʼiarr an coimeádaí solas a thabhairt chuige, ansin rith sé isteach agus chaith é féin ag glúine Phóil agus Shíleas agus é ar crith le heagla.
30
Ansin sheol sé amach iad agus dʼfhiafraigh díobh: “Cad atá le déanamh agam, a mháistrí, go slánófar mé?”
31
“Creid sa Tiarna Íosa,” ar siad-san, “agus beidh tú féin agus do theaghlach slán.”
32
Agus dʼfhógair siad briathar an Tiarna dó féin agus dá raibh sa teach leis.
33
Dá fhad amach san oíche a bhí sé, thug sé leis iad agus nigh a gcréachtaí; agus baisteadh é féin agus a líon tí go léir ar an bpointe.
34
Ansin thug sé isteach ina theach iad agus chuir cóir bia os a gcomhair. Rinne sé féin agus a theaghlach gairdeas go raibh an creideamh faighte aige i nDia.
35
Nuair a bhí sé ina lá chuir na giúistísí na póilíní chun coimeádaí an phríosúin, dá rá: “Scaoil saor na daoine sin.”
36
Thug an coimeádaí an scéal seo go Pól: “Tá na giúistísí tar éis ordú a thabhairt go scaoilfí saor sibh. Amach libh mar sin agus go n-éirí an bóthar libh.”
37
Dúirt Pól leis na póilíní, áfach: “Rinne siad sinn a léasadh go poiblí gan aon triail a chur orainn agus sinn inár saoránaigh Rómhánacha. Ansin chaith siad isteach i bpríosún sinn. An dár gcur amach faoi cheilt atá siad anois? Ní dhéanfaidh siad go deimhin, ach tagaidís féin agus déanaidís sinn a chomóradh amach.”
38
Thug na póilíní an scéal seo chun na ngiúistísí. Tháinig scanradh orthu nuair a chuala siad gur shaoránaigh Rómhánacha na haspail.
39
Chuaigh siad chucu mar sin agus ghabh a leithscéal leo. Sheol siad amach ansin iad agus dʼiarr orthu an chathair a fhágáil.
40
Ar fhágáil an phríosúin dóibh chuaigh siad go teach Lidia, áit a bhfaca siad na bráithre. Thug siad spreagadh dóibh agus dʼimigh siad leo.
← Chapter 15
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 17 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28