bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
Acts 5
Acts 5
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 6 →
1
Ach bhí fear ann darbh ainm Anainias, é féin agus a bhean Saifíre. Dhíol sé a ghabháltas
2
agus, i bhfios dá bhean, choinnigh sé cuid den luach aige féin agus níor thug ach cuid de suas do na haspail.
3
Labhair Peadar leis: “A Anainias,” ar seisean, “cén fáth ar líon Sátan do chroí sa chaoi gur inis tú bréag don Spiorad Naomh agus cuid de luach na feirme a choinneáil agat féin.
4
Fad a bhí an talamh i do sheilbh, nár leat féin é? Agus tar éis duit é a dhíol nach raibh a luach faoi do réir agat? Cad ab áil leat an rud seo a bheartú i do chroí? Ní do dhaoine a thug tú an t-éitheach ach do Dhia.”
5
Ní luaithe an chaint sin cloiste ag Anainias ná a thit sé marbh. Agus tháinig uamhan ar a raibh ag éisteacht.
6
Ansin mʼéirigh na hógánaigh ina seasamh, chóirigh siad an corp, dʼiompair amach é agus rinne é a adhlacadh.
7
Timpeall trí huaire a chloig ina dhiaidh sin tháinig an bhean isteach agus gan a fhios aici cad a bhí tite amach.
8
Labhair Peadar léi: “Inis dom,” ar seisean, “an é seo an méid a fuair sibh ar an talamh?” “Is ea,” ar sise, “sin an méid.”
9
“Cad a thug oraibh,” arsa Peadar léi, “socrú le chéile ar thriail a bhaint as Spiorad an Tiarna? Féach, sin iad ag an doras cois-céimeanna na ndaoine atá tar éis dʼfhear a adhlacadh agus ardóidh siad thusa chomh maith.”
10
Agus thit sí marbh ar lár ag a chosa ar an toirt. Ar theacht isteach do na hógánaigh fuair siad marbh í agus dʼardaigh siad amach í gur adhlaic siad í taobh lena fear.
11
Tháinig uamhan ar an Eaglais go léir agus ar gach duine a chuala an scéal.
12
Bhí mórán míorúiltí agus éachtaí dá ndéanamh ag na haspail i measc an phobail. Chruinnídís de thoil a chéile i bPóirse Sholaimh
13
ach ní leomhfadh duine ar bith eile dul i bpáirt leo. Mar sin féin bhí ardmholadh ag an ngnáthphobal orthu,
14
agus bhí líon na bhfear agus na mban a chreid sa Tiarna ag dul i mbreis i gcónaí
15
sa tslí go mbíodh na hothair dá dtabhairt amach ar na sráideanna acu agus dá síneadh ar réleapacha agus ar shráideoga le súil, nuair a bheadh Peadar ag gabháil thar bráid, go luífeadh a scáil féin ar dhuine éigin acu.
16
Thagadh na sluaite freisin ó na bailte mór-thimpeall Iarúsailéim, ag tabhairt othar leo agus daoine a bhíodh dá gciapadh ag spioraid neamh-ghlana, agus leigheastaí gach duine acu.
17
Ansin chuir an t-ard-sagart chun oibre, é féin agus a pháirtithe go léir dʼaicme na Sadúcach.
18
Le teann éada rinne said na haspail a ghabháil agus a chur sa phríosún poiblí.
19
Ach i rith na hoíche dʼoscail aingeal an Tiarna geataí an phríosúin agus lig amach iad, dá rá leo
20
imeacht agus seasamh sa Teampall agus faisnéis iomlán a thabhairt don phobal ar an mbeatha seo.
21
Rinne siad rud air: chuaigh siad isteach sa Teampall le breacadh an lae agus chrom ar theagasc. Tháinig an t-ard-sagart agus a bhuíon, thionóil siad an sainidrín–is é sin, seanad iomlán chlann Iosrael–agus chuir siad scéala chun an phríosúin na haspail a thabhairt i láthair.
22
Ach nuair a shroich na feidhmeannaigh an príosún ní bhfuair siad ann iad, agus ar dhul ar ais dóibh, dʼinis siad an scéal:
23
“Fuaireamar an príosún go daingean faoi ghlas,” ar siad, “bhí gardaí ina seasamh ag na geataí ach ar oscailt na ngeataí dúinn, ní bhfuaireamar duine ar bith istigh.”
24
Nuair a chuala ceann-phort an Teampaill agus na hardsagairt an scéal seo, ní fhéadfaidís a thuiscint cad a bhí tite amach dóibh.
25
Leis sin tháinig duine ar an láthair le scéala: “Feach,” ar seisean, “na fir úd a chuir sibh i bpríosún, tá siad ina seasamh sa Teampall ag teagasc an phobail.”
26
Ansin dʼimigh an ceann-phort agus a chuid giollaí agus thug siad leo iad, gan aon lámh láidir, áfach, mar bhí eagla orthu roimh an bpobal, go gclochfaidís iad.
27
Thug siad isteach iad agus chuir ina seasamh os comhair an tsainidrín iad. Cheistigh an t-ard-sagart iad:
28
“Thugamar ordú daingean daoibh,” ar seisean, “gan teagasc a dhéanamh in ainm an duine seo, ach féach, tá Iarúsailéim líonta de bhur dteagasc agaibh. Agus is áil libh bás an duine seo a leagan orainne.”
29
Dʼfhreagair Peadar agus na haspail eile: “Is córa dúinn umhlú do Dhia ná do dhaoine.
30
Thóg Dia ár sinsear Íosa ó mhairbh tar éis daoibhse é a mharú, dá chrochadh ar chrann.
31
Dʼardaigh Dia ar a dheis féin é ina phrionsa agus ina shlánaitheoir chun aithrí agus maithiúnas peacaí a thabhairt dʼIosrael.
32
Is finnéithe ar na nithe sin sinne agus an Spiorad Naomh ar thug Dia é dóibh sin atá umhal dó.”
33
Arna chlos sin do mhuintir an tsainidrín chuaigh siad chun báiní agus bhí fonn orthu iad a mharú.
34
Ach mʼéirigh duine acu ina sheasamh sa sainidrín, Fairisíneach darbh ainm Gamailiéil, máistir dlí a raibh meas ag an bpobal go léir air, agus dʼiarr sé na fir a chur taobh amuigh den doras ar feadh tamaill.
35
Labhair sé ansin leo: “A fheara Iosrael,” ar seisean, “tugaigí aire céard a dhéanfaidh sibh leis na daoine seo.
36
Tamall ó shin tháinig Teodas chun cinn agus é dá mhaíomh gur dhuine mór le rá é féin agus thaobhaigh suas le ceithre chéad fear leis. Ach maraíodh é agus scaipeadh a lucht leanúna nó go ndeachaigh siad ar neamhní.
37
Tháinig Iúdás Gailíleach chun cinn ina dhiaidh sin, aimsir an daon-áirimh, agus mheall sé slua ina dhiaidh. Ach cailleadh eisean chomh maith agus scaipeadh a lucht leanúna go léir.
38
Agus is é a mholaim daoibhse anois, fanacht amach ó na daoine seo agus ligean dóibh. Más ó dhaoine an beart nó an obair seo, rachaidh sí ar neamhní;
39
ach más ó Dhia í ní bheidh ar bhur gcumas-sa iad seo a chur ar neamhní–agus bʼfhéidir gur ag cur in aghaidh Dé a bheadh sibh.” Rinne siad rud air:
40
chuir siad fios ar na haspail agus tar éis dóibh iad a sciúrsáil agus foláireamh a thabhairt dóibh gan labhairt in ainm Íosa, scaoil siad chun siúil iad.
41
Dʼimigh siad-san leo ó láthair an tsainidrín agus áthas orthu de chionn go mbʼfhiú le Dia iad tarcaisne a fhulaingt ar son ainm Íosa.
42
Agus ní stadaidís ach ag teagasc gach lá, sa Teampall agus ó theach go teach, agus ag fógairt an dea-scéil gurbh é Íosa an Críost.
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 6 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28