bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
Acts 15
Acts 15
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 14
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 16 →
1
Tháinig daoine anuas ó Iúdáia agus thosaigh siad ag teagasc na mbráithre: “Mura ndéantar sibh a thimpeallghearradh de réir ghnás Mhaois,” ar siad, “ní féidir bhur slánú.”
2
Bhí aighneas agus argóint fhada ag Pól agus ag Barnabas leo, agus shocraigh siad go rachadh Pól agus Barnabas agus roinnt eile acu go hIarúsailéim chun dul i gcomhairle leis na haspail agus leis na seanóirí faoin gceist seo.
3
Rinne an Eaglais iad a thionlacan chun bealaigh, agus ag gabháil dóibh tríd an bhFéiníc agus tríd an tSamáir, dʼaithris siad dóibh mar a bhí na págánaigh ag iompú chun Dé, scéal a chuir ardáthas ar na bráithre go léir.
4
Agus nuair a tháinig siad go hIarúsailéim, chuir an Eaglais agus na haspail agus na seanóirí fáilte rompu, agus dʼeachtraigh siad-san dóibh a mhéad a bhí déanta ag Dia tríothu.
5
Ach mʼéirigh creidmhigh áirithe a bhain le haicme na bhFairisíneach agus dúirt siad nárbh fholáir na págánaigh a thimpeallghearradh agus a fhógairt orthu dlí Mhaois a choimeád.
6
Tháinig na haspail agus na seanóirí i gceann a chéile chun an cheist seo a bhreithniú.
7
Tar éis conspóide fada mʼéirigh Peadar ina sheasamh agus labhair sé leo: “A bhráithre,” ar seisean, “tá a fhios agaibh féin go ndearna Dia rogha eadrainn i bhfad ó shin gur ó mo bhéal-sa a chloisfeadh na págánaigh teachtaireacht an dea-scéil agus go gcreidfidís ann.
8
Agus an Dia a léann croí an duine chuaigh sé i mbannaí ar na págánaigh nuair a bhronn sé orthu an Spiorad Naomh faoi mar a bhronn sé orainne é.
9
Ní dhearna sé dealú ar bith idir sinne agus iad ach a gcroí a ghlanadh de bharr a gcreidimh.
10
Más ea, cad ab áil libh-se a bheith ag tabhairt dúshláin faoi Dhia anois agus cuing a chur ar mhuineál na ndeisceabal nár fhéadamar féin ná ár sinsir a iompar?
11
Ní hea go deimhin mar go gcreidimid gur trí ghrásta an Tiarna Íosa atá slánú le fáil againn agus acu sin mar an gcéanna.”
12
Dʼfhan an slua go léir ina dtost, agus mʼéist siad le Barnabas agus le Pól ag cur síos ar na míorúiltí agus ar na héachtaí a bhí déanta tríothu ag Dia i measc na bpágánach.
13
Agus nuair a bhí deireadh ráite acu dʼfhreagair Séamas agus dúirt: “A bhráithre, éistigí liom-sa.
14
Dʼaithris Síomón daoibh mar a dheonaigh Dia den chéad uair pobal a bhailiú dó féin i measc na bpágánach.
15
Is beart é sin a thagann le briathra na bhfáithe mar atá scríofa:
16
‘Tiocfaidh mé ar ais ina dhiaidh sin, agus atógfaidh mé both Dháiví atá ar lár. Deiseoidh mé a fothracha agus cuirfidh mé ina seasamh arís í.
17
Ansin beidh na daoine eile go léir ag lorg an Tiarna agus na náisiúin uile arb é mʼainm-se atá orthu.
18
Is é an Tiarna atá dá rá seo agus tá eolas orthu le fada an lá.’
19
“Is é mo bhreithiúnas-sa, dá bhrí sin, gan aon chur isteach a dhéanamh ar na págánaigh atá ag iompú chun Dé
20
ach litir a chur chucu a rá leo staonadh ón mbia a thruaillítear ag na híola, agus ón bpósadh coil agus ó fheoil na n-ainmhithe a tachtadh agus ón bhfuil.
21
Mar tá Maois dá léamh sna sionagóga gach lá sabóide agus níl cathair nach bhfuil lucht a fhógartha inti leis na cianta.”
22
Ansin shocraigh na haspail agus na seanóirí agus an Eaglais ar fad ar dhaoine áirithe acu féin a thoghadh agus a chur go hAintíoch in éineacht le Pól agus le Barnabas. Agus chuir siad beirt a raibh ard-chéim acu i measc na mbráithre, Iúdás ar a dtugtaí ‘Barsabas’ agus Síleas.
23
Thug siad dóibh an litir: “Beatha agus sláinte ó na bráithre idir aspail agus sheanóirí, chun na mbráithre de bhunadh págánach atá in Aintíoch agus sa tSiria agus sa gCilic.
24
Is clos dúinn go ndeachaigh daoine áirithe dár muintirne amach chugaibh agus go ndearna siad sibh a bhuaireamh agus bhur n-aigne a shuaitheadh lena gcuid teagaisc agus gan aon údarás acu uainne.
25
Bheartaíomar dá bhrí sin nár mhiste dúinn teacht le chéile agus teachtaí a thoghadh agus iad a chur chugaibh in éineacht lenár mbráithre ionúine Pól agus Barnabas,
26
beirt a bhfuil a n-anam curtha sa bhfiontar acu ar son ainm ár dTiarna Íosa Críost.
27
Dá réir sin táimid ag seoladh Iúdáis agus Shíleas chugaibh agus tabharfaidh siad-san an tuairisc chéanna ó bhéal daoibh.
28
Tá beartaithe ag an Spiorad Naomh agus againn féin gan aon ualach breise a leagan oraibh ach an méid seo atá riachtanach:
29
sibh a staonadh ó nithe íobartha agus ó fhuil agus nithe tachta agus ón bposadh coil. Má staonann sibh ó na nithe seo, beidh an ceart dá dhéanamh agaibh. Slán agaibh.”
30
Scaoileadh na toscairí chun siúil agus síos leo go hAintíoch mar ar bhailigh siad an pobal le chéile agus thug dóibh an litir.
31
Agus is orthu a bhí an t-áthas agus an sólás nuair a léigh siad í.
32
Fáithe ba ea Iúdás agus Síleas, agus labhair siad ar feadh i bhfad leis na bráithre agus thug spreagadh agus misneach dóibh.
33
Tar éis dóibh tamall maith a thabhairt ann chuir na bráithre slán leo ar ais chucu siúd a chuir amach iad.
34
Bheartaigh Síleas fanacht ansiúd, ach dʼimigh Iúdás leis féin.
35
Dʼfhan Pól agus Barnabas in Aintíoch, áfach, agus lean siad i dteannta a lán eile ag múineadh agus ag craobhscaoileadh scéal an Tiarna.
36
Tamall ina dhiaidh sin dúirt Pól le Barnabas: “Téimis ar ais ag fiosrú na mbráithre i ngach cathair inar chraobhscaoileamar scéal an Tiarna, féachaint conas atá acu.”
37
Ba mhian le Barnabas Eoin dá ngoirtí ‘Marcas’ a thabhairt leo freisin,
38
ach bhí Pól dá éileamh gan an fear seo, a thréig iad i bPaimfilia in ionad dul i mbun oibre leo, a thabhairt leo mar chompánach.
39
Tharla aighneas eatarthu agus scar siad le chéile: thug Barnabas Marcas leis agus chuaigh ar bord loinge go dtí an Chipir;
40
thogh Pól Síleas agus, tar éis do na bráithre é a chur faoi choimirce ghrásta an Tiarna, dʼimigh sé leis.
41
Shiúil sé an tSiria agus an Chilic, ag treisiú leis na heaglaisí.
← Chapter 14
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 16 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28