bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
1 Chronicles 10
1 Chronicles 10
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 11 →
1
Anois do throideadar na Philistinigh a naghaidh Israel; agus do theitheadar fir Israel roimhe na Philistinibh, agus do thuiteadar síos marbh a slíabh Gilboa.
2
Agus do leanadar na Philistinigh go cruáidh a ndiaigh Shauil, agus a ndiáigh a mhac; agus do mharbhadar na Philistinigh Ionatan, agus Abinadab, agus Malchisua, mic Shauil.
3
Agus do chuaidh an cath go docrach a naghaidh Shauíl, agus do bhuáileadar luchd caithte bogha é, agus do goineadh leis na soigheadóiribh é.
4
Ann sin a dubhairt Saul le fear iomchartha a airm, Tarruing do chloidheamh, agus cuir thríom é; deagla go ttiucfaidis na neimhthimchillghearrthaso agus go maisleochaidis me. Achd níor bháill lé fear iomchartha a airm sin do dhéanamh; óir do bhí eagla mhór air. Mar sin do ghlac Saul cloidheamh, agus do thuit sé air.
5
Agus a núair do chonnairc fear iómchair a airm go raibh Saul marbh, do thuit sé féin mar an gcéadna air an gcloidheamh, agus déug sé.
6
Marsin déug Saul, agus a thríur mac, agus déug a thigh uile a naóinfheacht.
7
Agus a nuáir do chonncadar fir Israel uile noch do bhí san ghleann gur théitheadar, agus gur éug Saul agus a mhic, annsin do thréigeadarsan a ccaithreacha, agus do theitheadar: agus thangadar na Philistinigh agus do áitreabhadar ionnta.
8
¶ Agus tárla ar na mhárach, a nuáir thangadar na Philistinigh dfaghbhadh na marbh, go bhfúaradar Saul agus a mhic marbh a slíabh Gilboa.
9
Agus a nuáir do fhaghbhadar é, do ghlacadar a cheann, agus a arm, agus do chuireadar teachda go crích na Bhphilistineach fá ccúairt, do thabhairt scéul dá niodhaluibh, agus do na daóinibh.
10
Agus do chuireadar a arm a ttigh a ndeé, agus do dhaingnigheadar a cheann a tteampall Dágon.
11
¶ Agus a nuáir do chúaladar muinntir Iabes‐gílead uile gacha ndearnadar na Philistinigh re Saul,
12
Déirgheadar, na daóine curata uile, agus rugádar corp Shauil leó, agus cuirp a mhac, agus thugadar go Iábes íad, agus do adhlaiceadar a ccnámha fáoi an daruigh ann Iábes, agus do throisgeadar seachd lá.
13
¶ Mar sin déug Saul ar son a pheacaidh, noch do rinne sé a naghaidh an TIGHEARNA, eadhon a naghaidh bhreithre an TIGHEARNA, nar coimhéad sé, agus mar an ccéadna do chionn comhairle díarruidh ar aon agá raibh leannán síthe, dfíafruighe dhé;
14
Agus nar fhíafruigh sé don TIGHEARNA: uime sin do mharbh sé é, agus do impóigh sé an rioghachd chum Daibhi mhac Iesse.
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 11 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29