bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
1 Chronicles 17
1 Chronicles 17
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 16
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 18 →
1
Anois tárla, mar do bhí Dáibhi na shuidhe iona thigh, go ndubhairt Dáibhi re Nátan an fáigh, Féuch, atáimsi am chomhnuidhe a ttigh do chédar, ach atá airc chunnartha an TIGHEARNA taobh re cúirtínibh.
2
Annsin a dubhairt Nátan ré Dáibhi, Déana gach ní dá bhfuil ad mheanmuin; óir atá Día leat.
3
¶ Agus tárla a noidhche sin féin, go ttáinic briathar Dé chum Nátan, gha rádh,
4
Imthigh agus innis do Dháibhi mo shearbhfhoghantuigh, Is marso a deir an TIGHEARNA, ní dhéana tú tigh dhamhsa do chomhnuighe ann:
5
Oír niór chomhnuigh misi a ttigh ón ló fá ttug mé Israel a níos gus a niugh; acht ag imtheachd ó lóistin go lóistín, agus ón ttabernacuil go chéile.
6
Gidh bé ball ar shiubhail mé lé Hisrael, nar labhar mé an focal ré háoinbhreithiomh Disrael, (noch dar aithin mé mo phobal do bheathughadh), gha rádh, Cred fa nach dearnabhair tigh cédair dhamh?
7
Anois ar a nadhbharsin is marso a déara tú rem shearbhfhoghantuigh Dáibhi, Is marso a deir TIGHEARNA na slógh, do thog misi thú ón mánruigh, ó leanmhuin na ccáorach, chor go mbeitheá ad úachdarán ós cionn mo phobail Israel:
8
Agus do bhi me maille leat ann gach uile bhall ar ghabh tú, agus do ghéarr mé thríotha do naimhde uile romhad, agus do rinne mé ainm dhíot cosmhuil re ainm na ndáoine mora ata air an ttalamh.
9
Mar an gcéadua oirdeochuidh mé áit dom phobal Israel, agus plainndeochuidh mé iad, agus áitreabhuid iona náit féin, agus ni chorrochtar nios mó íad; ní mó dhíbeoruid clann na gciontach íad nios mó, (do nós na céad aimsire.
10
Agus ó a nam ar aithin misi breitheamhuin do bheith ós cionn mo phobail Israel.) Tuilleamh fós cláoidhfe mé do naimhdese uile. Os a chionnsin innsim dhuit go ccuirfe an TIGHEARNA tigh súas duitsi.
11
¶ Agus tiucfaidh a ccrích, a núair chaithfighthear do laéthesi go ccaithfidh tusa dul a bhfochair haithreadh, go ttóigfe misi do shliochd súas ad dhiagh, noch bhias dot mhacaibhsi; agus daingneochaidh mé a rioghachd.
12
Do dhéana seision tigh dhamhsa, agus daingneochaidh misi a chatháoir riogha go bráth.
13
Biaidh me am athair aige, agus biáidh seision na mhac agamsa: agus ni bhéara mé mo throcaire uadh, mar rug mé ón té do bhi romhadsa:
14
Acht suigheocha mé ann mo thigh é, agus ann mo rioghachd go bráth: agus daingneochthar a chathaóir ríogha go síorruidhe.
15
Do reír na mbriatharso uile, agus do réir na fise so uile, is amhiuigh sin do labhair Nátan re Daibhi.
16
¶ Agus tháimc Dáibhi rígh agus do shuigh sé as coinne an TIGHEARNA, agus a dubhairt, ia misi, a THIGHEARNA Día, agus cred é mo thigh, as a ttug tusa chum na ceíme so mé?
17
Agus gidheadh bá bheag so ad shúilibhsi, a Dhé; óir do labhair tú mar an gcéadna ar thigh do shearbhfhoghantuigh aimsir fhada ré teachd, agus thug tú meas ormsa do réir staide duine chumhachduigh, a THIGHEARNA Día.
18
Cred fhéadas Dáibhi do rádh riot níos mó arson onóra do shearbhfhoghantuigh? óir atá fios do shearbhfhoghantuigh agad.
19
A THIGHEARNA, arson do shearbhfhoghantuigh, agus reír do thola feín, do rinne tú an mhórdhachdso, a bhfoillsiughadh na neitheann mórso uile.
20
A THIGHEARNA, ní bhfuil áon is cosmhuil riotsa, agus ní bhfuil Día ar bith acht tú, do reir a nuile neithe dá ccúalamar ler cclúasaibh.
21
Agus cía aoinchineadh ar an ndomhan atá cosmhuil re do phobal Israel, noch a ndeachuidh Día dá bhfúasgladh dá mbeith na bpobal aige féin, do dhéanamh anma mórdhachda agus úathbháis díotsa, le díbirt chineadhach amach roimhe do phobal, noch dfúasgail tú as an Négipt?
22
Oír do rinne tú do phobal féin dot phobal Israel go bráth; agus atá tusa, a THIGHEARNA, ad Dhía dhóibh.
23
Ar a nadhbharsin a nois, a THIGHEARNA, daingnighthear go bráth an ní a dubhairt tú a ttaóibh do sherbhísigh agus a ttáoibh a thighe, agus déana mar a dubhairt tú.
24
Daingnighthear é cheana, chor go mórfuighthear hainmsi go bráth, ghá rádh, TIGHEARNA na slógh Día Israel, is Día Disrael é: agus daingnighthear tigh Dhaibhi do shearbhfhoghantuigh ad lathair.
25
Oír dfoillsigh tusa, ó mo Dhía, dot shearbhfhoghantuigh go ttóigfeá tigh dhó: uimesin fuáir do shearbhfhoghantuigh iona chroídhe urnaigh do dheanamh ad lathair.
26
Agus a nois, a THIGHEARNA, is tú Día, agus do gheall tú an mhaithise dot shearbhfhoghantuigh:
27
Anois ar a nadhbharsin go madh toil leachd tigh do shearbhfhoghantuigh do bheannughadh, chor go mbíaidh as do choinne go bráth: óir beannuidhe tusa, a THIGHEARNA, agus biáidhsin beannuigh go bráth.
← Chapter 16
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 18 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29