bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
1 Chronicles 28
1 Chronicles 28
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 27
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 29 →
1
Agus do chruinnigh Dáibhi go Hierusalem prionnsadha Israel uile, prionnsadha na ttreabh, agus caiptínigh na ccuideachd do níodh miniostralachd don rígh ré sealuigheachd, agus caiptínigh ós cionn na mílteadh, agus caiptínidh ós cionn na ccéad, agus na feadhmannuigh ós cionn máoine agus seilbhe an rígh uile, agus a mhac, maille ris na hoifigeachaibh, agus ris na daóinibh curata, agus na daoíne gaisgeamhla uile.
2
Ann sin do sheas Dáibhi rígh súas air a chosaibh, agus a dubhairt, Eistigh riom, a dhearbhráithre, agus mo phobal: air mo shon féin, do bhí ann mo chroidhe tigh comhnuigh do dhéanamh dáirc chunnartha an TIGHEARNA, agus do chostól ar Ndé, agus do ghléas mé a ccoinne na hoibre:
3
Acht a dubhairt Día riom, Ní dhéana tú tigh dom ainmsi, do bhrígh gur fear cogaidh thú, agus gur dhóirt tú fuil.
4
Gidheach do thogh an TIGHEARNA Día Israel misi roimhe thigh mathair uile do bheith am rígh ós Israel go bráth: óir do thogh sé Iúdah do bheith na úachdarán; agus do thigh Iúdah, tigh matharsa; agus a measc mhac matharsa do thaitin misi ris do dhéanamh rígh dhiom os cionn Israel uile:
5
Agus tair mo mhacaibh uile, (óir thug an TIGHEARNA mórán mac dhamh,) do thogh sé Solamh mo mhac do shuidhe annsa chathaoir ríogha a ríoghachd an TIGHEARNA ós cionn Israel.
6
Agus a dubhairt sé riomsa, do dhéana Solamh do mhac, mo thighse agus mo chúirte: óir do thogh mé é do bheith na mhac agum, agus biáidh misi am athair aigesion.
7
Tuilleamh oile fós daingneochuidh mé a rioghachd go bráth, má bhíonn sé seasmhach a ccoimhlíonadh maitheantadh agus mo bhreitheamhnuis, mar atá a niugh.
8
Anois uimesin a radharc Israel uile comhchruinniughadh an TIGHEARNA, agus a neisteachd ar Ndé, coimhéaduigh agus íarruidh uile aitheanta bhur TTIGHEARNA Dé: chor go sealbhochthaoi an fearann maithsi, agus go bhfuigfidhe é mar oidhreachd ag bhur ccloinn bhur ndiaigh go bráth.
9
¶ Agus thusa, a Sholuimh a mhic, biodh fios Dé hathar agad, agus deana serbhis dó le croidhe iomlán agus lé toil aontadhuigh: óir spíonuidh an TIGHEARNA na huile chroidhthe, agus tuigidh sé na huile bhreathnuighthe na smuaintigheadh: ma íarrann tú é, do gheabha tú é; acht má thréigionn tú é, teílgfidh sé úadh thú go bráth.
10
Bí ar do chiomhéad anois; óir do thogh an TIGHEARNA thú do dheanadh tighe don tsanctóir: bí láidir, agus déana é.
11
¶ Ann sin thug Dáibhi do Sholamh a mhac eisiompláir an phóirse, agus a thightheadh, agus a theagh ionnmhuis, agus a sheomradh úachdarach, agus a phárlús do bfaide a steach, agus áite na cathaóire trócaire,
12
Agus esiompláir na huile neithe dá bhfuáir ón spiorad, chúirteann thighe an TIGHEARNA, agus na séomradha timchioll fá ccuáirt, agus ionnmhusa thighe Dé, agus stóruis na neithionn ccoisreactha:
13
Mar an ccéadna do chúrsadhuibh na sagart agus na Lebhíteach, agus don uile obair sherbhíse thighe an TIGHEARNA, agus a nuile shoitheach serbhíse a ttigh an TIGHEARNA.
14
Thug sé ór a ccomhthrom chum na neitheann óir, do nuile ionstruiment do nuile ghné sherbhíse; airgiod mar an gcéadna do nuile ionstruiment airgid le comhthrom, do nuile ionstruiment dá gach uile shórt serbhíse:
15
Eadhon comhthrom chum an choinnleóir óir, agus dá lampadhuibh dór, lé comhthrom dogach éanchoinnleóir, agus dá lampadhuibh: agus do na coinnleoiribh airgid lé comhthrom, don choinnleoir, mar an gcéadna agus dá lampadhuibh, do réir úsaide gach áon choinnléora.
16
Agus lé tomhus thug sé ór chum bórd a naráin taisbeanta, dá gach aon bhórd; agus airgiod mar an gcéadna do na bórduibh airgid:
17
Or fíorghlan mar an ccéadna chum na nádhal, agus chum na mbulladh, agus na ccupán: agus chum na mbáisín órdha thug sé ór tomhuiste chum gach aon bháisín; agus fós airgiod tomhuiste chum gach aon bháisín airgid:
18
Agus chum altóra na túise, ór aithleaghtha lé tomhas; agus ór chum eisiomplára charbuid na cherúbíneach, noch do leathnuigh amach a sciatháin, agus dfolchadar áirc chunnartha an TIGHEARNA.
19
Iadso re chéile arsa Dáibhi, do mhúin an TIGHEARNA dhamhsa a scríbhinn re na láimh orumsa, eadhon uile oibreacha na heisiompláiresi.
20
¶ Agus a dubhairt Dáibhi re Solamh a mhac, Bí láidir agus bíodh meisneach mhaith agad, agus déana é: ná bíodh eagla ort, agus na bí anbhuáineach: óir biáidh an TIGHEARNA Día, eadhon mo Dhíasa, leachd; ní fhailleochuidh sé ort, ní mó thréigfe sé thú, nó go ccríochnuighe tú a nuile obair chum serbhíse thighe an TIGHEARNA.
21
Agus, féuch, cúrsadha na sagart agus na Lebhiteach, chum uile sherbhíse tighe Dé: agus béid agadsa chum gach uile shórt oibre gach éanduine umhal glic, do gach gné sheirbhíse: béid na prionnsadha fós agus an pobal uile air do chomhairle go hiomlán.
← Chapter 27
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 29 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29