bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
1 Chronicles 21
1 Chronicles 21
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 20
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 22 →
1
Agus do sheas Sátan súas a naghaidh Israel, agus do bhrostuidh sé Dáibhi chum Israel do chomháireamh.
2
Agus a dubhairt Dáibhi re Ioab agus re huachdáranuibh an phobail, Eirghidhe, aírmhidh Israel ó Bheerseba go Dan; agus tugaidh a nuibhir chugamsa, chor go mbía a fhios agam.
3
Agus do fhreagair Ioab, Go ndéarna an TIGHEARNA a phobal céadúair níos mó ná atáid: acht, mo thighearna a rígh, nach íad uile serbhísigh an tighearna? uimesin cíodh fa níarran mo thighearna an níse? créd fa mbeith sé na chuis peacaidh Disrael?
4
Gidheadh do bhuádhuigh bríathar an rígh a naghaidh Ioab. Uimesin dimthigh Ioab, agus do chuaidh sé ar feadh Israel, agus tháinic sé go Hierusalem.
5
¶ Agus thug Ioab suim uibhre na ndáoine do Dháibhi. Agus do bhádar do chlainn Israel uile mile do mhíltibh, agus céad míle fear noch do tharruing cloidheamh: agus do Iúdah ceithre chéad agus trí fithchid agus deich mile fear do tharruing cloidheamh.
6
Acht níor áirimh sé Lébhi nó Beniamin na measc. óir do bhí bríathar an rígh adhfhúathmhar ag Ioab.
7
¶ Agus do mhiothaitin an níse re Día; uime sin do bhúail sé Israel.
8
Agus a dubhairt Dáibhi re Día, Do pheacaidh mé go mór, do bhrígh go ndéarna mé an ní so: acht a nois, guidhim thú, cuir éacceart do shearbhfhoghantuigh ar ccúl; óir do rinne mé so go ro mhíchéilligh.
9
¶ Agus do labhair an TIGHEARNA re Gad, féachadóir Dháibhi, gha rádh,
10
Imthigh agus innis do Dháibhi, gha radh, Is marso a deir an TIGHEARNA, Taírgim trí neithe dhuit: beir féin rogha dhíobh, go ndéanuinn riot é.
11
Annsin thaínic Gad go Dáibhi, agus a dubhairt ris, Is mar so a deir an TIGHEARNA, Beír do rogha
12
Ceachdar aca, gorta thrí mblíadhan; nó bheith trí mhí dot sgrios roimhe do naimhde, (an feadh bhéaras cloidheamh do namhad ort); nó fós cloidheamh an TIGHEARNA trí lá, eadhon an phláigh, annsa dúithche, agus aingeal an TIGHEARNA ag marbhadh ar feadh theórann Israel. A nois uimesin déana comhairle cred é an fhreagra bhéaras misi gus an té do chuir úadh mé.
13
Agus a dubhairt Dáibhi ré Gad, Atáim a ccumhgach ro mhóir: tuitim anois a láimh an TIGHEARNA; (óir is ro mhór a thrócaire): agus ná tuitim a láimh duine.
14
¶ Marsín do chuir an TIGHEARNA pláigh air Israel: agus do thuit Disrael seachdmhoghad míle fear.
15
Agus do chuir Día aingeal go Hierusalem da sgrios: agus mar bhí sé agá lérscrios, do chonnairc an TIGHEARNA, agus dob aithreach leis an tolc, agus a dubhairt ris an aingeal do bhí ag milleadh, Is lór sin, connuimh a nois do lámh. Agus do sheas aingeal an TIGHEARNA ag urlár bhúailte Ornan an Iebusíteach.
16
¶ Agus do thóg Dáibhi a shúile súas, agus do chonnairc sé aingeal an TIGHEARNA na sheasamh idir talamh agus neamh, agus cloidheamh táirngthe iona laímh ar na shíneadh amach ós cíonn Ierusalem. Annsin Dáibhi agus sinnsir Israel, noch do bhí foluigh re saicéadach, do thuiteadar air a náighthibh.
17
Agus a dubhairt Dáibhi re Día, nach misi dfúagair an pobal dáireamh? is misi féin do pheacaidh agus do rinne an tolc dharíribh; ach na caoruighse, créd do rinneadar? guidhim thú, a THIGHEARNA mo Dhía, bíodh do lámh orunsa, agus air thigh mathar; achd ná bíodh air do phobal, as a bpíanfuidhe íad.
18
¶ Annsin do aithin aingeal an TIGHEARNA do Ghad a rádh ré Dáibhi, go ttíagh Dáibhi súas, agus altoír do chur suás don TIGHEARNA ar urlár buáilte Ornan an Iebusiteach.
19
Agus do chúaidh Dáibhi súas ar rádh Ghad, noch do labhair sé a nainn an TIGHEARNA.
20
Agus diompóigh Ornan ar ais, agus do chonnairc sé an taingeal; agus a cheathrar mac do bhí na fhochair dolchadar íad féin. Anois do bhí Ornan ag búaladh cruithneachda.
21
Agus ar tteachd do Dháibhi go Hornan, dféach Ornan agus do chomairc sé Dáibhi, agus do chuaídh sé amach as a nurlár búailte, agus dumhluidh sé é feín do Dháibhi lé na ghnúis go talamh.
22
Ann sin a dubhairt Dáibhi reOrnan, Deónuidh dhamhsa a naítsi a nurláir búailte, go ndéarna mé altóir ann don TIGHEARNA: do bheára tú dhamn é ar a lánluách: chor go ccuinneochtar an phláigh ón bpobal.
23
Agus a dubhairt Ornan re Dáibhi, Glac chugad é, agus déanadh mo thighearna an rígh an ní is feárr do chitear dhó: féuch, do bheirim dhuit na daimh mar an gcéadna chum na hofrála loisge, agus na súistighe mar chonnadh, agus an chruithneachd chum na hofrála bídh, bronnuim uile íad.
24
Agus a dubhairt Dáibhi rígh ré Hornan, Ní headh; achd go deimhin ceinneacha mé é air a lánlúach: oír ni ghlacfa mé an ní is leatsa don TIGHEARNA, agus ní oifráilfe mé iodhbuirt loisge gan chostús.
25
Marsin thug Dáibhi do Ornan air a náit sé chéad secel oír a ccomhthrom.
26
Agus do rinne Dáibhi altóir ann sin don TIGHEARNA, agus dofráil sé fodhburtha loisge agus ofrála síothchána, agus do ghoir air an TTIGHEARNA; agus do fhreagair sé ó fhlaitheamhnus é maille re teine air altóir na híodhbartha loisge.
27
Agus dfúagair an TIGHEARNA don naingeal; agus do chuir sé a chloidheamh a steach a rís iona thrúaill.
28
Ann sa namsin a núair do chonnairc Dáibhi gur fhreagair an TIGHEARNA é a nurlár buáilte Ornain an Iebusiteach, ann sin do rinne sá iodhbairt ann.
29
Oír do bhí tabernucuil an TIGHEARNA, noch do rinne Maóise san bhfásach, agus altóir na hofrála loisge, fa namsin annsa náit áird ann Gibeon.
30
Acht níor fhéud Dáibhi dul da lathair dfíafruigh do Dhia: oir do bhi eagla air do bhrígh chloidhimh aingil an TIGHEARNA.
← Chapter 20
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 22 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
Recommended Reading
Commentary
1 Chronicles Commentaries
→
Devotional
1 Chronicles Devotional Guide
→
Get This Bible
Bedell Study Bible
→