bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
1 Chronicles 11
1 Chronicles 11
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 12 →
1
Annsin do chruinnigheadar Israel uile íad feín chum Dáibhi go Hébron, ga rádh, Féuch, Is sinne do chnáimh agus thfeóil.
2
Agus ós a chionn sin, a nallód, eadhon a nuáir do bhí Saul na rígh, ba tusa an té do threóruigheadh a mach agus do bheireadh a steach Israel: agus a dubháirt do THIGHEARNA Día riot, Beathochuidh tú mo phobal Israel, agus biáidh tú ad riaghluigheóir ós cionn mo phobuil Israel.
3
Ar a nadhbharsin thangadar sinnsir Israel uile chum an rígh go Hébron; agus do rinne Dáibhi cunnradh ríu ann Hébron a lathair an TIGHEARNA; agus do ungadar Dáibhi na rígh ós cionn Israel, do réir bhréithre an TIGHEARNA re Samuel.
4
¶ Agus do chuáidh Dáibhi agus Israel uile go Hierusalem, sé sin Iébas; mar a rabhadar na Iebusitigh, dúthchusaigh na tiré.
5
Agus a dubhradar dúthchusaigh Iebus re Dáibhi, Ni thiucfa tú annso. Gidheadh do ghabh Dáibhi caislean Sion, sí sin cathair Dháibhi.
6
Agus a dubhairt Dáibhi, Gidh bé bhúailfios na Iebusitigh ar ttús sé bhus ceann agus captin. Mar sin do chuáidh Ióab mhac Seruiah súas ar tús, agus do bhi sé na úachdarán.
7
Agus do áitreibh Dáibhi annsa chaislean; uime sin, thugadar cathair Dháibhi dainm air.
8
Agus do chuir sé an chathair súas timchioll fá ccúairt, eadhon ó Mhillo fá ccúairt: agus do leasuigh Ioab an chuid oile don chathruigh.
9
Marsin do fhas Dáibhi nios mó agus nios mó: óir do bhí TIGHEARNA na slógh ris.
10
¶ Isíad so mar an gcéadna togha na ndáoine neartmhara do bhí ag Dáibhi, noch do neartuigh íad féin leis annsa rioghachd, agus lé Hisrael uile, do dhéanamh rígh dhé, do reír bhréithre an TIGHEARNA a ttáoibh Israel.
11
Agus síad úibhir na bhfear ccalma do bhí ag Dáibhi; Iasobeam, an Hachmoniteach, ceann na ccaíptíneadh: do thóg sé súas a ghath a naghaidh na ttrí ccéud do marbhadh leis a néinfheachd.
12
Agus na dhiaighsion Eleasar mhac Dódo, an Tahotiteach, noch ba áon don triúr curadh.
13
Do bhí sé a bhfhochair Dháibhi ann Pas‐dammim, agus do chruinnigheadar na Philistinibh, a gcionn a chéile annsin chum catha, mar a raibh preabán fearuinn lán deórna; agus do theitheadar an pobal roimhe na Philistinibh.
14
Agus do shuigheadarsan íad féin a lár an phreabaín sin, agus do thárthuigheadar é, agus do mharbhadarna Philistinigh; agus do thárthuigh an TIGHEARNA íad lé slánughadh mór.
15
Anois do chúaidh triúr don tríochad caiptín síos go ccaruig Dháibhi, go húamhaigh Adullam; agus do shuigheadar slúagh na Bhphilistineach a ngleann Rephaim.
16
Agus do bhí Dáibhi annsin annsa ccaislean, agus do bhí dionlongphort na Bhphilistineach annsin a Mbet‐lehem.
17
Agus do bhí mían ar Dháibhi, agus a dubhairt, Oh nach bhfuil duine agum do bhéuradh dhamh deoch duisge thóbair Bhet‐lehem, noch atá ag an ngeata!
18
Agus do bhriseadar an triúr tré shlúagh na bhphilístineach, agus do thairrngeadar uisge as tobar Bhet‐lehem, noch do bhí láimh ris an ngeata, agus do ghlacadar é, agus thugadar chum Dáibhi é: achd níor bháill lé Dáibhi a ól, achd a dhórtadh amach don TIGHEARNA.
19
Agus a dubhairt sé, Nár léigidh mo Dhía dhamhsa, go ndéanuinn an ní so: a nólfa misi fuil na muinntiresi do chuir a nanam a ccuntabhairt? óir le guáis a mbais thugadar leó é. Uimesin níor bháill leis a ól. Do rinneadar an triúr so fa neartmhuire na neithesi.
20
Agus ba hé Abisai dearbhrathair Ioab, ba oireaghdha don triúr: óir ar ttógbháil a ghath súas dó a naghaídh thrí cceád, do mharbh se íad, agus fúair sé ainm a measg an triúr.
21
Don triúr, bá honóruigh é na an dias; óir do bé a ccaiptín é: ar a shon sin ní ráinic sé an ceád thriúr.
22
Benaiah mhac Iehoiada, mac duine nearthmhur do Chabseel, noch do rinne iomad gníomhradh; do mharbh sé días fear leomhanta do Mhóab: do chúaidh sé síos mar an ccéadna agus do mharbh sé leomhan á cclais lá sneachda.
23
Agus do mharbh sé Egipteach, duíne mor, ann a raibh cúig cubhaid ar airde; agus gath a láimh a Négiptigh mar gharmuin figheadóra; agus do chuáidh sé síos chuige lé bata, agus do tharruing an gath as láimh an Négiptigh, agus do mharbh é le na ghath feín.
24
Do rinne Benaiah mhac Iehoiada na neithesi, agus fúair ainm eidir an ttriúr neartmhuire.
25
Féuch, do bhí sé onórach a measg an tríochuid, achd ní ráinnic sé an ceaidtriúr: agus do chuir Dáibhi ós cíonn a ghárda é.
26
Mar an ccéadna do biad daóine neartmhara na slúagh, Asahel dearbhrathar Ioab, Elhanan mhac Dódo ó Bhetlehem,
27
Sammot an Harariteach, Héles an Peloniteach,
28
Ira mhac Icces an Tecoiteach, Abieser an Tantótiteach,
29
Sibbecai an Husatiteach, Ilai an Tahoiteach,
30
Maharai an Netophatiteach, Héled mhac Baanah an Nétophatiteach,
31
Itái mhac Ribai ó Ghibeah, chloinne Beniamin, Benaiah an Piratoniteach,
32
Hurai ó aibhnibh Gaash, Abiel an Tarbatiteach,
33
Asmabhet an Baharumiteach, Elihaba an Saalboníteach,
34
Mic Hassem an Gisoníteach, Ionatan mhac Shage an Hararíteach,
35
Ahiam mhac Sacar an Hararíteach, Eliphal mhac Ur,
36
Hépher an Mecheratíteach, Ahiiah an Peloniteach,
37
Hesro an Carmelitéach, Naarai mhac Esbai,
38
Ioel dearbhrathair Natan, Mibbar mhac Haggeri,
39
Selec an Tammoníteach, Naharai an Berotiteach, fear iomchair airm Ioab mhic Seruiah,
40
Ira an Titríteach, Gáreb an Titríteach,
41
Uriahan Hitíteach, Sabad Mhac Ahlai,
42
Adina mhac Sisa an Reubeníteach, caiptin do no Reubeníteachaibh, agus tríochad maille ris,
43
Hanan mhac Maacab, agus Iosaphat an Mitniteach,
44
Ussiah an Tasteratiteach, Seama agus Iehic mic Hótan an Taroeríteach,
45
Iediael mhac Simri, agus Ioha a dhearbhrathair, an Tisiteach,
46
Eliel an Mahabhíteach, agus Ieribai, agus Iosabhiah, mic Elnaam, agus Itmah an Moabíteach,
47
Eliel, agus Obed, agus Iasiel an Mesobaiteach.
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 12 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29