bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
1 Chronicles 14
1 Chronicles 14
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 15 →
1
Anois do chuir Híram rígh Tíor teachda go Dáibhi, agus adhmad cédair, maille re sáoruibh cloiche agus saoruibh croinn, do chur tigh suas dó.
2
¶ Agus do thuig Dáibhi gur dhaingnigh an TIGHEARNA é na rígh ós cionn Israel, óir do tógbhadh a rioghachd súas go hárd, ar son a phobail Israel.
3
Agus thug Dáibhi tuilleamh ban chuige ann Ierusalem: agus do ghein Dáibhi tuilleamh mac agus inghean.
4
Anois ís íad so anmanna a chloinne do bhí aige ann Ierusalem; Sammua, agus Sóbab, Nátan, agus Solamh,
5
Agus Ibhar, agus Elisua, agus Elpalet,
6
Agus Nóga, agus Népheg, agus Iaphia,
7
Agus Elisáma, agus Beeliada, agus Eliphalet.
8
¶ Agus a núair do chúaladar na Philistinigh gur hungadh Dáibhi na rígh ós chionn Israel uile, do chúadar na Philistinigh uile súas diarruidh Dháibhi. Agus do chúaluidh Dáibhi sin, agus do chuáidh sé amach na naghaidh.
9
Agus thangadar na Philistinigh agus do leathnuigheadar íad féin a ngleann Rephaim.
10
Agus dfíafruigh Dáibhi do Dhía, dha rádh, An racha mé súas a naghaidh na Bhphilistineach? agus an seachoduigh tusa am láimh íad? Agus á dubhairt an TIGHEARNA ris, Imthigh súas; óir do bhéara mé ad laímh íad.
11
Mar sin thangadar súas go Baal‐perasim; agus do bhúail Dáibhi annsin iad. Annsin a dubhairt Dáibhi, Do bhris Día a steach ar mo námhaid lem laimhsi amhuil briseadh amach na nuisgeadh: ar a nadhbharsin do ghoireadar Baal‐perasim dainm do náitsin.
12
Agus a nuaír do fhágbhadar a ndeé annsin, thug Dáibhi aithne úadh, agus do loisgeadh re teine íad.
13
Agus do leathnuigheadar na Philistinígh íad féin fós a rís amuigh annsa ghleann.
14
Uimesin dfíafruigh Dáibhi a rís do Dhía; agus a dubhairt Día ris, Ná himthigh súas na ndíaigh; fill úadha, agus tárr orra thall as coinne chrann na sméur.
15
Agus is amhluidh bhías, an tan chluinfios tú torann siubhail a mbárr chrann na sméur, annsin racha tú amach chum catha: óir do chuaidh Día romhad amach do bhúaladh slóigh na Bhphilistineach.
16
Uimesin do rinne Dáibhi mar do aithin Día dhe: agus do bbúaileadar slúagh na Bhphilistineach ó Ghibeon air fad go Gáser.
17
Agus do chuáidh Dáibhi amach fá na críochuibh uile; agus thug an TIGHEARNA a eagla air gach uile chrích.
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 15 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29