bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
1 Chronicles 19
1 Chronicles 19
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 18
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 20 →
1
Anois tárla, na dhíaigh so, go bhfuáir Nahás rígh chloinne Ammon bás, agus gur ríoghuidh a mhac iona áit.
2
Agus a dubhairt Dáibhi, Folliseochuidh mé muinnteardhas do Hánun mhac Nahas, do bhrígh gur thaisbéin a athair muinnteardhas damh. Agus do chuir Dáibhi teachda dá chomhfhurtachd do thaobh a athar. Mar sin thangadar muinntir Dháibhi go tír chloinne Ammon go Hánun, dá chomhfhurtachd.
3
Acht a dubhradar prionnsadha chloinne Ammon re Hánun, An sáoilionn tusa go bhfuil onóir ag Dáibhi dot athair, as ar chuir sé luchd comhfhurtachda chugadsa? nach do spíonadh thangadar a sheirbhísigh chugad, agus do mhilleadh, agus do bhrath na tíre?
4
Uime sin do ghlac Hánun muinntir Dháibhi, agus do bhearr sé íad, agus do gheárr sé a néaduigh dhíobh iona lár ós cionn a más, agus do chuir ar siubhal íad.
5
Annsin chúadar dáoine áirigh, agus do innseadar do Dháibhi mar do rinneadh re na mhuinntir. Agus do chuir seision dáoine na coinne: (óir do bhí náire mhór air na fearuibh). Agus a dubhairt an rígh, Fanuidh ann Iericho no go bhfásuid bhur bhféasóga, agus annsin fillidh.
6
¶ Agus an tan do chonncadar clann Ammon go ndéarnadar íad feín fúathmhar ag Dáibhi, do chuir Hánun agus clann Ammon míle tallann airgid dfostógh carbad agus marcshlúagh dhóibh as Mesopotamia, agus as Síria Maachah, agus as Sóbah.
7
Marsin do fhostóigheadar dó air thríochad míle carbad, agus righ Maachah gun a mhuinntir; noch tháinic agus do shuigheadar a slúagh as coinne Mhedeba. Agus do chruinnigheadar clann Ammon íad feín a bhfochair a chéile ó na ccaithreachaibh, agus thangadar chum catha.
8
Agus an tan do chúalaidh Dáibhi sin, do chuir sé Ioab, agus slúagh na ndáoine neartmhar uile úadh.
9
Agus thangadar clann Ammon amach, agus do chuireadar an cath a nórdughadh as coinne gheata na caithreach: achd na ríghthe tháinic do bhádar leó féin san machaire.
10
Anois an tan do chonnairc Ioab gur shuigheadar na choinne an cath roimhe agus na dhiáigh, do thogh sé amach as roighnibh Israel uile, agus do chuir sé a nórdughadh íad a naghaidh na Sírianach.
11
Agus thug se an chuid oile do na dáoinibh a láimh Abisai a dhearbhrathair, agus do chuireadar íad feín a nórdughadh a naghaidh chloinne Ammon.
12
Agus a dubhairt seision, Má bhíd na Sírianuigh ro laídir dhamhsa, annsin cuideocha tusa liom: achd ma bhíd clann Ammon ro láidir dhuitsi, annsin cuideocha misi leachd.
13
Bídhi curata, agus foíllsighiom sinn féin go fearamhuil ar son ar ndáoine, agus ar son chaithreacha ar Ndé: agus déanadh an TIGHEARNA an ní is fearr chítear dhó féin.
14
Agus do dhruid Ióab agus na daoine do bhí iona fhochair as coinne na Sírianach chum catha; agus do theitheadarsan roimhe.
15
Agus an tan do chonncadar clann Ammon gur theitheadar na Sírianuigh, do theitheadar feín mar an ccéadna roimhe Abisai a dhearbhrathair, agus do chúadar a steach don chathruigh. Annsin tháinic Ioab go Hierusalem.
16
¶ Agus an tan do chonneadar na Sírianuigh gur buáileadh le Hísrael íad, dó chuireadar teachda úatha, agus do thairngeadar amach na Sírianuigh do bhí táobh thall don nabhuinn: agus Sóphach caiptín slóigh Hadareser rompa.
17
Agus do hinnseadh sin do Dháibhi; agus do chruinnigh sé Israel uile, agus do chuáidh sé tar Iordan anonn, agus tháinic orra, agus do chuir sé an cath a nórdughadh na naghaidh. Marsin a nuáir do chuir Dáibhi an cath a nórdughadh a naghaidh na Sírianach, do throideadar ris.
18
Acht do theitheadar na Sírianuigh roimhe Israel; agus do mharbh Dáibhi do na Sírianachaibh seachd míle fear noch do throid a ccarbaduibh, agus dhá fhithchiod míle coisigh, agus do mharbh sé Sóphach caiptin an tslóigh.
19
Agus an tan do chonncadar muinntir Hadareser gur buaileadh íad féin roimhe Israel, do rinneadar síothcháin ré Dáibhi, agus do ghéilliodar na serbhíseachaibh dhó: agus níor chuidigheadar na Sírianuigh nios mo ré cloinn Ammon.
← Chapter 18
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 20 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29