bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
1 Chronicles 5
1 Chronicles 5
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 6 →
1
Anois mic Reuben ceidghin Israel, (oir isé rugadh ar ttús; achd, do chionn gur thrúailligh sé leaba a athar, tugadh a cheart oighreachda do mhacaibh Ioseph mhic Israel: agus ní bhfuil an ginealach re áiriomh do réir an cheirtbeartha.
2
Oír do bhúadhuigh Iúdah ós cionn a dhearbhráithreach, agus úadh thangadar na príomhúachdaráin; acht budh le Ioseph an ceirtbeartha.)
3
Dob íad mic Reuben, a deirim, céidghin Israel, Hanoch, agus Pallu, Hesron, agus Carmi.
4
Mic Ioel; Semaiah a mhac sin, Gog a mhac sin, Simei a mhac sin,
5
Micah a mhac sin, Reaiah a mhac sin, Baal a mhac sin,
6
Beerah a mhac sin, noch rug Tilgat‐Pilneser rígh na Hassíria leis a láimh: do bhí sé na phrionnsa air na Reubenitibh.
7
Agus a dhearbhraithre do réir a muinntear, a núair do háirmheadh ginealach a ngeineamhna, dob íad dob éifeachduigh, Ieiel agus Sechariah.
8
Agus Bélas mhac Asas, mhic Sema, mhic Ioel, noch do rinne comhnuidhe ann Aroer, air fad go nuige Nébo agus Baalmeon:
9
Agus do áitigh sé don taóibh shoir go dul a steach an nfásaigh ó nabhuinn Euphrátes: do bhrígh gur fhoirlíonadar a náirnéis a bhfearann Gileád.
10
Agus a láethibh Shauil do rinneadar cogadh ris na Hagaríteachaibh, noch do thuit lé na láimh: agus do chomhnuigheadar iona lóistínibh ar feadh uile fhearuinn Ghíleád budh shoír.
11
¶ Agus do áitreabhadar clann Ghad as a ccomhair thall, a bhfearann Básan go nuige Salcah:
12
Ioel an tí bá féarr, agus Sapham na dhiáigh, agus Iaanai, agus Saphat ann Básan.
13
Agus dob íad a ndearbhráithre do thigh a naithread, Michael, agus Mesullam, agus Séba, agus Iorai, agus Iachan, agus Sia, agus Heber, móirsheisior.
14
Is íad so clann Abihail mhic Húri, mhic Iaroah, mhic Gíleád, mhic Michael, mhic Iesisai, mhic Iahdo, mhic Bus;
15
Ahi mhac Abdiel, mhic Gúni, bá ceann tighe a naithreadh.
16
Agus do áitreabhadar a Ngílead ann Básan, agus íona bhailtibh, agus taobh amuich do bhalladhuibh Sháron, ar a nimioluibh.
17
Do háirmheadh íad so uile lé ginealachaibh a láethibh Iotam rígh Iúdah, agus a láethibh Ieroboam rígh Israel.
18
¶ Mic Reuben, agus na Gadítigh, agus leiththreabh Mhanasseh, do dhaóinibh cródha, cumhachdacha chum sgéithe agus cloidhimh diomchar, agus chum lámhuigh as bogha, agus éolach a ccogadh, do bhádar ceathrachad agus ceithre mhíle seachd ccéud agus trí fithchid, do chúaidh amach chum cogaidh.
19
Agus do rinneadar cogadh ris na Hagaríteachaibh, re Ietur, agus Nephis, agus Nódab.
20
Agus do cuidigheadh léo na naghaidh, agus do seachadadh na Hagarítigh iona láimh, agus a nuile dhuine dá raibh na bhfochair: Oír do éigheadar chum Dé annsa chath, agus do áontuigh sé léo; do bhrígh gur chuireadar a ndóigh ann.
21
Agus rugadar a náirnéis léo; dá ccámhalluibh cáogad míle, agus do cháorchaibh dhá chéud agus cáogad míle, agus do assaluíbh dhá mhíle, agus do dhaóinibh céud míle.
22
Oír do thuit mórán díobh marbh, do bhrígh gurob ó Dhía do bhí an cogadh. Agus dfanadar iona náitibh go ham na dáoirsine.
23
¶ Agus do áitreabhadar clann leiththreibhe Mhanasseh annsa dúithche: dfásadar ó Bhasan go Baal‐hermon agus go Senir, agus go slíabh Hermon.
24
Agus dob íad so cinn tighe a naithreadh, eadhon Epher, agus Issi, agus Eliel, agus Asriel, agus Ieremiah, agus Hodabhiah agus Iahdiel, daoine neartmhara a ngaisgidh, daóine oirdhearca, agus cinn tighe a naithreadh.
25
¶ Agus do pheacuigheadar a naghaidh Dé a naithreadh, agus do chúadar do stríopachus a ndiaigh deé dhaóine na tíre, noch do scrios Dia rompa san.
26
Agus do chorruigh Día Israel súas, spiorad Phul rígh na Hassíria, agus spriorad Thilgat‐pilneser rígh na Hassíria, agus rug sé leis íad, (eadhon na Reubenítigh, agus na Gadítigh, agus leiththreabh Mhanasseh), agus thug leis íad go Hálah, agus go Hábor, agus go Hára, agus go sruth Gosan gus a niugh.
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 6 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29