bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
1 Chronicles 27
1 Chronicles 27
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 26
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 28 →
1
Anois clanna Israel do réir a nuibhre, na príomhaithre agus caiptínigh milteadh agus céud, agus a noifigidh do rinne serbhís don rígh a ccúis ar bith do na cúrsadhuibh, noch thíagh a steach agus dimthigheadh amach ó mhí go mí ar feadh mhíos na blíadhna uile, do bhí ann gach áonchúrsa dhíobh ceithre mhíle fhithchiot.
2
Os cionn an chéad chúrsa na céad mhiosa do bhí Iassobéam mhac Sabdiel: agus do bhí iona chúrsa sin ceithre mhíle fithchiot.
3
Bá do chloinn Peres an tárdchaiptín ar chaiptinibh an tslóigh ar son na céad mhíosa.
4
Agus ós cionn chúrsa an dara míos do bhí Dódai an Tahohiteah, agus fós do bé Miclot úachdárán a chúrsasan: mar an ccéadna ann a chúrsa do bhí ceithre mhile fhithchiot.
5
Do bé tréas caíptin an tslúagh air a treas mí Benaiah mhac Iehoiada, árdshagart: agus iona chúrsasan ceithre mhíle fhithchiot.
6
Is é so an Benaiah, noch do bhí neartmhar a meásg an tríochaid, agus ós cionn an tríochaid: agus ann a chúrsasan Ammisabad a mhac.
7
Do bé an ceathramhadh caiptin air an cceathramhadh mí Asahel dearbhrathair Ioab, agus Sebadiah a mhac na dhiáigh: agus iona chúrsasan ceithre mhile fhithchiot.
8
Do bé an cúigeadh cáiptín air a ccúigeadh mí Samut an Tisrahíteach: agus iona chúrsasan ceithre mhíle fhithchiot.
9
Do bé an seiseadh cáiptin air a seiseadh mí Ira mhac Icces an Tecoiteach: agus iona chúrsasan ceithre mhúe fhithchiot.
10
Do bé an seachdmhadh caiptín air a seachdmhadh mí, Heles an Peloniteach do chloinn Ephraim: agus iona chúrsasan ceithre mhíle fhithchiot.
11
Do bé an tochdmhadh caiptín air a nochdmhadh mí, Sibbecai an Hussatiteach, do na Sarhiteachaibh: agus iona chúrsasan ceithre mhíle fhithchiot.
12
Do bé an náomhadh caiptín ar an náomhadh mhí Abieser an Tanetotiteach, do na Beniamíteachaibh: agus iona chúrsasan ceithre mhíle fhithchiot.
13
Do bé an deachmhadh caiptín ar a deachmhadh mí, Maharai an Netophatíteach, do na Sarhiteachaibh: agus iona chúrsasan ceithre mhíle fhithchiot.
14
Do bé an táonmhadh caiptín déag ar a náonmhadh mí déag Benaiah an Piratoniteach, do chloinn Ephraim: agus iona chúrsasan ceithre mhíle fhithchiot.
15
Do bé an dara caiptín déag ar an dara mí déag, Heldai an Netophatiteach, ó Otniel: agus iona chúrsasan ceithre mhíle fhithchiot.
16
¶ Tuilleamh oile ós chíonnth reabha Israel: do bé uachdarán na Reubeníteach Elieser mhac Sichri: na Simeoniteach, Sephatiah mhac Maachah:
17
Do na Lebhiteach, Hassabiah mhac Cemuel: do na Naaróniteach, Sadoc:
18
Do Iudah, Elihu, aon do dhearbhráithribh Dháibhi: do Issachar, Omri mhac Michael:
19
Do Shebulun, Ismaiah mhac Obadiah; do Naphtali, Ierimot mhac Asriel:
20
Do chloinn Ephraim, Hoséa mhac Asasiah: do leiththreibh Mhanasseh, Ioel mhac Pedaiah:
21
Do leiththreibh Mhanasseh ann Gílead, Iddo mhac Sechariah: do Bheniamin, Iaasiel mhac Abner:
22
Do Dhan, Asariel mhac Ieroham. Ag só prionnsadha threabha Israel.
23
Acht níor ghabh Dáibhi a nuibhir ó aois fhithchiod blíadhan agus faói: do bhrígh go ndubhairt an TIGHEARNA go líonfadh sé Israel amhuil réulta nimhe.
24
Do thosuigh Ioab mhac Seruiah ar áireamh, achd níor chríochnuigh sé, do bhrígh gur fhás fearg thríd sin a naghaidh Israel; ní mó do cuireadh a nuibhir a ccúntas chroinice Dháibhi rígh.
25
¶ Agus ós cionn ionnmhusa an rígh do bhí Asmabhet mhac Adiel: agus do bhí Iehonatan mhac Ussiah ós cionn tighe an stórúis annsna machairighibh, annsna caithreachaibh, agus annsna bailtibh, agus annsna caisléanuibh:
26
Agus do bhí Esri mhac Chelub ós cionn na muinntire do rinne obair an mhachaire do sháothrughadh na talmhan:
27
Agus ós cionn na bhfíneamhnach do bhí Simei an Ramatiteach: do bhí, Sabdi an Siphmíteach ós cionn bhisig na bhfíneamhnach do na soiléaruibh fíona:
28
Agus do bhí Baal‐hanan an Gederiteach ós cionn na ccrann ola agus na ccrann Sicomór noch do bhí annsna réitibh iachdracha: agus do bhí Ioás ós chíonn soiléur na hola.
29
Agus do bhí Sitrai an Saroníteach ós cionn na sealbhann do bhí air féur a Sáron: agus do bhí Shaphat mhac Adlai os cionn na sealbhann do bhí sna gleantaibh:
30
Os cionn na ccámhall mar an ccéadna do bhí Obil an Tismeeliteach: agus ós cionn na nassal do bhí Iehdeiah an Meroniteach:
31
Agus ós cionn na ttréud do bhí Iasis an Hageríteach. Dob iadso uile feadhmannuighe maóine Dháibhi rígh.
32
Mar an gcéadna Ionatan dearbhrathaír athar Dháibhi do bhí sé na chomhairleach, na dhuine críonna, agus na scribhneóir: agus do bhí Iehiel mhac Hachmon a bhfochair mhac an rígh.
33
Agus do bé Ahitophel comhairleach an rígh: agus Hussai an Tarchiteach fa companach don rígh.
34
Agus a ndiáigh Ahitophel do bhí Iehoiada mhac Benaiah, agus Abiathar; agus do bé Ioab ríghfhéinnidh shlóigh an rígh.
← Chapter 26
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 28 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29