bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Ecclesiastes 1
Ecclesiastes 1
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 2 →
1
Briathra an tseanmontuigh, mac Dháibhi, rígh Ierusalem.
2
Díomhaóineas na ndíomhaóineas, ar an seanmontuigh, díomhaóineas na ndíomhaóineas; is diomhaóineas a nuile ní.
3
Cred an tarbha atá ag duine iona uile shaothar do ní sé fan ngréin?
4
¶ Imthighidh ginealach, agus thig ginealach oile: acht fanuidh an talamh go siorruidhe.
5
Eírghidh an ghrían fós, agus théid an ghrían faói, agus deithfrighidh sé gus a náit as ar éirigh sé.
6
Théid an ghaóth leath ris an ttáobh ó dheas, agus fillídh sí fa gcuáirt chum an tuáisceirt; iománuighsí timchioll fa gcuáirt do ghnáth, agus iompoighidh an gháoth aris do réir a cúarta.
7
Riothuid na huile shrotha chum na fairge; gidheadh ní bhí a nfairge lán; as a náit a ttangadar na srotha, chuigesin fillid a rís.
8
Atáid na huile neithe lán do sháothar, ní fhéadann duine a innisin: ní sástar an tsúil se faicsin, nó an chlúas le cluinsion.
9
¶ An ní do bhí, sé sin an ní bhías; agus an ní do rinneadh sé sin an ní do dheantar: agus ní bhfuil ní núadh ar bith fán ngréin.
10
An bhfuil ní ar bith re ar féidir a rádh, Féuch, atá so núadh? do bhí sé ann cheana ón tseanaimsir, do bhí romhuinn.
11
Ní bhí cuimhne ar bith ar na seinneithibh; ní mó bhías cuimhne ar na neithibh atá ag teacht ag an dream thiucfas na ndiaigh.
12
¶ Misi an seanmontuigh do bhí mé am rígh air Israel ann Ierusalem.
13
Agus thug mé mo chroidhe do spíonadh agus díarruidh eagna a ttáobh gach aoinneithe da ndéantar fáoi neamh: thug Día an saothar doilghe so do mhacaibh an duine dá mbuáidhreadh leis.
14
Do chonnairc mé na huile oibreacha dá ndéarnadh fán ngréin; agus, féuch, is díomhaóin uile íad agus buáidhreadh spioraide.
15
An ní atá cam ní héidir a dhéanamh díreach: agus an ní atá duireasbhuigh ni héidir a áireamh.
16
Do chomhráidh mé rem chróidhe féin, gha rádh, Féuch, tháinic mé chum tábhachta móire, agus is mó fuáir mé deagna ná a ttáinic romham uile an Ierusalem: do chonnairc mo chroidhe fós, mórán gliocuis agus eagna.
17
Agus thug mé mo chroidhe dfagháil éolus na heagna, agus daithne buile agus leimhe: do thuig mé gur bhuáidhreadh spioraide so mar an gcéadna.
18
Oír bí iomarcaigh doilghis a niomarcuigh na heagna: agus an té mhéuduighios éolus méaduigh sé dóbhrón.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12