bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Ecclesiastes 4
Ecclesiastes 4
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 5 →
1
Marsin dfill mé, agus do mheas mé a nuile leathtrom do níthear fá ngréin: agus féuch déora na druinge do bhí fa leathtrom, agus ní raibh cabhárthach aca; agus air tháobh na muinntire do rinne léathtrom orra do bhí neart; achd ní raibh cabharthach air bith acasan.
2
Uimesin do mhol mé na mairbh do ehúaidh déag cheana ní sa mhó ná an droug atá béo fós.
3
Achd, is féarr na íad aráon, an té nach ttáinic fós, nach bhfacaidh an droichghníomh do nithear faói an ngréin.
4
¶ Do mheas mé a rís, gach uile sháothar, agus gach uile obair cheart, gurab air a shonso thnúthuighios duine re na chomharsain. Is díomhaóineas so fós agus buáidhreadh spioraide.
5
¶ Fillidh a nóinmhidh a lámha fá chéile, agus ithidh a fheóil féin.
6
Is féarr lán duirn le suáimhneas, ná an dá láimh lán lé sáothar agus le buáidhreadh spioraide.
7
¶ Annsin diompoigh mé, agus do chonnairc mé díomhaóineas fáoi an ngréin.
8
Atá áon amhain ann, agus ní bhfuil a leithéid eile; ni bhfuil fós leanabh nó dearbhrathair aige: gidheadh ní bhí críoch air a shaothar eile; agus ní shástar a shúil ré saidhbhrios; ní mo a deir sé, Cía dhá bhfuilim ag sáothrughadh, agus dá seachnuim manam ar mhaith? Is díomhaóineas so fós, agus, is drochsháothar é.
9
¶ Is féarr días nó aon duine; do bhrígh go bhfuil luáigheacht mhaith aca ar son a sáothair.
10
Oír má thuitid síad, toigeobhuidh an fear oile a chompánach: acht a mhairg don té bhíos na áonar a nuáir thuitios sé; óir ní bhí duine oile aige do chungnamh a thógtha súas.
11
A rís, má luighionn días a bhfochair a chéile, annsin biáidh síad te: acht cionnus fhéadas duine na aonar a bheith té.
12
Agus má bhuáidhionn áon na agháidh, seasfuid días leis; an ní furas córda fillte trí huáire do bhriseadh.
13
¶ Is féarr leanabh bocht agus críonna ná rígh seannda amadánach, nach géabha teagasg ní sa mhó.
14
Oír is as príosún thig seision do ríoghadh; an té fós beirthior iona rioghacht fásuigh sé bocht.
15
Do mheas mé a nuile ní béo noch shiubhlus fan ngréin, ris an dara leanabh sheasfas súas iona áit.
16
Ní bhfuil críoch air an bpobal uile, do nuile dá raibh rompa: an mhéid fós thiucfas na ndiáigh ní dhéanaid gáirdeáchus annsan. Go deimhin fós is díomhaóinios so agus buáidhreadh spioraide.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12