bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Ecclesiastes 5
Ecclesiastes 5
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 6 →
1
Coinnimh do chos a nuair rachus tú go tigh Dé, agus go madh réidhe bhias tú do chluinsion, ná do thabhairt íodhbartha na namadán uáit: óir ní mheasuid síad go ndéanuid olc.
2
Ná bí obann le do bhéal, agus ná bíodh do chroidhe lúath do labhairt éinneithe a lathair Dé: óir atá Día air neamh, agus atá tusa air talamh: uimesin go má tearc do bhríathra.
3
Oír thig aisling tre iomad na ngnothuigheadh; agus aitheantar guth a namadáin lé hiomad na mbríathra.
4
A nuáir do bhéarus tú móid do Dhía, ná cuir cáirde air a díol; óir ní bhfuil dúil aige annsna hamadánuibh: íoc an ní do mhóidigh tú.
5
Is féarr dhuit gan móid do thabhairt, ná móid do thabhairt agus gan a comhall.
6
Ná léig lé do bhéul a thábhairt ar thfeóil peacughadh; agus na habair a lathair a naingil, gurab earráid é: créd as a mbeith fearg ar Dhía fa do ghlórsa, agus obair do lámh do mhilleadh?
7
Oír a niomad na naislingeadh agus a niomad na mbríathar atá iomad díomhaoinis: acht bíodh eagla fós Dé ortsa.
8
¶ Má chí tú fóirneart air an mbocht, agus cláonadh éigiontach breitheamhnuis agus ceirt a bproibhinnse, ná bíodh iongnadh agad annsa chúis: óir airighidh an té is airde ná an té is ro áirde: agus atá ann ní is áirde ná íadsan.
9
¶ Tuilleamh oile; is fa choinne gach aónduine atá tarbha na tahnhan: do ní an machaire seirbhís den rígh féin.
10
An té ghrádhuighios airgiod ní sástar lé hairgiod é; nó an té ghrádhuighios iomarcaigh ré bíseach: is díomhaóineas so mar an gcéadna.
11
A nuáir fhásas an mhaóin, fásuigh an lucht ithios é: agus cred é an mhaith don tí ler leis íad, acht a bhfeithiomh amháin lé na súilibh?
12
Is milis codladh an tsáothruighthe, madh beag nó mór íosas sé: acht ní léigionn a niomadamhlacht don tsaidhbhir codladh.
13
Atá olc romhór do chonnairc mé faói an ngréin, saidhbhris dá thaisgidh don droing ler leis é chum a ndochair féin.
14
Acht imthighe an saidhbhrios sin seachad le drochsháothrughadh: agus ginidh seision mac, agus ní bhíonn éainní iona láimh.
15
Mar tháinic sé amach as broinn a mhathar, fillfidh sé tárrnochd dimtheacht mar tháinic sé, agus ní bhéara sé eínni dha sháothar, do bhéaradh sé leis iona láimh.
16
Agus is géar an tolcsa mar an gcéadna: air an mhodh céadna a ttáinic sé, go nimtheocha sé amhluigh: agus cred é an sochar atá ag an té do sháothruigh ní don ghaóith?
17
Ar feadh a uile láetheadh ithidh sé a ndorchadas, agus bí sé lán do dhóbrón agus dfeirg ré na easláinte.
18
¶ Féuch an ní sin do chonnairc misi: is maith agus is breádha do dhuine ithe agus ól, agus sólásughadh a maíth a sháothair uile noch ghlacas sé faói an ngréin air feadh uile laethe a sháoghail, noch do bheir Día dhó: óir isé sin a chuid ronna.
19
Gach uile dhuine fós dá ttug Día saidhbhrios agus maóin, agus dá ttug sé cumhachta íthe dhe, agus a chomhroinn do ghlacadh, agus sólásughadh ann a sháothar; sé so tiodhlacadh Dé.
20
Oír ní mór chuimhneochus sé láethe a sháoghail; do bhrígh gur fhreagair Día é a sólás a chroidhe.
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 6 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12