bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Ecclesiastes 12
Ecclesiastes 12
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 11
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
1
Cuimhnigh a nois do Chruthaightheóir a láethibh hóige, suil thiocfuid na drochláethe, nó dhruidfid na blíadhna ríot, a naibeora tú, Ni bhfuil sólás air bith agam iontadh;
2
An fad nach bía an ghrían, nó an solus, nó an ghealach, nó na réulta, dorchaidhthe, nó nach bhfillid na néulla tar éis fearthanna:
3
Ann sa ló a ccriothnochuid coimhéaduighthe an tighe, agus a ccláonfuid na daóine láidre íad féin, agus a scuirfid na meillteóirigh do bhrígh go bhfuilid tearc, agus an drong fhéuchas amach annsna fuinnéogaibh go mbíd dorchaidhthe,
4
Agus go ndruidfighthear na doirsi annsna sráidibh, a nuáir bhios fuáim na meilte ísiol, agus go néireocha sé súas lé guth a néin, agus go ttiubharthar uile ingheana an cheóil go hísiol;
5
A nuáir fós bhías eagla orra ó ní árd, agus ó chritheagal annsa tslighe, agus bhláitheochus an crann almonda, agus go madh húalach an dréollán teasbhuidh, agus fhailleochus an fonn: do bhrígh go ttéid an duine go háit a sháoghail, agus go ttéid na cumhthuigh timchioll na sráideann:
6
No suil sgaóilfidhthear an córda airgid, nó brisfighthior an bulla órdha, nó bhías an meadar briste ag an ttobar, nó an roith briste ag an ttiubruid.
7
Annsin fillfidh an luáithreadh chum na críadh már do bhí sé: agus fillfidh an spiorad chum Dé noch thug úadh é.
8
¶ Díomhaóineas na ndíomhaóineas, ar an seanmóntuigh; is díomhaóineas a nuile.
9
Agus tuilleamh fós, do bhrígh go raibh an seanmóntuigh glic, do mhúin sé éolus do ghnáth don phobal; thug sé fós aire mhaith, agus do spíon sé amach, agus do chuir móran seanfhocal a nórdughadh.
10
Do thairg an seanmóntuighe briathra toghtha dfagháil amach: agus an ní do scríobhadh do bhí sé díreach, bríathra na fírinne.
11
Atáid bríathra a neagnuidh amhuil cleatha, agus amhuil tairngidh ar na ndaingniughadh ré maighistribh na noireachtas, noch do bheirthior ó áon tréaduighe amháin.
12
Agus tuilliomh, a mhic, maille riu so, gabh múnadh: ní bhí críoch air iomad leabhar do dhéanamh; agus is cuirthe do nfeóil iomad an stuidéir.
13
¶ Cluinmíd críoch na cúise uile: Eagluigh Día, agus coimhéad a aitheanta: óir sé so iomlán an duine.
14
Oír do bhéaruidh Día gach uile obair chum breitheamhnuis, maille re gach uile ní secréideach, mas maith, ná mas olc é.
← Chapter 11
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12