bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Ecclesiastes 7
Ecclesiastes 7
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 8 →
1
Is féarr ainm maith ná ola mhórluáigh agus lá an bháis ná ló an bheirthe.
2
¶ Is féarr dul go tigh an doilghis ná, dul go tigh a nféasta: óir isé sin críoch dheighionach gach áonduine; agus cuirfidh an béo le na chroidhe é.
3
Is féarr doilghios ná gáire: óir le dubhachus na gnúisi do nithear an croidhe ní is féarr.
4
Bí croidhe a neagnuigh a ttigh na cumhadh; acht bíd croidhthe na namadán a ttigh an tsubhachuis.
5
Is féarr éisteachd re hachmhusán a neagnuidh, ná do dhuine éisteachd re habhrán na namadán.
6
Oír amhuil briosgarnach na ndos faói phota, is mairsin bhíos gáire a namadáin: is diomhaoineas so mar an ccéadna.
7
¶ Go deimhin cuiridh leathtrom, duine críonna ar buile; agus millidh tiodhlacadh an croídhe.
8
Is féarr críoch dheighionach neithe ná a thosach: agus is féarr an foighideach a spioraid ná an tuaibhreach a spioraid.
9
Ná bí deithniosach ann do spioraid chum feirge: óir comhnuighidh a nfearg a mbrollach na namadáin.
10
Ná habair, Cred an fáth a rabhadar na láethe roimhe ní is féarr ná iadso? óir ni glic dhuit so dfíafruighe.
11
¶ Is maith a neagna maille re hoighreacht: agus bí a tharbha ag an mhéid do chí an ghrían.
12
Oír is sgáile a neagna, agus is cumhdach an tairgiod: acht isé dearscnughadh a néoluis, go ttabhair a neagna sáoghal don druing agá mbí sí.
13
Meas obair Dé: óir cía fhéadas sin do dhéanamh direach, noch do rinne seision cam?
14
Bí lúathgháireach a ló do shonuis, acht meas a ló do dhonuis: do chuir Día féin so na aghaidh súd, an chor nach bhfuigheadh duine aoinní na dhiáigh.
15
Do chonnairc mé na huile neithe a laéthibh mo dhíomhaóinís: bí duine fíréanta thuitios iona ionnracas, agus bí drochdhuine fhaduighios a laéthe iona olc.
16
Na bí ceart go ro iomarcach; agus ná déana thú féin ro chríonna: créd as a millfá thú féin?
17
Ná bí go ro olc, agus na bí amadánach: créd as a néagfa roimhe ham?
18
Is maith dhuit greim do bhreith airso; úadhso fós, na tarruing do lámh: óir an te ar a mbí eagla Dé tiucfuidh sé asta amach uile.
19
Neartuigh an gliocus duine crionna ní is mó ná deithneamhar do dhaoinibh cumhachtacha atá annsa chathruigh.
20
Oír ní bhfuil duine fíréanta air an ttalamh do ní maith, agus nach bpeacuighionn.
21
Ná tabhair aire fós do gach áonfhocal dá laibheorthar; deagla go ccluinfea do shearbhfhoghantuighe dot mhallughadh:
22
Oír is minic fós bhíos a fhios ag do chroidhe gur mhalluigh tú féin amhluidhsin daóine oile.
23
¶ Le heagna do dhearbh mé so uile: a dubhairt mé, Biáidh mé glic; acht dob fhada sin uáim.
24
An ni sin atá ro fhada uáim, atá ro dhomhuin, cia fhéadus a thuicsin?
25
¶ Thug mé mo chroidhe dfagháil eoluis, agus do spíonadh, agus díarruidh eagna, agus réusuin neitheadh, agus dfios urchoide na leimhe, eadhon na hamadánachda agus na buile:
26
Agus do gheibhim ní is seirbhe ná an bás an bhean, ag ar paintéir agus líonta a croidhe, a lámh amhuil géibhionn: gidh bé do ní toil Dé rachaidh sé as uáithe; acht géabhthar an peacach lé.
27
Féuch, fúair mé so, (ar an seanmontuigh), ag meas gach aón lé haón, dfaghail fheasa na céille amach:
28
Noch atá manam díarruidh fós, acht ní fhaghaim é: fuáir mé aóinfhear a measg míle; acht bean na measg sin uile ní bhfuáir mé.
29
Féuch, ag so amháin fuáir mé, go ndéarnuidh Día an duine fíréanta; acht díarradar féin iomad smuáintighthe amach.
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 8 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12