bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Ecclesiastes 2
Ecclesiastes 2
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 3 →
1
A Dubhairt mé ann mo chroidhe, Faicim anois, deirbheochuidh mé thú le subhachus, uimesin bíodh aóibhneas agad: agus, féuch, is díomhaóineas so mar an ccéadna.
2
A dubhairt mé a ttáobh an gháire, Atá sé ar buile: agus fan tsúgradh, Cred dá bhfoghnann sé?
3
Díarr mé ann mo chroidhe mé féin do thabhairt dfíon, (achd ag cur dúil mo chroidhe ar eagna); agus greim do ghlacadh don leimhe, nó go bhfaicinn cred budh maith do mhacaibh na ndáoine, do dhéanaidís faói neamh ar feadh uile láethe a mbeatha.
4
Do rinne mé dhamh féin oibreacha móra; do chuir mé tighthe súas damh; do phlannduigh mé lubhghoirt fhíneamhna dhamh féin:
5
Do rinne mé gáirdíne agus ubhallghuirt damh féin, agus do phlannduigh mé croinn ionnta do nuile shórt toruidh:
6
Do rinne mé locháin uisge dhamh, do fhliuchadh na fiodhbhuidhe léo as a ttigeadh croinn:
7
Fuáir mé seirbhísigh agus cailínighe dhamh, agus rugadh seirbhísigh ann mo thigh; do bhádar fós sealbha móra dáirnéis mhóir agus bhig agam ós cionn a nuile dhuine dá raibh ann Ierusalem romham:
8
Do chruinnigh mé dhamh féin airgiod agus ór, agus ionnmhus spesialta na ríogh agus na bproibhinnseadh: fuáir mé dhamh féin fir cheóil agus mná ceóil, agus áoibhneas mhac na ndaóine, mar atáid adhbha chiúil, agus sin do nuile shórt.
9
Marsin do bhí mé mór, agus dfás mé ní is mó ná a nuile dhuine do bhí romham ann Ierusalem: dfan fós mo ghliocus agam.
10
Agus gidh bé ní do shantuigheadar mo shúile, níor chonnaimh mé úatha é, níor chonnuimh mé mo chroidhe ó shólás ar bith; óir do ghairdigh mo chroidhe ann muile sháothar: agus do bé so mo chuid dom sháothar uile.
11
Annsin dféuch mé air a nuile obair dá ndéarnadar mo lámha, agus air an tsáothar do oibrigh mé do dhéanamh: agus, féuch, do bhí sé uile na dhíomhaóineas agus na bhuáidhreadh spioraide, agus ní raibh tarbha faói an ngréin ann.
12
¶ Agus diompoigh mé mé féin do mheas gliocuis, agus buile, agus leimhe: óir cred fhéadas an duine do dhéanamh thig a ndiáigh an rígh? an ni chéadna do roinneadh roimhe.
13
Annsin do chonnairc mé go sáruighionn gliocus an leimhe, mar sháruighios solus an dorchadus.
14
Bíd súile an duine ghlic iona chionn; acht siubhluigh an tamadán san dorchadus: agus maille ris sin do thuig misi gur bhionann críoch dheighionach dhóibh uile.
15
Annsin a dubhairt mé ann mo chroidhe, Mar theagmhas don namadán, is mairsin féin theagmhas damhsa; agus uimesin cread as a raibh mé ní sa glioca? Annsin a dubhairt mé ann mo chroidhe, gur diomhaoineas so mar an gcéadna,
16
Oir ní bhí cuimhne ar bith ar an duine nglic ni sa mhó na ar a namadán go síorruidhe; ó bhíos an ní atá anois ann ar na dhearmad annsna láethibh atá ag teacht. Agus cionnus éugus an glic? mar a namadán.
17
Uimesin dfúathuigh mé an beatha; do bhrígh an tsáothair oibrighthior faói an ngréin gur doiligh dhamhsa é: óir is diomhaoineas a nuile ní agus buáidhreadh spioraide.
18
¶ Fós, dfúathaigh mé muile shaothar noch fuáir mé faói an ngréin: do bhrígh go bhfúigfinn é ag an té do thiucfagh am dhiáigh.
19
Agus cía dhar fiós an mbía sé na dhuine chríonna ná na amadán? acht cheana biáidh úachtaránacht aige ós cionn mo sháothairsi uile ionar sáothruigh mé, agus ionar fhoillsigh mé mé féin glic faói an nghréin. Is díomhaóineas so mar an ccéadna
20
Ar a nadhbharsin do chuir mé romham mo chroidhe do tharruing tar ais ó nuile sháothar fuair mé faói an ngréin.
21
Oír bí duine ann agá mbí a sháothar a ccríonnacht, agus a néolus, agus a ccomhthrom; gidheadh is ag an duine nar sháothruigh annsin fhúigfios sé é na chuid ronna. Is díomhaóineas so fós agus olc mór.
22
Oír cred atá ag duine dha uile sháothar, agus dá bhuáidhreadh croidhe, iona bhfuáir sé sáothar fan ngrein?
23
Oír is doilghiosa a láethe uile, agus is dóbhrón a shaothar; ní ghlacann fós, a chroidhe suáimhneas san noidhche. Is díomhaóineas so mar an ccéadna.
24
¶ Ni bhfuil ní ann is féarr do dhuine, ná ithe agus ól, agus áoibhneas do thabhairt da anum ann a sháothar. Do chonnairc mé so amhluidh, gur ab ó láimh Dé thig sé.
25
Oír cía fhéadas ithe, nó cía eile fhéadas deithfriúghadh chuige, nísa mó ná misi?
26
Oír do bheir Día don duine an ní is maith iona radharc eagna, agus éolus, agus sólás: acht don pheacach do bheir sé sáothar, do chruinniughadh agus do chur ar muin a chéile, chor go ttiubhradh don té is maith a bhfiadhnuise Dé. Is díomhaóineas so fós agus buáidhreadh spioraide.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
Recommended Reading
Commentary
Ecclesiastes Commentaries
→
Devotional
Ecclesiastes Devotional Guide
→
Get This Bible
Bedell Study Bible
→