bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Ecclesiastes 8
Ecclesiastes 8
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 9 →
1
Cia atá mar a neagnuidhe? agus cia dhar fios cíall neithe? do bheir eagna an duine air a ghnúis déallrughadh, agus athrochar dánacht a aighthe,
2
¶ Comhairlighim dhuit aithne an rígh do choimhéad, agus sin ar son mhionna Dé.
3
Ná bíodh deithfir ort do dhul as a radharc: ná seas a ndroichní; óir do ní seision an ní is áill leis féin.
4
Mar a mbí focal an rígh, bí cumhacht: agus cía fhéadas a rádh ris, Cred é sin do ní tú?
5
Gidh bé choimhlionas a naithne ní mhothochuidh sé droichní ar bith: agus bí fios aimsire agus breitheamhnuis ag croidhe an duine ghlic.
6
Do bhrígh go bhfuil ag gach uile thionnsgnamh am agus breitheamhnus, uime sin is trom trúaighmhéile an duine air féin.
7
Oír ní fheidir sé ann ní bhías ann: óir cía fhéadas a innisin do ca huáir bhías sé ann?
8
¶ Ní bhfuil duine ar bith agá bhfuil cumhacht air an spioraid chum a spioraide dfostogh; ní mó atá cumhacht aige a ló an bháis: agus ní bhfuil deaghailt aige annsa ccogadh sin; ní mó sháorfas an tolc an drong do bheir íad féin dó.
9
Do chonairc mé so oile, agus thug mé mo chroidhe do nuile obair do níthear faói an ngréin: bí úair ann a ríaghlann duine ós cionn aroile chum a dhochair féin.
10
Agus is marsin do chonnairc mé na drochdhaóine dá nadhlacadh, noch do thigeadh agus dimthigheadh ó áit an náoimh, agus do dearmadadh annsa chathruidh íad iona ndéarnadar sin: is díomhaóineas so mar an ccéadna.
11
¶ Do bhrígh nach ccuirthear breitheamhnus a naghaidh dhroichghníomha a gerích ar ball, uime sin bíd croidhthe chloinne na ndaóine ar lasadh chum uilc do dhéanamh.
12
¶ Dá mbeith go ndéanadh peacach olc céud uáir, agus go bhfaideochuidh a láethe, gidheadh go deimhin atá fios agam go mbeithior go maíth ag an ndruing eagluighios Día, noch air a mbí eagla dá lathair:
13
Acht ní bheithior go maith ag an ndrochdhuine, ní mó fhaideochus sé a láethe, biáidh sé amhuil scáile; do bhrígh nach eagluighionn sé roimhe Día.
14
Bídh díomhaóineas noch do nithear air an ttalamh; go mbíd daóine fíreanta, dá tteagmhann do réir oibreach na cciontach; a rís, bíd cionntuigh, da tteagmhann do réir oibreach na bhfíréun: a dubhairt mé gur díomhaóineas so mar an ccéadna.
15
Annsin do mhol mé an subhachas, do bhrígh nach bhfuil ní is féarr ag an nduine faói an ghréin, na ithe, agus ól, agus beith subhach: óir fanfuidh sin aige do sháothar láethe a bheatha, noch do bheir Día dhó faói ngréin.
16
¶ A nuáir thug mé mo chroidhe déolus na heagna, agus dfaicsin an ghnothuíghe do nithear ar talamh: bíodh nach bhfaicionn duine codhladh lé na shúilibh lá nó oidhche:
17
Annsin dféuch mé air obair Dé uile, nach bhféadann duine a nobair do nithear faói an ngréin dfagháil amach: do bhrígh bíodh go ttiubhradh duine a dhithchioll air a fhagháil amach, gidheadh ni bhfuighuigh se é; tuilleamh fós; bíodh go sáoilfeadh duine críonna a néolus sin dfagháil, tháiris sin ní bhía ar chumas a fhagháil.
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 9 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12