bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Ecclesiastes 9
Ecclesiastes 9
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 10 →
1
Thairis so do chuir mé romham ann mo chroidhe so uile dfoillsiughadh, go bhuil an fíréun, agus an teagnuidhe, agus a noibreacha, a láimh Dé: ní feas do dhuine ar bith grádh no fúath re gach ní dá bhfuil rompa.
2
Is ionann thig gach uile ní do nuile dhuine: is ionann críoch do nfiréun, agus don chiontach; don mhaith agus don ghlan, agus don neamhghlan; don tí íodhbras, agus don tí nach íodhbrann: mar bhíos an duine maith, marsin bhíos an peacach; agus an té mhionnuighios, mar an té eagluighios mionna.
3
Is olc so a measg na huile neithe dá ndéantar faói an ngréin, go bhfuil aóinchinneamhuin aca uile: atá fós, croidhe chloinne na ndaóine lán dolc, agus do bhuile iona ccroidhe an fad mhairfid síad, agus na dhiáighsin tíaghaid chum na marbh.
4
¶ Oír atá dóthchus ag an tí atá ceangailte ris a nuile bhéo: óir is féarr madradh béo ná leomhan marbh.
5
Oír atá a fhiós aig na héodhuibh go néagfuid síad: acht ni bhí fios neithe ar bith ag na mairbh, ní mó atá luáigheacht ar bith aca ní sa mhó; óir dhearmadadh a ccuimhne.
6
Atá fós a ngrádh, agus a bhfúath, agus a ttnúth, anois caillte: ní mó bhías aca go bráth a rís cuid daóinní da ndéantar faói an ngréin.
7
¶ Imthigh romhad, ith harán maille re sólás, agus ibh thfíon le croidhe súgach; óir gabhuidh Día anois hoibreacha.
8
Bíadh héadach a ccomhnuidhe geal; agus ná bíodh easbhuidh uinnemeinte air do cheann.
9
Tabhair do bheátha go gáirdeach a bhfochair do mná air a mbí grádh agad air feadh uile láethe sháoghail do dhíomhaóinis, noch thug sé dhuit faói an ngréin, uile láethe do dhíomhaóinis: óir isí sin do chuid annsa tsháoghalso, agus ann do sháothar do gheibh tú faói an ngréin,
10
Gidh bé ní gheabhas do lámh ré a dhéanamh, déan é red dhithchioll; óir ni bhfuil obair, nó tionnsgnamh, nó éolus, nó eagna, ann sa nuáigh, mar a racha tú.
11
¶ Dfill mé, agus do chonnairc mé faói an ngréin, nách don lúath atá an choimhling, nó an cath don neartmhar, nó fós an tarán do neagnuidh, nó fós saidhbhrios do na daóinibh tuigsionacha, nó fós fabhar do lucht an ghliocuis; acht go tteagmhann am agus cinneamhuin dóibh uile.
12
Oír ní fiós don duine fós a am féin: do nós na níasg gabhthar a ndroichlíon, agus amhúil na heóin gabhthar san phaintéar; marsin bhíd clann na ndaóine gabhtha a ndroch am, a nuáir thuitios sé go hobann orra.
13
¶ Do chonnairc mé fós an chríonnachtsa faoi an ngréin, agus is mór dhamh í:
14
Do bhí cathair bheag, agus beagán daoine innte; agus tháinic rígh mór na haghaidh, agus do shuigh sé na timchioll, agus do chuir sé daingneacha móra súas na haghaidh.
15
Anois do fríth innte duine bocht eagnuidhe, agus do thárthaigh sé an chathair lena eagna; gidheadh níor chuimhnígh áonduine an duine bochtsin.
16
Ann sin a dubhairt misi, Is féarr eagna ná neart: thairis sin tarcuisnighthior eagna an duine bhoicht, agus ní héistior a bhríathra.
17
Eístior bríathra na ndaóine nglic a gcíunas ní sa mhó ná comhairc an té ríaghlus a measc amadán.
18
Is féarr críonnachd ná airm cogaidh: acht millidh aóinpheacach amháin mórán maitheasa.
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 10 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12