bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Hebrews 1
Hebrews 1
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 2 →
1
Dia, noch do labhair a nallód go minic agus ar mhóghuibh éugsamhla ris na haithreachuibh tres na faidhibh,
2
Do labhair sé rinne sna laéthibh deigheanachasa trés an Mac, do órduigh sé na oighre air a niomlán, tré ar chrúthuigh sé fós an dómhan;
3
Noch ar mbeith dho na dheallradh glóire, agus na iomháigh fhíre a phearsannsan, agus ag congmháil súas na nuile neitheann ré breithir a chúmhachd féin, ar nglanadh ar bpeacuighne dhó thríd féin, do shuigh sé ar láimh dheis na Mórghachda sna hárduibh;
4
Ar mbeith dhó ar na dhéunamh ní sa ro óirrdhearca ná na haingil, ar gur ab oirrdhearca an tainm fuáir sé ná íadsan.
5
Oír cía do na hainglibh ré a ndúbhairt sé ríamh, As tú mo Mhac, a niúgh do ghin mé thú? Agus a ris, Biáidh mé um Athair aige, agus biáidh seision na Mhac agumsa?
6
Agus a ris, an tan do bheir sé a steach an chéidghin don domhan, a deir sé, Agus tuguid aingil Dé uile onóir dhó.
7
Agus a deir sé a dtáobh na naingeal, Do ní sé a theachdaireadha do na sbioraduibh, agus a mhinisdreadha don teine lasarrgha.
8
Achd ris an Mac a deir sé, A Dhía, máiridh do chathaóir ríoghasa, go sáoghal na sáoghal: is slat chómhthruim slat do ríoghachdasa.
9
Do grádhuigh tú an fhiréuntachd, agus do fhúathuigh tú a néugcóir; uime sin do ung Día, do Dhía féin thú, ré hóla an gháirdeachuis ós cionn do chompánach.
10
Agus, As tusa, a Thíghearna, tug fonndameint dhaingean don talamh ó thús: agus a síad na flaitheamhnuis oibreacha do lámh.
11
Rachuid síadsan as a gcrúth; achd fanuidh tusa: agus rachuidh uile a gcaitheamh mar éudach;
12
Agus fillfighear ar a chéile íad mar bhrát, agus béid siad ar na gcláochlúgh: achd as tusa an neach céudna, agus ní rachuidh críoch ar do bhlíadhnuibh.
13
Agus cía do na hainglibh ré a ndúbhairt sé ríamh, Suidh ar mo dheis, nó go gcuiridh mé do naimhde na sdól coa fúd?
14
A né nach sbiorada freasduil íad uile, churthar a mach chum miniosdrálachda ar son na druinge gheubhus oighreachd an tslánaighthe?
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
Recommended Reading
Commentary
Hebrews Commentaries
→
Devotional
Hebrews Devotional Guide
→
Get This Bible
Bedell Study Bible
→