bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Hebrews 11
Hebrews 11
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 12 →
1
Agus a sé an creideamh as bun do na neithibh ré bhfuil dóigh, agus as foillsiughadh dearbhtha air na neithibh nach bhfaicthear.
2
Oír as tríd fúaradar na sinnsir deaghtheisd.
3
As tré chreideamh thuigmíd gur crúthuigheadh an domhan tré bhréithir Dé, ionnas go ndearnadh neithe sófhaicsigh do na neithibh dófhaícsigh.
4
As tré chreideamh do fhoráil Abel do Dhía iodhbairt ní as féarr ná Cáin, tré a ndéarnadh fíadhnuise dhó go raibh sé na fhíréun, ar mbeith do Dhía ag déunamh fíadhnuise dhá thiodhlaicibh: agus trés an gcreideamhsin ar bhfagháil bháis dó lábhruidh sé fós.
5
As tré chreideamh do háthruigheadh Enóch chum nach bhfaicfeadh sé an bás; agus ní frith é, do bhrígh gur athruígh Día é: oír súil do hathruigheadh é do rinneadh fíadhnuise ris, gur thaitin sé re Día.
6
Achd a bhféugmhuís chreideimh ní féidir taitneamh ris: oír an tí thig chum Dé is éigean dó a chreideamh go bhfuil sé ann, agus go dtabhairt sé lúach sáothar don druing íarras é.
7
As tré chreideamh, ar bhfagháil fógartha ó Dhía do Naói a dtimchioll na neitheann nach raibh fós ré na bhfaicsin, ar ngabháil fhaitchis do, dullmhuigh sé a náirc do shábháil a thighe féin; tré dhamnuigh sé an domhan, agus do rinneadh óighre na fíréuntachda atá tré chreidimh dhé.
8
As tré chreideamh, dúmhlaigh Abraham, ar na ghairm ag imtheachd go hionad noch do gheubadh sé na dhiáigh sin doighreachd; agus do thríall sé roimhe, gan a fhios aige cá háit ann a raibh sé ag dul.
9
As tré chreideamh do chómhnuigh sé a dtír na geallamhna, amhuil a dtir choimhighthe, ar ndéunamh comhnuighe dhó a mbothuíbh maille ré Hísaac agus ré Iácob, comhóighreadha na geallamhna céudna:
10
Oír do bhí a shúil ris an gcathruigh úd agá bhfuil fonndameint, agár ab é Día a sáor agus a cruthaightheóir.
11
As tré chreideamh mar an gcéudna fuáir Sára féin neart chum síl do ghabháil di, agus rug sí mac tar éis í dhul tar aóis cloinne bhreith, do bhrígh gur mheas sí gur bhfírinneach an tí thug an gealladh.
12
Uime sin do gineadh sliochd ó áon amháin, agus é fós a riochd mhairbh, coimhlíonmhar ré realtuibh neimhe, agus ré gaineamh thrágha na fairrge nach féidir áireamh.
13
As do réir chreidimh fuaradar so uile bás, bíodh nach bhfúaradar na neithe do ghealladh dhóibh, achd go bhfacadar íad a bhfad úatha, agus tug chreideamh agus do theannadar riu íad, agus do admhuigheadar go rabhadar féin na ndéoradhuibh agus na noilírtheachuibh ar an dtalamh.
14
Oír an dream a deir na neithese cuirid síad a gcéill go follas go bhfuilid síad ag íarruidh dúithche.
15
Agus dá mbeith an dúithche úd as a dtangadar amach, ar coimhne aca, do bhí ám aca ré filleadh air a nais.
16
Achd a nois atá a ndúil a ndúithche as féarr, eadhon, sa dúithche neamhgha: úime sin ní nár lé Día dhá dtáobhsan, a Ndía do ghairm dhe: oír do ullmhuigh sé cathair dhóibh.
17
As tré chreideamh, do fhoráil Abraham Isaac, an tan do dhearbhadh é: agus an tí fuáir na geallamhnacha do fhoráil sé a néinghin,
18
Lé a ndubhradh, Is a Nísáac ghoirfighthear do shíol:
19
Ar mbreithnughadh dhó gur cúmhachdach Día air a thógbháil súas, éadhon ó mharbhuibh; as ar ghlac sé é fós a gcosamhlachd.
20
As tré chreideamh do bheannuigh Isáac Iácob agus Esáu a dtáobh na neitheann do bhí chum teachda.
21
As tré chreideamh, do bheannuigh Iácob ag fagháil bháis dó, días mac Ioseph; agus do rinne sé adhra, ós ceann a bhata.
22
As tré chreideamh, do chuir Ióseph a gcoimhne, ag fagháil bháis dó imtheachd chloinne Isráel as a Néigipt; agus tug sé áithne a dtimchioll a chnámh.
23
As tré chreideamh do cuireadh Máoise a bhfolach, ré na athair agus ré na mháthair feadh thrí míos an tan rugadh é, do bhrígh go bhfacadar gur leanabh áluinn é; agus ní raibh faitcheas roimh áithne an rígh orrtha.
24
As tré chreideamh do dhíult Maóise, ar mbeith dhó mór, mac inghine Phárao do ghairm dhe;
25
Ar mbreith dhó do roghain bheith ag fulang buáidheartha a bhfochair phubail Dé, tar bheith a sáimhe neamhmbúan an pheacuidh;
26
Ar na mheas dó gur mhó an saidhbhreas masla Chríosd ná ionnmhas ná Héigipte: óir do bhí súil aige ris an lúach sáothair.
27
As tré chreideamh do thréig sé an Néigipt, gan fhaitcheas air roimh fheirg an rígh: óir do bhí sé comhláidir sin ná inntinn, ionann agus do chífeadh sé an tí nach féidir dfaicsin.
28
As tré chreideamh dórduigh sé an túan casg, agus an dórtadh fola, deagla go mbeanfadh an tí do sgríos gach céidghin riusan.
29
As tré chreideamh do chúadar trés an muir Ruáidh amhuil tré thiormach: an mhuir léur sluigeadh na Héigiptigh ar dteachd dá teasdughadh dhóibh.
30
As tré chreideamh do thuiteadar balluidhe Ierico, tar éis gabhála na dtimchiol seachd lá.
31
As tré chreideamh nár sgriosadh an mheirrdreach Rahab a naóinfheachd ris an druing do bhí easúmhal, ar dtabhairt aóidheachda uáithe don luchd bratha go síothchánta.
32
Agus créd a déuruinn ní sa mhó? óir do bhíadh a naimsir ro ghearr agum ré bheith ag cráobhsgaóileadh ar Ghedéon, agus ar Bhárac, agus ar Shampson, agus ar Iephtaé; agus ar Dháibhi, agus Shamuel, agus ar na fáidhibh:
33
Noch tré chreideamh da bhúadhuigh ríoghachda, do oibrigh fíréuntachd, do ghnodhuigh na geallamhnacha, do sdop beóil na leomhan,
34
Do mhúch neart na teineadh, do chuáidh as ó fháobhar an chloidhimh, tugadh ó laige go láidireachd, do rinneadh neartmhar a gcath, do chuir a dteitheamh sluáighe na neachdrannach.
35
Do ghlacadar na mná a mairbh ó eiséirghe: do céusadh drung eile mar an gcéudna, gan suim ann a sáoradh aca; chum eiséirghe budh féarr dfagháil dhóibh:
36
Agus do dearbhadh drung eile ré sgige agus ré sgíursuighibh, agus fós, ré géibheannuibh agus ré príosún:
37
Do clochadh íad, do gearradh ó chéile íad, do cuireadh cathughadh orrtha, do marbhadh ré cloidheamh íad: do bhádar ar seachrán a nunn sa nall a gcroicnibh cáorach agus gabhar, ar mbeith dhóibh a ríachdanus, dá mbuáidhreadh, agus dá gcrádh;
38
Dream nár bhfiu an sáoghal: ag dul amúgha a bhfásuighibh, agus a sléibhthibh, agus a dtuinighthibh agus a núamhuibh talmhan.
39
Agus ar mbeith dhóibh so uile, ar na ndearbhadh tré chreideamh, ni rugadar air an geallamhuin:
40
Ar mbeith do Dhía ag soláthar dhuinne an neithe as féarr, chum gan íadsan do bheith iomlán ar bhféugmhuisne.
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 12 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13