bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Hebrews 10
Hebrews 10
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 11 →
1
Oir ar mbeith do sgáile na neitheann maith do bhí chum teachda ag an reachd, agus ní dealbh fíre na neitheann féin, ní féidir leis choidhche na druinge thig chuige do náomhadh ris na hiodhbarthuibhsin bhíd fhóráil do ghnáth gacha blíadhna.
2
Nó go deimhin do choisgfeidís dá bheith dhá bhforáil? do bhrígh ar mbeith do luchd na niodhbarthadhsin dforáil ar na nglanadh éunuáir amháin, nach bíadh ní sa mhó coinnsías pheacuigh aca.
3
Achd sna hiodhbarthuibh sin do níthear athchoimhniughadh na bpeacadh gacha blíadhna.
4
Oír ní féidir dfuil tharbh agus ghabhar na peacuigh chur ar gcúl.
5
Uime sin ag teachd dó chum a tsáogháil, a deir sé, Níor bháil leachd iodhbairt ná ofráil, achd do chum tú corp dhamhsa:
6
A níodhbarthuibh loisge agus a niodhbarthuibh ar son pheacuidh ní raibh fonn agad.
7
A dubhairt misi an tan sin, Féuch, atáim ag teachd (a dtosach an leabhair atá sgríobhtha oram,) chum do tholasa do dhéunamh, a Dhé.
8
Ar na rádh shúas dó, Níor bháil leachd do iodhbairt ná ofráil ná iodhbartha loisge ná iodhbartha ar son pheacuigh, agus ní raibh fonn agad ionnta; (noch do nithear fhoráil réir an reachda;)
9
A dubhairt seision an tan sin, Féuch, atáim ag teachd chum do tholasa do dhéunamh, a Dhé. Cuiridh sé an céud ní ar gcúl, chum an dara neithe do sheasadh dhó.
10
An toil ré a bhfuilmídne air ar ndéunamh náomhtha tré íodhbairt chúirp Iósa Críosd éunuáir amháin.
11
Agus seasuidh gach sagart go láetheamhuil ag miniosdrálachd agus ag ofráil na níodhbarthadh gcéudna go minic, ris nach féidir choídhche peacuidh chur ar gcúl:
12
Achd ar bhforáileadh éin iodhbartha amháin ar son na bpeacadh, don tise, do shuigh sé ar deis Dé, go síorruidhe;
13
Ag fuireach ó sin amach nó go gcurthar a naimhde na sdól cos faói.
14
Oir do rinne sé diongmhálta go síorruidhe ré héin iodhbairt amháin an dream atá ar na náomhadh.
15
Agus do ní an Sbiorad Náomh mar an gcéudna fíadhnuise dhúinn: óir ar na rádh dhó roimhe,
16
Ag so an connradh dhéunas mé ríu a ndiáigh na laetheadh úd, a deir an Tighearna, Cuirfe mé mo dhlighthe ann a gcroidhthibh, agus sgríobhthad íad ann a ninntinneachuibh;
17
Agus cuirfe mé a bpeacuidh agus a nandlighthe as mo choimhne feasda.
18
Agus sa náit ann a bhfuil maitheamhnas na neitheannso, ní bhfuil iodhbairt ar son pheacuidh ann ní sa mhó.
19
Ar a nadhbharsin, a dhearbhráithre, ó atá sáoirse aguinn ré dhul a steach don naóimhiosdadh tré fhuil Iosa,
20
An tslighe núadh bhéo, noch do ullmhuigh sé dhúinn, trés an mbrat, as ionann sin ré a rádh, agus tré na fheóil féin;
21
Agus tré shagart mór agá bhfuil ceannas thighe Dé;
22
Druideam air ar naghaidh maille ré croídhe fírinneach sáirdheimhneach a gcreideamh, ar mbeith dár gcroídhibh ar na ccróthadh ó dhrochchoinnsías, agus ar mbeith dár gcorp ionnailte ré huisge glan.
23
Congmham gan chorruidhe admháil ar muinighne; (óir as díleas an tí thug gealladh dhúinn:)
24
Agus tugam aire dhá chéile ionnus go mbéam dhár mbrosdughadh féin chum grádha agus deaghoibrigheadh:
25
Gan tréigean an chomhchruinnighe do níomaóid a gceann a cheile, do réir nóis dhruinge áirighe; achd ag teagusg a chéile: agus go madh móide dhéanam sín, an mhéid as léir dhibh an lá úd ag drúd rinn.
26
Oír dá bpeacuigheam dantoisg tar éis éolais na fírinne do ghabháil chuguinn, ní fhagthar íodhbairt aguinn ní sa mhó ar son na bpeacadh,
27
Achd feitheamh báoghlach ris an mbreitheamhnus agus ré teas na teineadh, noch shluigfeas na námhuid.
28
An tí do rúg tarcuisne air reachd Mhaóise do gheibh sé bás gan truáighe tré fhíadhnuise deise no thír:
29
An é nach dtuillfidh (do réir bhur mbaramhlasa,) an tí shaltras Mac Dé fá na chosuibh, agus measus fuil an chonnartha, lér náomhadh é, bheith neamhghlan, agus do bheir masla do Spioruid na ngrás, pionús as ró mhó ná sin?
30
Oir as aithnigh dhúinn an tí a dubhairt, Is leamsa dioghaltus do dhéunamh, do bhéur cúitiughadh uáim, a deir an Tighearna. Agus a rís, Do dhéana an Tíghearna breitheamhnus ar a phobal.
31
As ní robháoghlach tuitim a lámhuibh an Dé bhí.
32
Bíodh athchoimhne aguibh a rís ar na laethibh do chuáidh thoruibh, ann a rabhabhair tar éis bhur soillsighe ag fulang throda móire a mhuáidhearthuibh;
33
Cuide de, an tan do rinneadar cách sgathán díbh maille ré masla agus ré buáidhearthuibh; agus cuid eile, an tan do rinneadh sibh bhur gcompánuibh don druing do bhí sa riochd chéudna sin.
34
Oír do bhabhair ag fulang má ráon ríomsa um ghéibheannuibh, agus do ghabhabhair chuguibh go luathgháireach fádhbhadh bhur máoine, ar mbeith a fheasa aguibh ionnuibh féin go bhfuil maóin shíorruidhe as fearr ná sin aguibh ar neamh.
35
Uime sin ná téilgidh uáibh bhur muinighin admhálach, agá bhfuil mórlúach sáothair.
36
Oir atá foighid na ríachdanus oruibh, ionnus ar ndéunamh tola Dé dhíbh, go bhfuighe sibh toradh na geallamhna.
37
Oír sealad ro bheag go fóill, tiucfaidh an ti atá chum teachda, agus ní dhéuna sé muill.
38
Agus mairfidh an fíréun tré chreideamh: gidheadh má théid sé air ccúl, ní bhfuighe manamsa fonn ann.
39
Gidheadh ní sinne an drung théid air ccúl chum dámnuighthe; achd chreideas chum a nanma shlánúghadh.
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 11 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13