bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Hebrews 12
Hebrews 12
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 11
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 13 →
1
Ar a nádhbharsin ó thárrla a chomhmór sin do néull fíadhnuiseadh ar dtimchiollne mar an gceudna, ag cur gach uile thruim dhínn, agus an pheacuigh leanus din go héusguidh, riótham maille ré foighid chum chin na coimhleanga atá romhuinn,
2
Ag féuchuinn ar Iósa ceannphort agus fear críochnuighe an chreidimh; noch ar son an tsóláis do cuireadh as a chomhair do fhúlaing céusadh na croithe, ag gcur na masla a neamhshuim, agus do shuigh ar deis árdchathaóire Dé.
3
Oír smuáinigh ribh féin ar an tí úd do fhulaing a shamhuil sin do chaint do churn a aguidh féin ó pheacachuibh, deagla dhul a dtuirse agus a nanbhfainne dhibh ann bhur ninntinnibh.
4
Níor sheasabhair fós go fuil, ag cathúghadh a naghuidh an pheacuidh.
5
Agus a né gur dhearmuid sibh a foirceadal labhras ribh amhuil ré cloinn, A mhic, ná bíodh neamhshuim agad a smachd an Tíghearna, agus ná téidh a nanbhfainne an tan chrónuigheas sé thú:
6
Oír smachduighe an Tíghearna an tí ghrádhuigheas sé, agus sgíurfuidh sé gach mac ré ngabhann sé.
7
Dá bhfuilnge sibh smachdughadh, atá Día dhá fhoráileadh féin oruibh amhuil air chloinn; oír cía hé an mac nach smachduigheann an tathair?
8
Achd dá raibh sibh gan an smachdughadh, roinntear ris na huilibh, go deimhin as basdaird sibh, agus ní maca.
9
Do bhádar fós ar naithreacha colluidhe aguinn na luchd smachduighthe, agus do bheirmís urruim dhóibh: a né nach ro mhó ná sin do bhéuram úmhlachd Dathair na spiorad, agus bíam béo?
10
Oír do bhádarson dár smachdughadhne beagan láethe réir a dtola féin; achd chum ar leasa eision, ionnus go nglacfamaóis a náomhthachd san.
11
Achd ní cosmhuil smachdughadh air bith ré headh na nuáire sin do bheith solásach, achd dólasach: gidheadh do bheir sé na dhiáigh sin toradh smuáimhneach na fíréuntachda don druing chleachdas é.
12
Uime sin tógbhuidh súas na lámha díomhaóineach, agus na glúine gan sbracadh;
13
Agus déunuidh céimniughadh díreach ré bhur gcosuibh, deagla a neithe atá bacach do chláonadh as a tslighe; ach go madh táosga leighéosaidh é.
14
Leanuigh síothchain ris na huile dhaóinibh, agus náomhthachd, óir gan í ní fhaicfidh éinneach an Tíghearna.
15
Tabhruidh aire ribh fá gan áoinneach aguibh do chláonadh ó ghrás Dé; fá gan fréumh shearbhuis ar bith do fhás súas dá bhur mbuáidhreadh, trés a ndéuntaói morán neamhghlan;
16
Deagla go mbíadh éinneach na sdríopuigh, ná neimhdhíagha, mar Esau, noch do reac a cheart óighreachda ar son éinchinn amháin bídh.
17
Oír atá a fhios aguibh an tan bá mían rís fós ná dhiáigh sin, an bheannachd fhagháil mar oighreachd, gur diultadh é: óir ní bhfuáir sé áit aithrighe, bíodh gur íarr sé í maille re déuruibh.
18
Oír ní chum an tsléibh thangabhair ré a bhféudtar cumailt, ná chum na tíneadh lasarrgha, ná chum na sdoirme, ná an dorchaduis, na an gairbhshíain,
19
Ná chum fuáime an sduicm bá ghótha na mbríathar; agár shireadar an dream do chúaluidh é dathchuinge gan an bhríathar do labhairt ríu féin ní sa mhó:
20
Oír níor bhfeidir ríu an ní do bhí ar na áithne dhíobh diomchar, Agus dá mbeanuidh fíu a nainmhidhe féin ris a tslíabh, géubhthar do chlochuibh air, nó ghabhuidh sé a tholladh ré gath:
21
Agus do bhí an ní do chonncadar comhúathbhasach sin, go ndubhairt Maóise, Atáim lán dfaitcheas agus do chríth:
22
Achd as chum sléibhe Síon atá sibh ar dteachd, agus chum caithreach Dé bhí, chum na Hierusalém neamhgha, agus chum cuideacha na mílteadh aíngeal,
23
Agus chum an coimhthionóil ghinearalta agus eagluis gacha chéidghine, noch atá sgríobhtha ar neamh, agus chum Dé breitheamh na nuile, agus chum spíorad na bhfiréun ndiongmhálta,
24
Agus chum Iósa eidirmheadhontóir na tiomna nuáidhe, chum na fola do craitheadh, labhrus neithe as fear na é sin Abéil.
25
Tabhruidh dá bhur naire gan éura do thabhairt don tí lábhras ribh. Oir muna deachuigh an dream úd as tug díultadh don tí labhair ríu as uchd Dé ar an dtalamh, a né nach lúgha ná sin rachmaóidne as, dá ndíultam don tí atá ó neamh?
26
Agá chríothnuigh an talamh a nuáir sin ré na ghúth: agus a nois tug sé gealladh úadh, ag rádh, Fós éunuáir eile cuirfe mé ní hé amháin an talamh ar crith, achd neamh mar an gcéudna.
27
Agus foillsighidh an rádh so, Fós éunuáir eile, áthrughadh na neitheann atá neimhsheasmhach, mar atá na neithe do rinneadh, ionnus go mbiadh na neithe doghlúaisde comhnuigheach.
28
Uime sin ar bhfagháil ríachda dhúinn nach féidir a chorrughadh, bíodh grás aguinn, tré na bhféudfum seirbhís a dhéunamh do Dhía ann a mbíadh dúil aige maille ré náire agus ré faitcheas:
29
Oír as teine dhíanloisgeach ar Ndíane.
← Chapter 11
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 13 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13