bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Hebrews 7
Hebrews 7
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 8 →
1
Oir an Melchisedecsa rí Shálem, sagart an Dé is áirde, tharrla sé Dábraham ar mbéith dhó ag filleadh air ais ó ár na ríghtheadh, agus do bheannuigh sé é;
2
Agus tug Abraham deachmhuigh na nuile neitheann dó; noch dá ngoirthear ar tús ar na eidirmhíniughadh Rí na fíréuntachda, agus na dhiáigh sin mar an gcéudna, Rí Shálem, eadhon, Rí na siothchána;
3
Gan athair, gan mháthaír, gan chineadh, gan tosach laetheadh, ná deireadh beatha aige; achd ar na chur a gcosamhlachd Mhic Dé; fanuigh sé na shagart go síorruidhe.
4
Tuguidh a nois do bhur naire créd é méud an duinese, dhá dtug Abraham féin an priomhathair deachmhuigh na héudála.
5
Agus go deimhin an dream do chloinn Lébhi, ghabhus an tsagartachd chuca, atá áithne aca réir an reachda deachmhuigh do ghabhail ón bpobal, eadhon, ó na ndearbhráithribh féin, bíodh go dtangadar ó leasrach Abraham.
6
Achd an tí nach áirmhighthear a bheith déinchineadh ríusan do ghlac sé deachmhuigh ó Abraham, agus do bheannuigh sé an tí agá rabhadar na geallamhnacha.
7
Agus gan imreasuin ar bith beannuighthear a ní is lúgha ón ní is mó.
8
Agus ann so glacuid na dáoine gheibh bás deachmhuigh; achd ann súd, an ti ré ndeárnadh fíadhnuise go maireann sé.
9
Agus (do rádh na fírinne,) tug Lébhi féin, noch ghlacas an deachmhuigh, deachmhuigh úadha a Nábraham.
10
Oír do bhí sé fós a leasrach a athar, an tan thárla Melchísedec dhó.
11
Ar a nadhbharsin dá dtigeadh iomláine tré shagarthachd na Lebhíti, (óir is ré linn na sagarthachda sin tugadh an reachd don phobal,) créd fá raibh riachdanus ní sa mhó ré sagart eile éirghe ann do réir uird Mhelchísédec, agus gan bheith dhó ar na ghairm do réir uird Aáron?
12
Oír ar mbeith don tsagartachd ar na athrughadh, is éigean an reachd dathrughadh mar an gcéudna.
13
Oír an tí air a labharthar na neithese is ré treibh eile bheanas sé, dá nach dearnuigh éinneach miniosdralachd ag a ualtóir.
14
Oír as ní follas gur do threibh Iúda do éirigh an Tighearna; treabh ar nar labhair Máoise éinni a dtáobh na sagartachda.
15
Agus fós is móide as follás é: do bhrígh go bhfuil sagart eile ar néirghe ann a gcosamhlachd Mhelchísedec,
16
Dá nách dearnadh do, sagart réir reachd na háithne colluidhe, achd do réir chúmhachd na beatha síorruidhe.
17
Oír do ní Día fíadhnuise, As sagart thú go síorruidhe réir uird Mhelchísedec.
18
Oír a náithne do bhí roimhe ann atá sí ar na cur ar gcúl do bhrígh a meirbhe agus a neamhtharbhuidhe.
19
Oír ní dhearna an reachd ní ar bith iomlán, achd teachd a steach a muinighne as féarr; tré na dtigmíd a bhfogus do Dhía.
20
Agus an mhéid nach gan mhionnuibh:
21
(Oir do rinneadh sagairt díobhsan gan mhionnuibh trés an tí a dubhairt ris, Tug an Tíghearna mionna agus ní ghéubhuidh aithreachas é, As sagart thú go síorruidhe do réir uird Mhelchísedec:)
22
Do rinneadh go fíu a noirid sin, urra an chonnartha is feárr Díosa.
23
Agus do rinneadh iomad díobhsan na sagartuibh, do bhrígh gur thoirmisg an bás íad fhuireach:
24
Achd do bhrígh go maireann ann fearsa, go siorruidhe, atá sagartachd shíorruidhe aige.
25
Ionnas gur féidir leis an dream thig chum Dé thríd féin do shlánughadh go híomlán, ar mbeith dhó beó go síorruidhe chum eadarghuidhe do dhéunamh ar a son.
26
Oir a sé a shamhuil sin dárdshagart dob iomchubhaidh dhúinne do bheith aguinn, noch atá náomhtha, neimhchiontach, gan cháidhe air bith, ar na sgaradh ré peacthachuibh, agus do rinneadh níos aírde ná na flaithis;
27
Ar nách bhfuil riachdanus go láetheamhuil, mar do bhí ar na hárdsagartuibh úd, iodhbartha do dhéunamh ar tús, ar son a pheacuigheadh féin, na dhiáigh sin ar son pheacuigheadh an phobail: óir do rinne sé so eunúair amháin, an tan do rinne sé íodhbairt de féin.
28
Oír do ní an reachd árdsagairt do dháoiníbh bhíos eugcruáidh; achd do ní bríathar na mionn a ndiáigh an reachda ardsagart don Mhac, noch atá críochnuigh go síorruidhe.
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 8 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13