bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Hebrews 9
Hebrews 9
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 10 →
1
Uime sin do bhádar fós ag an gcéud chonnarthadh órduighthe a dtáobh sheirbhíse Dé, agus náoimhiosdadh sáoghalta.
2
Oír do tógbhadh an tabernacail; ann a raibh sa gcéud iosdadh dhe, an coinnleóir, agus an bórd, agus arán na fíadhnuise; ré ráidhtear náomhtha.
3
Agus do bhí táobh a stigh don dara bhrat, an tabearnácail dá ngoirthear an náomh iosdadh ro Náomhtha;
4
Sa náit a raibh an túiséir orrgha, agus áirc an chonnartha ar na fholach timchioll ré hór, ann a raibh an pota orrgha ann a raibh an manna, agus slat Aáróin nach do sgeith, agus cláir an chonnartha;
5
Agus ós cionn na háirce do bhádar na cherubíni glórmhar ag cur sgátha ar fholách na háirce; neithe ar nach féidir leam labhairt fó leith a nois.
6
Agus ar mbeith do na neithibhse órduighthe mar so, do théighedís na sagairt do ghnáth a steach don chéud thabernácail, do choimhlíonadh sheirbhíse Dé.
7
Achd don dara thabernácail do theigheadh an tárdsagart na áonar áon úair amhain gacha blíadhna, ní gan fhuil, noch do fhoráileadh sé ar a shon féin, agus ar son sheachráin an phobail:
8
Ar mbeith don Sbiorad Náomh dhá fhoillsiughadh so, nár hosgladh fós an tslighe chum a niosda ro náomhtha, an feadh do bhi an céud thabearnácail na sheasadh:
9
Noch as sompla don naimsirsi a láthair, ann a bhfuil tabhartuis agus iodhbartha dhá bhforáil, lé nár féidir an tí do ní an tseirbhís sin, do náomhadh a dtáobh a choinnsiáis;
10
Ar mbeith dhóibh amháin a mbiadhuibh agus a ndeochuibh, agus a nionlatuibh éugsamhla, agus a ngnáthuighthibh colluidhe, do cuireadh orrtha duálach go teachd aimsire an cheartuighe.
11
Achd ar dteachd do Chríosd na árdshagart na neitheann maith do bhí chum teachda, tré thabearnácail bá mó agus bá diongmhálta, nách dearnadh ré lámhuibh, ionann sin ré radh agus, nach don nobairse;
12
Agus fós ní tré fhuil ghabhar na láodh, achd tré na fhuil féin; do chuáidh sé a steach éun uáir amháin sna hiosdadhuibh náomhtha, ar bhfagháil fúasluighthe shíorruidhe dhúinne.
13
Oír má ní fuil thárbh agus ghábhar, agus luáithreadh seachbhuidh ar na cróthadh ar an druing neamhghloin, a náomhadh a dtáobh ghlanta na feóla:
14
A né nách ro mhó ná sin dhéunas fuil Chríosd, noch do fhoráil é féin gan cháidhe do Dhía trés an Sbiorúid shíorruidhe, bhur ccoinnsíassa ghlanadh ó oibreachuibh marbha chum seirbhíse do dhéunamh don Día bheó?
15
Agus ar a shon so as eision eirdirmheadhontóir an chonnartha nuáidh, ionnas trés an mbás, do fhulaing sé chum fúasgluighthe na sáruighthe do bhí sa gcéudchonnradh, go bhfuighedís an dream atá ar na ngairm geallamhuin na hoighreachda síorruidhe.
16
Oír sa náit ann a bhfuil tiomna, as éigean bás an tí do rinne an tiomna do bheith ann.
17
Oír bí an tiomna diongmhálta an tán bhíd dáoine ar néug: óir atá sí fós gan bhrígh an feadh mhaireas an tí do rinne í.
18
Uime sin nior daingnigheadh an chéud thiomna féin gan fhuil.
19
Oír an tan do labhair Máoise na huile aitheanta ris an bpobal uile réir an reachda, ar nglacadh fola láodh agus gabhar dhó, maille ré huisge, agus ré holuinn phurpair, agus ré híosóip, do chraith sé í ar an leabhar, agus ar an bpobal uile mar an gcéudna;
20
Ag rádh, A sí so fuil na tiomna noch do aithin Día dhíbh.
21
Agus fós do chraith sé a nfuil chéudna ar an tabearnácail, agus ar shoithighibh na miniosdrálachda.
22
Agus as beag nach ré fuil ghlantar na huile neithe do réir an reachda; agus ní faghthar maitheamhnas ar bith gan dórtadh fola.
23
Uime sin dob éigin sompla na neitheann atá ar neamh do ghlanadh ríu so; achd na neithe neamhgha féin ré híodhbarthuibh as fearr ná íad so.
24
Oír ní dheachuidh Críosd a steach don naóimhiosdadh do rinneadh ré lámhuibh, noch bá heisiompláir do na hiosdadhuibh fírinneach; achd go flaitheamhnas féin, chum é féin do thaisbéunadh a nois a bhfíadhnuise Dé air ar soinne:
25
Agus ní chum é féin diodhbairt go minic, amhuil do théigheadh an tardsagart a steach don náoimhiosdadh gacha blíadhna ré fuil nar leis féin;
26
(Oír mar sin bá héigean dó páis dfulang do minic ó thús an domháin: achd a nois do foillsigheadh é éun uáir amháin a ndeireadh an tsáoghail, chum an pheacuidh sgrios tré na iodhbairt féin.
27
Agus amhuil atá a ndán do dhaóinibh bás dfagháil áonuáir amháin, agus na dhiáigh sin an breitheamhnus:
28
As mar na gcéudna fuáir Críosd a iodhbhairt éunuáir amháin chum peacuidh mhóráin do sgríos dó; agus búdh léir é an dara huáir gan pheacadh don druing atá ag fuireach ris chum slánuighthe.
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 10 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13