bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Hebrews 2
Hebrews 2
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 3 →
1
Ar a nadhbharsa as cóir dhúinn aire rodhúthrachdach do thabhairt do na néithibh do chúalamar, deagla a ligthe thrínn dúinn uáir ar bith.
2
Oír má bhí an bhríathar do labhradh tres na hainglibh seasmhach, agus má fuáir gach uile choir agus easúmhlachd an lúach sáothair do dhligheadar;
3
Cionnas rachmáoidne as, má bhíonn neamhshuim aguinn ann a chomhór so do shlánughadh; noch do tionnsgnamh do sheanmórughadh ar tús ris an Dtíghearna féin, agus do deimhnigheadh dhúinn ris an druing do chúaluidh é;
4
Ar mbeith do Dhía ag déunamh coimhfhíadhnuise ríu, maille ré cómharthuibh agus ré hiongantuibh, agus ré súbhailcibh éugsamhla, agus ré tiodhlaicibh an Sbiorad Náoimh, do réir a thola féín?
5
Oír ní thug sé do na hainglibh ceannas an tsáogháil atá chum teachda, ar a bhfuilmidne ag labhairt libh.
6
Achd do rinne neach a nionad áirighe fíadhnuise, ag rádh; Créd é an duine, go mbeith coimhne agad air? nó mac an duine, go mbíadh dúil agad ann?
7
Do rinne tú é feadh sealuid bhig ní sa ísle ná na haingil; do chuir tú coróin ghlóire agus onóir air, agus do chuir tú é ós cionn oibreach do lámh:
8
Do chuir tú na huile neithe síos fá na chosuibh. Oir ar gcur na nuile neitheann fáoi dhó, níor fhág sé éinní gan chur fáoi. Gidheadh ní fhaicmíd a nois go fóill na huile neithe fá úmhlachd dó.
9
Achd do chímid Iósa, ar bhfágháil choróine glóire agus onóra, noch do rinneadh feadh sealuid bhig ní sa ísle ná na haingil tré fhulang an bháis; ionnas go mblaisfeadh sé tré ghrás Dé bás ar son gach áoin.
10
Oír dob iomchubhaidh don tí, ar son a bhfuilid na huile neithe, agus tré a bhfuilid na huile neithe, ar dtabhairt mhorain cloinne dhó chum glóire, ceannurra a slánaighthe do dhéunamh iomlán tré bhuáidhearthuibh.
11
Oír an tí náomhus agus an dream do nithear náomhtha is ó aon íad uile: uime sin ní ghabhann adhnáire é fá dhearbhráithribh do ghairm dhíobh,
12
Ag rádh, Foillseóchuidh mé hainm dom dhearbhraithribh, molfuidh mé thú maille ré ceól a meadhón na heagluise.
13
Agus a ris, Cuirfe mé mo mhuinighin ann. Agus a rís, Féuch misi agus an chlann tug Día dhamh.
14
Uime sin ó atá fuil agus feóil ar na roinn ris an gcloinn, do ghabh seision mar an gcéudna a chuid díobh sin chuige; chum an tí agá bhfuil cúmhachd an bháis, éadhon an díabhal, dionnarbadh dhó tré bhás;
15
Agus chum sáoirsi do thabhairt don mhéid do bhí feadh a mbeatha tré fhaitcheas an bháis fá chuing dháoirse.
16
Oír go deimhin ní hé nadúir na naingeal do ghabh sé uime; achd a sé nadúir Abraham do ghabh sé uime.
17
Air a nadhbharsin bá cóir dhó bheith cosmhuil ré na dhearbhráithribh sna huile neithibh, ionnus go mbíadh sé trócaireach agus na ardshagart díleas sna neithibh bheanas ré Día, chum an phubail do ghlanadh ó na bpeacaidhibh maille ré na iodhbairt.
18
Oír do bhrígh air fhúlaing sé an tan do chuireadh cáthughadh air, is féidir leis cabhair do thábhairt don druing ar a gcurthar cáthughadh.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13