bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Hebrews 4
Hebrews 4
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 5 →
1
Uime sin biodh faitcheas oruinn, deagla, ar dtréigean na geallamhna uáir ár bith ré dhul a steach na shuáimhnios, go measfuidh áoinneach aguibhse bheith air fágbháil.
2
(Oír do seanmóruigheadh an soisgéul dúinne, amhuil do rinne dhóibhsion mar an gcéudna: gidheadh ní dheachuidh an bhríathar do chúaladar a dtarbha dhóibh, do bhrígh nách raibh sí ar na cumusg ré creideamh sa druing do chúaluidh í.
3
(Oir téighemidne an dream chreideas a steach sa tsuáimhnios,) do réir mar a dubhairt sé, Ar a nadhbharsin tug mé mo mhionna um fheirg, nach rachuid síadsan a steach am shuáímhnios: bíodh gur críochnuigheadh na hoibreacha ó thús an dómhuin.
4
Oir labhair sé a nionad áirighe ar an seachdmhadh lá mar so, Agus do chómhnuigh Día an seachdmhadh lá ón a oibribh uile.
5
Agus sa nionadsa a rís, Ní rachuid síad a steach am shuáimhnios.
6
Uime sin do bhrígh do dtuigthear as so go rachuidh dream áirighe a steach ann, agus nach deachuidh an dream dhár seanmóruigheadh an soisgéul ar tús a steach tré easúmhlachd:
7
Orduighe sé a rís, lá airighe, ag rádh a Ndáibhi, A niúgh, a ndiáigh a comhfhad sin daimsir; (mar a dubhradh,) A niúgh má chluin sibh a ghúth, ná crúaidhighe bhur gcroídhthe.
8
Oír dá dtugadh Iósua suáimhneas dóibh, ní laibheóradh sé na dhiáigh so air lá eile.
9
Uime sin fágthar lá suáimhniosa ag pobal Dé.
10
Oír an tí do chuáidh a steach dhá shuáimhneas san, do chómhnuidh sé mar an gcéudna ón á oibreachuibh, amhuil do chomhnuigh Día ón á oibreachuibh féin.
11
Uime sin déunam díthchioll ré dhul a steach sa tsuáimhnios sin, deagla éunnduine thuitim sa neisiompláir chéudna easúmhlachda.
12
Oir atá bríathar Dé beó, agus bríoghmhar, agus ní sa ghéire ná clóidheamh ar bith dhá fháobhar, agus téid sí thrín a steach go roinn a nanma agus na sbioruide, na nalt agus an smeara ré chéile, agus is breathamh í ar smúaintighibh agus ar bhreathnuighibh an chróidhe.
13
Agus ní bhfuil creatúr ar bith nach bhfuil follas na fhíadhnuisision: achd na huile neithe nochduighe soilléir do shúilibh an tí ar a bhfuilmidne ag labhairt.
14
Uime sin ó atá árdsagart mór aguinn, do chúaidh a steach sna neamhuibh, Iósa Mac Dé, congmham go daingean ar nadmháil.
15
Oír ní bhfuil árdsagart aguinn ris nách féidir ar néugcruáis a mhóthughadh; achd air ar cuireadh cáthughadh sna huile neithibh a gcosamhlachd rinn, gan pheacadh.
16
Ar a nadhbharsin déunam maill ré dothchas go hárdchatháoir na ngrás, chum trócaire do ghnodhúghadh, agus ghrás dfagháil dúinn chum furtachda a nám ríachdanais.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13