bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Hebrews 13
Hebrews 13
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
1
Biodh grádh bráithreamhuil go comhnuigheach eadruibh.
2
Ná dearmaduigh aóidheachd thabhairt do chóímthighachuibh: óir dá réir so tugadar dream áirighe aóidheachd dainglibh gan fhios dóibh féin.
3
Bíodh cuimhne aguibh ar an druing atá ceangailte, amhuil coimhcheangailte riu; agus ar an druing fhuilngeas anshógh, ar mbeith dhíbh féin fós sa gcoluinn.
4
As onórach an pósadh a measg na nuile, agus an leabuidh neamhshalach: achd béuruidh Día breith ar luchd na drúise agus a nadhaltrannuis.
5
Seachnuidh sibh féin ar shaint; go madh lór libh na neithe atá a lathair aguibh: oír a dubháirt sé, Ní dhealocha mé riot, agus ní thréigfead thú.
6
Ionnus gur féidir linn a rádh go dána, Sé an Tíghearna mfear cabhartha, agus ni bhiáidh eagla oram fá ní dhar féidir do dhuine dhéunamh oram.
7
Bíodh cuimhne aguibh ar luchd bhur dtréoruighe, noch do labhair bríathar Dé ribh: agus leanuidh dhá gcreideamh, ag tabhairt aire ré críoch a gcoinbhearsáide:
8
Iósa Críosd a né, agus niugh, agus go síorruidhe an ccéudna.
9
Ná gluáisdear sibh fá gcuáirt ré teagusguibh éugsamhla coimhthigheacha. Oir as maith an croídhe bheith diongmhálta a ngrás; ní a mbíadhuibh, nach deachuigh a dtarbha don druing do ghnáthuigh íad.
10
Atá altóir aguinne, dá nach bhfuil a gcúmhachdaibh na druing do ní seirbhis don tabearnácail ní íthe.
11
Oír na hainmhinntighe, agá mbeireann an tárdsagart a bhfuil leis a steach don níosdadh náomhtha ar son peacadh, loisgthear a guirp don táobh a muígh don champa.
12
Uime sin do fhúlaing Iósa an pháis mar an gcéudna, don táobh amuígh don gheata, chum an phubail do náomhadh dhó ré na fhuil féin.
13
Ar a nádhbharsin imthigheam amach as an gcampa chuigesion, ag iomchur masla air a shon.
14
Oír ní bhfuil cathair chomhnuigheach aguinn ann so, achd atá iarruidh aguinn ar an gcathruigh atá chum teachda.
15
Uime sin foráileam thrídsion do ghnáth íodhbairt mholta do Dhía, eadhon toradh na mbéol admhuigheas a ainm.
16
Ná dearmaduigh maith agus cúmann do dhéunamh: óir dí dúil ag Día ann a samhuil sin díobarthuibh.
17
Tábhruidh úmhlachd do luchd bhur dtréoruighthe, agus íslighe sibh féin dóibh: óir bíd siad ag faire bhur nanmann mar an luchd bhéuras conntas úathadh, chum so do dhéunamh dhóibh maille ré gáirdeachas agus ní ré hosnaighibh: óir as neamhtharbhach dhíbhse so.
18
Déunuidh úrnuighe air ar soinn: óir is muinighneach sinn as coinnsías maith do bheith aguinn, ar mbeith fonnmhar dhúinn ar sinn féin diomchar go cubhaidh sna huile neíthibh.
19
Agus as móide shírim so oruibh, ionnus go madh lúathaide gheábhus sibh mé aiseag dhíbh a rís.
20
Agus Día na síothchana, tug air ais ó mharbhuibh an Tíghearna Iósa, árdáodhaire na gcáorach, tré fhuil an chonnartha shíorruidhe,
21
Go ndéuna sé sibh diongmhalta sa nuile deaghobair, chum a thola do dhéunamh, ag oibriughadh ionnuibh an neithe as geanamhuil na fhíadhnuise, tré Iósa Críosd; dá bhfuil glóir go sáoghal na sáoghal. Amén.
22
Iarruim fós dathchuinge oruibh, a dhearbhráithre, bríathar an tsóláis dfúlang dhíbh: óir do sgríobh mé go haithghearr chúguibh.
23
Bíodh a fhios aguibh gur sgaóileadh an dearbhráthair Timotéus; an tí, ré a racha mé bhur bhféucháin, má thig sé go goirid.)
24
Teannuidh ribh bhur nuile luchd tréoruighe, agus na naóimh uile. Cuirid na Headáilligh a mbeannachd chuguibh.
25
Grása maille ribh uile. Amén
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
Recommended Reading
Commentary
Hebrews Commentaries
→
Devotional
Hebrews Devotional Guide
→
Get This Bible
Bedell Study Bible
→