bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Hebrews 8
Hebrews 8
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 9 →
1
Agus a sé so suim na neitheann a deirmíd: Atá a shámhuil sin dárdshagart aguinn, noch do shúigh ar deis árdchatháoire na Mórdhachda sna flaithís;
2
Atá na mhinisdir sna hionaduibh náómhtha, agus don tabearnacail fhirinnigh úd, noch do shúighidh an Tighearna, agus ní duine.
3
Oír as chuige órduighthear gach uile árdsagart chum na dtabhartus agus na niodhbarthadh dforáil: ionnas gur bhéigin don fhiorsa mar an gcéudna ní éigin do bheith aige ré a iodhbairt.
4
Oír ní bhíadh sé na shagart, dá mbíadh sé ar an dtalamh, an feadh atáid sagairt ann fhoráileas tabhartuis do réir an reachda:
5
Noch do ní seirbhís do shompla agus do sgáile na neitheann neamhdha, amhuil do fhógair Día do Mháoise ar mbeith dhó ar tí an tabearnacail do chríochnúghadh: tabhair aire riot, ár sé, Go ndéan tú na huile neithe do réir an tsompla do taisbéunadh dhuit sa tslíabh.
6
Achd a nois fuáir sé oifig as oirrdhearca ná sin, an mhéid go bhfuil sé na eidírmheadhontóir an chonnartha as féarr, noch atá ar na dhaingniughadh ris na geallamhnachaibh is fearr.
7
Oír dá mbeith an céudchonnradh úd neamhuireasbhach, ní shirfidhe ionad don dara connradh.
8
Oír a deir sé, dhá néilíughádhsan, Feuch tiucfuidh na laethe, a deir an Tíghearna ann a gcríochnóchuigh mé connradh núadh ré tigh Israél agus ré tigh Iúda:
9
Ní réir an chonnartha do rinne mé ré na naithribh sa lá ann a rug mé ar láimh orrtha chum a dtreóruighthe as talamh na Héigipte; óir níor fhanadar a mbun mo chonnartha, agus ní raibh cás agumsa iónntadhsan, a deir an Tíghearna.
10
Uime sin ag so an connradh do dhéuna mé ré tigh Israél a ndiáigh na laetheadhsin, a deir an Tíghearna; Cuirfe mé mo dhlighthe ann a ninntinn, agus sgriobhthad íad ann a gcroídhe: agus biáidh mé um Dhía aca, agus béid síadsan na bpobal agumsa.
11
Agus ní bhiáidh gach áon fó leith ag teagusg a chomharsan, agus gach áon fo leith ag teagusg a dhearbhráthar, ag rádh, Bíodh aithne air an Dtíghearna agad: óir biáidh eólus aca uile oramsa ón mbeag gus an mór.
12
Oír biáidh mé trócaireach da néugcóruibh, agus cuirfe mé a bpeacuidhe agus a naindhlighthe as mo choimhne feasda.
13
An tan a déir sé, An connradh núadh, do chuir sé an seanchonnradh a neimbrígh. Agus an ní atá ar na chur a neimbrígh agus atá sean as fogus dó bheith ar dtéurnógh.
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 9 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13