bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
John 12
John 12
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 11
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 13 →
1
Sé lá roimh an gCáisc tháinig Íosa go Béatáine mar a raibh Lazaras a dʼardaigh Íosa ó mhairbh.
2
Thug siad dinnéar dó ansiúd, dá bhrí sin, agus bhí Marta ag freastal agus Lazaras ar an gcuideachta leis ag an mbord.
3
Ansin thóg Máire punt meáchain dʼola an-luachmhar, nard dílis, agus rinne sí cosa Íosa a ungadh leis agus iad a chuimilt lena gruaig. Líon an teach de bholadh cumhra na hola.
4
Ach dúirt duine dá dheisceabail, Iúdás ó Isceiriót, an fear a bhí ar tí a bhraite:
5
“Cad chuige nár díoladh an ola seo ar thrí chéad déanar agus é a thabhairt do na boicht?”
6
Ach dúirt sé é sin, ní mar go raibh aon aird aige ar na boicht ach gur ghadaí é agus go mbíodh an sparán aige agus go mbíodh sé ag tarraingt as a gcuirtí ann.
7
Dúirt Íosa ansin: “Lig di chun go gcoimeádfaidh sí é i gcomhair lá mʼadhlactha.
8
Óir bíonn na boicht agaibh i gcónaí in bhur measc, ach ní bhímse agaibh i gcónaí.”
9
Agus bhí a fhios ag slua mór de na Giúdaigh go raibh sé ann agus tháinig siad, ní hamháin mar gheall ar Íosa, ach chun go bhfeicfidís Lazaras a dʼardaigh sé ó mhairbh.
10
Bheartaigh na hardsagairt ansin Lazaras a chur chun báis chomh maith
11
mar go raibh a lán de na Giúdaigh ag imeacht agus ag creidiúint in Íosa dá bharr.
12
Lá arna mhárach, an slua mór a tháinig don fhéile, nuair a chuala siad go raibh Íosa ag teacht go hIarúsailéim,
13
thóg siad craobhacha pailme agus amach leo ina choinne, agus na gártha dá gcur suas acu: “Hósana! Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna, is ea, rí Iosrael.”
14
Agus fuair Íosa asal óg agus shuigh air mar atá scríofa:
15
“Na bíodh eagla ort, a iníon Shíón; féach, tá do rí ag teacht agus é ina shuí ar shearrach asail.”
16
Nior thuig a dheisceabail na nithe ar dtús ach nuair a glóiríodh Íosa, ansin is ea a chuimhnigh siad air go raibh na nithe seo scríofa agus go ndearna siad na nithe sin leis.
17
An slua, dá bhrí sin, a bhí ina fhochair nuair a ghlaoigh sé Lazaras as an tuama agus a thóg sé é ó mhairbh, bhí siad ag tabhairt fianaise uathu.
18
Is dá bharr-san chomh maith a tháinig an slua amach ina choinne, de bhrí gur chuala siad go ndearna sé an mhíorúilt sin.
19
Dúirt na Fairisínigh le chéile ansin: “Féach, ní haon tairbhe dúinn aon ní atá ar siúl againn. Tá an saol mór imithe ina dhiaidh!”
20
Bhí Gréagaigh áirithe ar na daoine a chuaigh suas go hIarúsailéim chun adhradh a dhéanamh lá na féile.
21
Tháinig siad-san mar sin go dtí Pilib, an fear ó Bhéatsáide na Gailíle, agus dʼiarr siad achainí air: “A Thiarna, ba mhaith linn Íosa a fheiceáil,” ar siad.
22
Tháinig Pilib agus dʼinis sé dʼAindrias é, agus ansin tháinig Aindrias agus Pilib agus dʼinis siad dʼÍosa é.
23
Dʼfhreagair Íosa iad agus dúirt: “Tá an uair tagtha chun go ndéanfaí Mac an Duine a ghlóiriú.
24
Áiméan, Áiméan, deirim libh, an gráinne arbhair a thit sa talamh, mura bhfaigheann sé bás, fanann sé leis féin amháin. Ach má fhaigheann sé bás, tugann sé toradh mór uaidh.
25
An té a thugann grá dá anam féin, caillfidh sé é, agus an té a thugann fuath dá anam féin ar an saol seo, déanfaidh sé é a choimeád chun na beatha síoraí.
26
Má dhéanann aon duine friotháileamh orm-sa, leanadh sé mé, agus an áit ina mbímse, is ann a bheidh mo fhriothálaí chomh maith. Má dhéanann aon duine friotháileamh orm-sa, tabharfaidh mʼAthair onóir dó.
27
Tá buaireamh ar mʼanam anois. Cad déarfaidh mé? ‘A Athair, saor mé ón uair seo’? Ach is chuige sin a tháinig mé chun na huaire seo.
28
A Athair, tabhair glóir do dʼainm!” Ansin tháinig guth ó Neamh: “Thug mé glóir dó, agus tabharfaidh mé glóir dó arís.”
29
Arna chloisteáil don slua a bhí ina seasamh timpeall, dúirt siad gur toirneach a rinneadh; dúirt cuid acu: “Aingeal a labhair leis.”
30
Dʼfhreagair Íosa: “Ní ar mo shon-sa,” ar sé, “a tharla an guth, ach ar bhur sonsa.
31
Anois atá breith dá tabhairt ar an saol seo. Anois atá prionsa an tsaoil seo le teilgean amach.
32
Má ardaítear mise ón talamh tarraingeoidh mé gach duine chugam féin.”
33
Dúirt sé an méid sin dá chur in iúl cén sórt báis a bhí i ndán dó a fháil.
34
Dʼfhreagair an slua é ansin: “Chualamar ón dlí go bhfanfaidh Críost go deo, agus cén chaoi a ndeir tú nach foláir Mac an Duine a ardú? Cé hé Mac seo an Duine?”
35
Dúirt Íosa leo ansin: “Tá an solas agaibh go fóill, tamall beag. Déanaigí siúl fad atá an solas agaibh, i dtreo nach mbéarfaidh an dorchadas oraibh. An té a shiúlann sa dorchadas, níl a fhios aige cá mbíonn sé ag dul.
36
Fad tá an solas agaibh creidigí sa solas chun go mbeidh sibh in bhur gclann ag an solas.” Labhair Íosa na nithe sin leo, agus dʼimigh agus cheil é féin orthu.
37
Cé go ndearna sé an méid sin comharthaí os a gcomhair ní chreidfidís ann–
38
ionas go gcomhlíonfaí an focal a dúirt Íseáia fáidh: “A Thiarna, cé a chreid ár scéala? Agus cé dó ar taispeánadh lámh an Tiarna?”
39
Uime sin níorbh fhéidir dóibh creidiúint óir dúirt Íseáia arís:
40
“Dhall sé a súile, agus chruaigh sé a gcroí, chun nach bhfeicfidís lena súile agus nach dtuigfidís lena gcroí, agus go n-iompófaí iad agus go leigheasfainnse iad.”
41
Dúirt Íseáia na nithe sin mar go bhfaca sé a ghlóir agus gur labhair sé air.
42
San am céanna, áfach, chreid a lán de na huachtaráin féin ann, ach níor admhaigh siad é mar gheall ar na Fairisínigh le heagla go gcuirfí as an tsionagóg iad.
43
Óir ba mhó acu glóir daoine ná glóir Dé.
44
Ghlaoigh Íosa de ghuth ard agus dúirt: “An té a chreideann ionamsa, ní chreideann sé ionamsa, ach sa té a chuir uaidh mé.
45
Agus an té a fheiceann mise, feiceann sé an té a chuir uaidh mé.
46
Tháinig mise, mar sholas, isteach sa saol i dtreo, gach duine a chreideann ionamsa, nach bhfanfadh sé sa dorchadas.
47
Má chluineann aon duine mo bhriathra agus nach gcoinneoidh sé iad, ní mise a thugann daorbhreith air, óir ní chun daorbhreith a thabhairt ar an saol a tháinig mé, ach chun an saol a shaoradh.
48
An té a dhiúltaíonn dom-sa, agus nach nglacann mo bhriathra, tá aige an té a thabharfaidh daorbhreith air. An briathar féin a labhair mé, tabharfaidh sé sin daorbhreith air an lá deireanach.
49
Óir ní uaim féin a labhair mé, ach an tAthair féin a chuir uaidh mé, thug seisean ordú dom, cad a déarfainn agus cad a labhróinn.
50
Agus tá a fhios agam gur beatha shíoraí a ordú. Agus uime sin na nithe a labhraím, is mar a dúirt an tAthair liom a labhraím iad.”
← Chapter 11
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 13 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21