bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
John 5
John 5
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 6 →
1
Ina dhiaidh sin tharla féile de chuid na nGiúdach agus chuaigh Íosa suas go hIarúsailéim.
2
Tá in Iarúsailéim, ag Geata na gCaorach, linn ar a dtugtar ‘Béatzata’ san Eabhrais, agus ag a bhfuil cúig cholúnáid.
3
Iontusan bhí slua mór de dhaoine tinne–daill agus bacaigh agus pairilísigh ina luí (ag feitheamh le corraí an uisce.
4
Mar thagadh aingeal an Tiarna anuas ar uairibh sa linn agus chorraíodh sé an t-uisce. An chéad duine isteach sa linn tar éis chorraí an uisce, leigheastaí é ó cibé galar a bhíodh air).
5
Bhí aon duine amháin ann agus a ghalar air le hocht mbliana déag ar fhichid.
6
Nuair a chonaic Íosa an duine seo ina luí ansiúd agus a fhios aige go raibh mórán ama caite aige ann, dúirt sé leis: “Ar mhaith leat go ndéanfaí slán thú?”
7
“A dhuine uasail,” arsa an t-easlán leis dá fhreagairt, “níl aon duine agam chun mé a chur isteach sa linn nuair a chorraítear an t-uisce; fad a bhím ag teacht, téann duine eile síos romham.”
8
Dúirt Íosa leis: “Éirigh, tóg do shráideog agus siúil.”
9
Leigheasadh an duine láithreach, thóg sé a shráideog agus shiúil leis.
10
Bhí an tsabóid ann an lá sin más ea. Chrom na Giúdaigh dá bhrí sin ar a rá leis an té a leigheasadh: “Tá sé ina shabóid, agus ní ceadmhach duit do shráideog a iompar.”
11
Dʼfhreagair sé iad: “An té a rinne slán mé, dúirt sé liom: ‘Tóg do shráideog agus siúil.’”
12
Dʼfhiafraigh siad de ansin: “Cé hé an duine a dúirt leat: ‘Tóg do shráideog agus siúil’?”
13
Ach ní raibh a fhios ag an té a leigheasadh cérbh é, mar bhí Íosa imithe i leataobh ón slua a bhí cruinnithe san áit.
14
Fuair Íosa ina dhiaidh sin é sa Teampall agus dúirt leis: “Féach, tá tú leigheasta. Ná déan peaca feasta le heagla go mbainfeadh rud éigin níos measa duit.”
15
Dʼimigh an duine agus dʼinis sé do na Giúdaigh gurbh é Íosa a leigheas é.
16
Is dá bharr-san a bhí na Giúdaigh ag géar-leanúint ar Íosa mar go ndearna sé na nithe seo ar an tsabóid.
17
Is é freagra a thug Íosa orthu: “Tá mʼAthair ag obair anois, agus riamh, agus táim-se ag obair chomh maith.”
18
Ba mhóide sin mar ba mhian leis na Giúdaigh é a chur chun báis, mar níorbh é amháin go mbíodh sé ag briseadh na sabóide ach deireadh gurbh é Dia a athair féin, dá chur féin ar aon chéim le Dia.
19
Thug Íosa freagra: “Áiméan, Áiméan, deirim libh, ní féidir don Mhac aon ní a dhéanamh uaidh féin mura bhfeiceann sé ní éigin dá dhéanamh ag a Athair. Cibé nithe a dhéanann an tAthair, déanann an Mac iad ar an gcuma chéanna.
20
Óir tá cion ag an Athair ar an Mac agus taispeánann sé dó a ndéanann sé féin, agus taispeánfaidh sé dó oibreacha is mó ná iad seo i dtreo go mbeidh ionadh oraibhse.
21
Óir faoi mar a thógann an tAthair na mairbh agus iad a dhéanamh beo, mar an gcéanna déanann an Mac beo an mhuintir is toil leis;
22
mar ní thugann an tAthair breith ar aon duine ach thug sé an uile bhreith dá Mhac,
23
i dtreo go dtabharfaidh cách onóir don Mhac, mar a thugann siad don Athair. An té nach dtugann onóir don Mhac ní thugann sé onóir don Athair a chuir uaidh é.
24
Áiméan, Áiméan, deirim libh, an té a éisteann le mo bhriathar, agus a chreideann an té a chuir uaidh mé, tá an bheatha shíoraí aige; ní thagann sé chun breithiúnais, ach tá sé dulta ó bhás go beatha.
25
Áiméan, Áiméan, deirim libh, tá an uair ag teacht–tá sí ann cheana– nuair a chluinfidh na mairbh glór Mhac Dé agus iad seo a chluinfidh, mairfidh siad.
26
Óir faoi mar atá beatha ag an Athair ann féin, thug sé don Mhac mar an gcéanna beatha a bheith ann féin aige,
27
agus thug sé údarás dó breithiúnas a dhéanamh de bhrí gurb é Mac an Duine é.
28
Ná déanaigí ionadh den mhéid sin, óir tá an uair ag teacht, a gcluinfidh a bhfuil sna tuamaí glór Mhac Dé,
29
agus tiocfaidh siad amach– iad seo a rinne an mhaith chun aiséirí na beatha, agus iad seo a rinne an t-olc chun aiséirí an bhreithiúnais.
30
Ní féidir dom-sa aon ní a dhéanamh uaim féin. De réir mar a chluinim is ea a thugaim breithiúnas agus is cóir í mo bhreith, óir ní hí mo thoil féin a shantaím ach toil an té a chuir uaidh mé.
31
Dá dtabharfainn fianaise orm féin ní bheadh mʼfhianaise iontaofa.
32
Tá neach eile ann a thugann fianaise orm, agus tá a fhios agam gur iontaofa an fhianaise a thugann sé orm.
33
Chuir sibh teachtairí ag triall ar Eoin agus thug sé fianaise ar an bhfírinne.
34
Ní hé go nglacaimse fianaise ó dhaoine, ach tá na nithe seo dá rá agam chun go slánófar sibh.
35
Lóchrann ar lasadh agus ag taitneamh ab ea é siúd, agus níor mhiste libh-se ar feadh tamaill áthas a fháil ina sholas.
36
Ach tá fianaise agam-sa is mó ná fianaise Eoin. Óir na hoibreacha a thug mʼAthair dom le cur i gcríoch, na hoibreacha sin féin a dhéanaim, tugann siad fianaise gur chuir an tAthair uaidh mé.
37
An tAthair féin a chuir uaidh mé, thug sé fianaise orm. Níor chuala sibh riamh a ghuth ná ní fhaca sibh a dheilbh,
38
agus níl a bhriathar agaibh ag lonnú ionaibh, mar ní chreideann sibh sa té a chuir seisean uaidh.
39
Déanann sibh na scrioptúir a spíonadh mar gur dóigh libh go bhfuil an bheatha shíoraí agaibh iontu: agus is iad-san atá ag tabhairt fianaise i mo thaobhsa,
40
ach ní háil libh teacht chugam i dtreo go mbeidh beatha agaibh.
41
Ní ghabhaim glóir ó dhaoine.
42
Ach tá aithne agam oraibh, nach bhfuil grá Dé ionaibh.
43
Tháinig mise in ainm mʼAthar, agus ní ghlacann sibh mé; má thagann duine eile ina ainm féin, glacfaidh sibh eisean.
44
Conas ab fhéidir daoibh creidiúint, agus glóir dá glacadh agaibh óna chéile gan aon lorg agaibh ar an nglóir a thagann ó Dhia amháin.
45
Ná measaigí go bhfuilim chun sibh a chúisiú i láthair an Athar; tá duine do bhur gcuisiú– Maois, an té a bhfuil muinín agaibh as.
46
Dá gcreidfeadh sibh Maois, chreidfeadh sibh mise, óir is i mo thaobhsa a scríobh seisean.
47
Mura gcreideann sibh a scríbhinní-sean, conas a chreidfidh sibh mo bhriathar-sa?
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 6 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21