bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
John 15
John 15
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 14
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 16 →
1
Mise an fhíniúin fhíor, agus is é mʼAthair an saothraí.
2
Gach géag ionam nach dtugann toradh, bainfidh sé í; agus gach géag a thugann toradh, bearrfaidh sé í, ionas go dtabharfaidh sí breis toraidh.
3
Tá sibh-se bearrtha de bharr an bhriathair a labhair mé libh.
4
Fanaigí ionamsa, agus mise ionaibh. Faoi mar nach féidir don ghéag toradh a thabhairt uaithi féin, mura bhfanann sí san fhíniúin, sin mar nach féidir daoibhse, mura bhfanann sibh ionamsa.
5
Mise an fhíniúin, sibh-se na géaga; an té a fhanann ionamsa, agus mise ann, tugann seisean toradh mór uaidh; óir gan mise, ní féidir daoibh aon ní a dhéanamh.
6
Cibé nach bhfanfaidh ionamsa, caithfear amach é mar ghéag, agus feofaidh sé; agus tógfar agus caithfear sa tine iad, agus dófar iad.
7
Má fhanann sibh ionamsa agus má fhanann mo bhriathra ionaibh, iarrfaidh sibh cibé ní is mian libh agus déanfar daoibh é.
8
Tugadh glóir do mʼAthair sa mhéid go dtugann sibh-se toradh mór uaibh, agus go mbeidh sibh in bhur ndeisceabail agam-sa.
9
Faoi mar a thug an tAthair grá dom-sa, thug mise grá daoibhse chomh maith. Fanaigí i mo ghrá.
10
Má choinníonn sibh mʼaitheanta, fanfaidh sibh i mo ghrá, faoi mar a choinnigh mise aitheanta mʼAthar, agus a fhanaim ina ghrá.
11
Dúirt mé na nithe seo libh chun go mbeadh mo lúcháir-se ionaibh agus go mbeadh bhur lúcháir-se iomlán.
12
Is í seo mʼaithne: sibh a thabhairt grá dá chéile, faoi mar a thug mé grá daoibh.
13
Níl grá ag aon duine níos mó ná seo go dtabharfaidh duine a anam ar son a chairde.
14
Sibh-se mo chairde má dhéanann sibh na nithe a ordaím daoibh.
15
Ní seirbhísigh a thugaim oraibh feasta, mar ní heol do sheirbhíseach gnó a mháistir. Ach thug mé cairde oraibh, óir gach a gcuala ó mʼAthair, chuir mé in iúl daoibh é.
16
Ní sibh-se a rinne mise a thoghadh, ach mise a rinne sibh-se a thoghadh, agus a cheapadh chun go n-imeodh sibh agus toradh a thabhairt agus go mairfeadh bhur dtoradh; i dtreo, cibé ní a dʼiarrfadh sibh ar an Athair i mʼainm, go dtabharfadh sé daoibh é.
17
Is iad seo mʼaitheanta daoibh: sibh a thabhairt grá dá chéile.
18
“Má thugann an saol fuath daoibh, bíodh a fhios agaibh gur thug sé fuath dom-sa romhaibh.
19
Dá mba den saol sibh bheadh cion ag an saol ar a chuid féin. Ach de bhrí nach den saol sibh ach go ndearna mise sibh a thoghadh as an saol, uime sin atá fuath ag an saol daoibh.
20
Cuimhnígí ar an bhfocal a dúirt mé libh: ‘Níl aon seirbhíseach níos mó ná a mháistir. Má rinne siad géar-leanúint orm-sa, déanfaidh siad géar-leanúint oraibhse chomh maith. Má choinnigh siad mo bhriatharsa, coinneoidh siad bhur mbriatharsa chomh maith.
21
Ach déanfaidh siad na nithe seo go léir libh, ar son mʼainm-se, mar nach raibh aithne acu ar an té a chuir uaidh mé.
22
Mura dtiocfainn agus labhairt leo, ní bheadh peaca orthu. Ach anois níl leithscéal acu i dtaobh a bpeaca.
23
An té ar fuath leis mise, is fuath leis mʼAthair chomh maith.
24
Mura ndéanfainn na hoibreacha ina measc, nach ndearna aon duine eile, ní bheadh peaca orthu. Ach anois chonaic siad, agus is fuath leo, mise agus mʼAthair, in éineacht.
25
Ach ionas go gcomhlíonfar an focal atá scríofa sa dlí acu: ‘Thug siad fuath dom gan chúis.’
26
Nuair a thiocfaidh an tAbhcóide a chuirfidh mé chugaibh ón Athair, Spiorad na Fírinne a ghluaiseann ón Athair, déanfaidh sé fianaise orm.
27
Déanann sibh-se fianaise freisin, mar bhí sibh in éineacht liom ó thosach.
← Chapter 14
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 16 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21