bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
John 9
John 9
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 10 →
1
Agus ag gabháil na slí dó, chonaic sé duine a bhí dall ón mbroinn.
2
Dʼfhiafraigh a dheisceabail de: “A Raibí,” ar siad, “cé acu a rinne an peaca, é seo nó a thuismitheoirí dá rá is gur rugadh ina dhall é?”
3
Dʼfhreagair Íosa: “Ní hamhlaidh a pheacaigh sé seo ná a thuismitheoírí; tharla seo chun go dtaispeánfaí oibreacha Dé ann.
4
Fad tá an lá ann, ní mór dúinn oibreacha an té a chuir uaidh mé a dhéanamh; tá an oíche ag teacht nuair nach féidir dʼaon duine obair a dhéanamh.
5
An fad atáim ar an saol is mé solas an tsaoil.”
6
Arna rá sin dó, chaith sé seile ar an talamh agus rinne sé láib den tseile agus chuir sé an láib ar shúile an daill
7
agus dúirt sé leis: “Imigh agus nigh i Linn Shiolóm”–is é sin le rá, ‘Seolta’. Dʼimigh sé, nigh é féin agus dʼfhill agus a radharc aige.
8
Dúirt a chomharsana ansin, agus an dream a chonaic é roimhe sin, ag iarraidh déirce: “Nach é seo an té a bhíodh ina shuí ag lorg déirce?” Dúirt daoine: “Is é.”
9
Dúirt daoine eile: “Ní hé, ach is cosúil leis é.” Dúirt sé féin: “Is mé é.”
10
Dúirt siad leis ansin: “Conas a osclaíodh do shúile mar sin?”
11
Dʼfhreagair sé: “An fear sin ar a dtugtar ‘Íosa’, rinne sé láib agus smear sé ar mo shúile í, agus dúirt liom: ‘Imigh go Linn Shiolóm agus nigh.’ Dʼimigh mé dá réir sin, nigh mé, agus tháinig mo radharc dom.”
12
Dʼfhiafraigh siad: “Cá bhfuil sé?” “Níl a fhios agam,” ar sé.
13
Thug siad chun na bhFairisíneach an té seo a bhí dall tráth.
14
Ba í an tsabóid í an lá a ndearna Íosa an láib agus a dʼoscail sé súile an duine.
15
Dʼfhiafraigh na Fairisínigh de arís mar sin conas a fuair sé a radharc. Dúirt sé leo: “Chuir sé láib ar mo shúile, nigh mé agus tá mo radharc agam.”
16
Dúirt cuid de na Fairisínigh ansin: “Ní ó Dhia an duine seo mar ní choinníonn sé an tsabóid.” Dúirt cuid eile: “Conas is féidir le duine peacúil míorúiltí mar iad seo a dhéanamh?” Agus bhí aighneas eatarthu.
17
Dúirt siad arís leis an dall dá bhrí sin: “Cad deir tusa mar gheall air ó dʼoscail sé do shúile?” Dʼfhreagair sé: “Fáidh is ea é.”
18
Ansin ní chreidfeadh na Giúdaigh go raibh sé dall agus go bhfuair sé a radharc nó gur ghlaoigh siad ar athair agus ar mháthair an té a fuair a radharc
19
agus gur cheistigh siad iad: “An é seo bhur mac a deir sibh a rugadh ina dhall?” ar siad. “Conas go bhfuil radharc anois aige, mar sin?”
20
Dʼfhreagair a thuismitheoirí: “Is eol dúinn,” ar siad, “gurb é ár mac é, agus gur dall a rugadh é.
21
Ach conas go bhfuil radharc anois aige, ní heol dúinne, ná cé a dʼoscail a shúile ní heol dúinne. Cuirigí ceist air féin; tá sé in aois fir; labhróidh sé ar a shon féin.”
22
Labhair a thuismitheoirí mar sin mar bhí eagla na nGiúdach orthu. Óir bhí sé socair cheana ag na Giúdaigh aon duine a dʼadmhódh gurbh é an Críost é a dhíbirt as an tsionagóg.
23
Mar gheall air sin is ea a dúirt a thuismitheoirí: “Tá sé in aois fir; cuirigí ceist air féin.”
24
Ansin ghlaoigh siad arís ar an duine a rugadh ina dhall, agus dúirt siad leis: “Tabhair glóir do Dhia! Tá a fhios againne gur peacach an duine sin.”
25
Dʼfhreagair seisean iad ansin: “Más peacach é–níl a fhios agam; tá a fhios agam aon ní amháin, go raibh mé i mo dhall ach anois go bhfuil radharc agam.”
26
Dúirt siad leis ansin arís: “Cad a rinne sé leat? Conas a dʼoscail sé do shúile?”
27
Dʼfhreagair sé iad: “Dʼinis mé cheana daoibh é, agus ní éistfeadh sibh; cad ab áil libh dá chloisteáil arís? An amhlaidh gur mian libh-se a bheith in bhur ndeisceabail aige chomh maith?”
28
Chaith siad asacháin leis ansin agus dúirt: “Bí-se i do dheisceabal aige siúd, ach is deisceabail do Mhaois sinne.
29
Tá a fhios againn gur labhair Dia le Maois; ach an fear seo, ní fios dúinn cad as ar tháinig sé.”
30
Dʼfhreagair an fear: “Is iontach an rud é go deimhin,” ar sé leo, “nach bhfuil a fhios agaibh cad as dó, agus gur oscail sé mo shúile dom-sa.
31
Tá a fhios againn nach n-éisteann Dia le peacaigh, ach cibé ar a bhfuil eagla Dé agus a dhéanann a thoil, éisteann sé leis sin.
32
Níor chualathas riamh ó thús an domhain gur oscail aon duine súile duine a rugadh ina dhall.
33
Mura mbeadh gur ó Dhia an duine seo, níorbh fhéidir leis aon ní a dhéanamh.”
34
Dʼfhreagair siad agus dúirt leis: “I bpeacaí a rugadh thusa ar fad, agus an dár dteagasc-na atá tú?” Agus chaith siad amach é.
35
Chuala Íosa gur chaith siad amach é, agus nuair a fuair sé é dúirt sé leis: “An gcreideann tú i Mac an Duine?”
36
Dʼfhreagair seisean: “Cé hé féin, a Thiarna?”–ar sé leis–“chun go gcreidfidh mé ann.”
37
Dúirt Íosa leis: “Tá sé feicthe agat, agus an té atá ag caint leat, is é sin é.”
38
Dúirt seisean: “Creidim, a Thiarna,” agus rinne sé ómós dó.
39
Dúirt Íosa: “Is chun breithiúnais a tháinig mé ar an saol seo, i dtreo go bhfeicfeadh an dream nach bhfeiceann, agus go ndallfaí an dream a fheiceann.”
40
Chuala cuid de na Fairisínigh a bhí ina fhochair na focail sin agus dúirt siad leis: “Ní hamhlaidh, ar ndóigh, atáimidne dall chomh maith?”
41
Dúirt Íosa leo: “Dá mbeadh sibh dall, ní bheadh peaca oraibh, ach anois deir sibh: ‘Tá radharc againn,’ agus leanann bhur bpeaca oraibh.”
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 10 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21