bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
John 2
John 2
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 3 →
1
An triú lá bhí pósadh i gCána na Gailíle agus bhí máthair Íosa ann.
2
Fuair Íosa cuireadh chun an phósta freisin, agus a dheisceabail.
3
Chuaigh den fhíon agus dúirt a mháthair le hÍosa: “Níl aon fhíon acu.”
4
Dúirt Íosa léi: “Cad ab áil leat díom, a bhean? Níl mʼuairse tagtha fós.”
5
Dúirt a mháthair leis an lucht freastail: “Déanaigí cibé ní a déarfaidh sé libh.”
6
Bhí sé soithí cloiche ansiúd le haghaidh íonghlanadh de réir nós na nGiúdach; choinneoidís a dó nó a trí de mheadair an ceann.
7
Dúirt Íosa leo: “Líonaigí na soithí suas le huisce.” Agus líon siad go béal iad.
8
Dúirt sé leo: “Tarraingígí as feasta agus beirigí go dtí máistir na fleá é.”
9
Rug siad, agus nuair a bhlais máistir na fleá an t-uisce ina fhíon, agus gan a fhios aige cár tháinig sé as (bhí a fhios, áfach, ag an lucht freastail a tharraing an t-uisce) ghlaoigh an máistir ar an bhfear nuaphósta,
10
agus dúirt leis: “Cuireann gach duine an fíon maith ar an gclár ar dtús agus nuair a bhíonn siad ar meisce, an dara grád. Ach choinnigh tusa an fíon maith go dtí anois.”
11
Rinne Íosa an chéad cheann sin dá chomharthaí i gCána na Gailíle, agus thaispeáin sé a ghlóir agus chreid a dheisceabail ann.
12
Ansin chuaigh sé síos go Cafarnáúm, é féin agus a mháthair agus a bhráithre agus a dheisceabail agus dʼfhan siad ann beagán laethanta.
13
Bhí Cáisc na nGiúdach in achomaireacht agus chuaigh Íosa suas go hIarúsailéim dá bhrí sin.
14
Fuair sé sa sanctóir lucht díolta bó agus caorach agus colmán, agus lucht malairtithe airigid ina suí ann.
15
Agus rinne sé sciúirse de théada agus thiomáin sé iad go léir amach as an sanctóir, na caoirigh agus na ba chomh maith; scaip sé airgead lucht a mhalairtithe agus leag sé na boird,
16
agus dúirt sé le lucht díolta na gcolmán: “Beirigí na nithe sin as seo agus ná déanaigí teach margaidh de theach mʼAthar.”
17
Chuimhnigh a dheisceabail go raibh sé scríofa: “Déanfaidh díograis do thí mé a ithe.”
18
Dʼfhreagair na Giúdaigh ansin: “Cén comhartha,” ar siad leis, “atá dá thaispeáint agat dúinn mar bhonn lena bhfuil dá dhéanamh agat?”
19
Dʼfhreagair Íosa: “Leagaigí an teampall seo,” ar sé leo, “agus i dtrí lá tógfaidh mé suas arís é.”
20
Dúirt na Giúdaigh dá fhreagairt: “Sé bliana agus daichead atá an Teampall seo dá thógáil, agus an dtógfaidh tusa é i dtrí lá?”
21
Ach ar theampall a choirp féin a bhí seisean ag labhairt.
22
Nuair a dʼaiséirigh sé ó mhairbh, dá bhrí sin, chuimhnigh a dheisceabail go ndúirt sé an chaint seo agus chreid siad sa scrioptúr agus sa chaint a dúirt Íosa.
23
Fad bhí sé in Iarúsailéim le linn fhéile na Cásca chreid a lán ina ainm nuair a chonaic siad na comharthaí a bhí dá ndéanamh aige.
24
Ach Íosa féin, níor thug sé é féin ar iontaoibh dóibh mar gurbh aithnid dó iad go léir,
25
Agus nach raibh aon ghá aige go dtabharfadh aon duine fianaise dó i dtaobh an duine. Óir bhí a fhios aige féin cad a bhí sa duine.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21