bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
John 7
John 7
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 8 →
1
Ina dhiaidh sin bhí Íosa ag gabháil thart sa Ghailíl, mar níorbh áil leis gabháil thart in Iúdáia mar go raibh na Giúdaigh ag iarraidh é a chur chun báis.
2
Bhí féile na nGiúdach, féile na dTaibearnacal, in achomaireacht.
3
Dúirt a bhráithre leis dá bhrí sin: “Fág an áit seo agus imigh go hIúdáia ionas go bhfeicfidh do dheisceabail na hoibreacha atá tú a dhéanamh.
4
Óir ní dhéanann aon duine aon rud faoi choim, agus fonn air a bheith i mbéal an phobail; má dhéanann tú na nithe seo, taispeáin thú féin don saol.”
5
Óir níor chreid fiú a bhráithre ann.
6
Dúirt Íosa leo dá bhrí sin: “Níor tháinig mʼuain-se go fóill; ach tá bhur n-uain-se i gcónaí ullamh.
7
Ní féidir don saol fuath a thabhairt daoibhse, ach tá fuath aige dom-sa mar go dtugaim fianaise ina thaobh go bhfuil a oibreacha go holc.
8
Téigí-se suas chun na féile, ach nílimse ag dul suas chun na féile seo fós, óir níl mʼuain-se comhlíonta go fóill.”
9
Ar rá na nithe sin leo, dʼfhan sé sa Ghailíl.
10
Ach nuair a bhí a bhráithre imithe suas chun na féile, chuaigh sé féin suas chomh maith, níorbh os ard é, ach mar a bheadh faoi choim.
11
Bhí na Giúdaigh dá réir sin dá lorg lá na féile agus deiridís:
12
“Cá bhfuil sé siúd?” agus bhí monabhar mór i measc na sluaite mar gheall air. Bhí cuid acu dá rá: “Duine maith é”; tuilleadh acu dá rá: “Ní hea, ach ag mealladh an phobail atá sé.”
13
Níor labhair aon duine, áfach, amach os ard ina thaobh, le heagla roimh na Giúdaigh.
14
Nuair a bhí ceiliúradh na féile leath-thart, chuaigh Íosa suas isteach sa Teampall agus chrom ar theagasc.
15
Tháinig ionadh, dá bhrí sin, ar na Giúdaigh agus dúirt siad: “Cén chaoi a bhfuil léann aige agus nach bhfuair sé foghlaim?”
16
Dʼfhreagair Íosa ansin: “An teagasc seo a thugaim,” ar sé, “ní liom-sa é ach leis an té a chuir uaidh mé.
17
Más mian le haon duine a thoil-sean a dhéanamh, aithneoidh sé an ó Dhia an teagasc nó an uaim féin atá mé ag labhairt.
18
An té a labhraíonn uaidh féin, bíonn a ghlóir féin dá lorg aige. An té a lorgann glóir an té a chuir uaidh é, tá sé fírinneach agus níl aon éagóir ann.
19
Nár thug Maois an dlí daoibh agus ní chomh-líonann aon duine agaibh an dlí? Cad chuige daoibh a bheith ag iarraidh mé a chur chun báis?”
20
Dʼfhreagair an slua: “Tá deamhan ionat! Cé atá ag iarraidh tú a chur chun báis?”
21
Dʼfhreagair Íosa: “Aon obair amháin a rinne mé,” ar sé, “agus tá ionadh oraibh go léir.
22
Thug Maois, más ea, an timpeall-ghearradh daoibh–ní hé gurb ó Mhaois é, ach ó na huasalaithreacha–agus déanann sibh timpeall-ghearradh ar dhuine fiú ar an tsabóid.
23
Má dhéantar timpeall-ghearradh ar dhuine sa tsabóid chun nach mbrisfear dlí Mhaois, an bhfuil fearg oraibh liom-sa mar go ndearna mé duine iomlán a leigheas ar an tsabóid?
24
Ná tugaigí breith de réir mar a fheictear ach tugaigí breith chóir.”
25
Dúirt cuid de mhuintir Iarúsailéim: “Nach é seo an fear atá siad ag iarraidh a chur chun báis?
26
Agus féach é ag caint os comhair an tsaoil agus gan aon ní dá rá acu leis. An amhlaidh le fírinne go bhfuil a fhios ag na huachtaráin gurb é an Críost é?
27
Is eol dúinn áfach cad as dó seo; ach an Críost, nuair a thiocfaidh sé, ní heol dʼaon duine cad as dó.”
28
Ghlaoigh Íosa ansin in ard a ghutha sa Teampall: “Tá aithne agaibh orm, más ea,” ar sé, “agus is eol daoibh cad as dom; agus ní uaim féin a tháinig mé; ach is fíor é an té a chuir uaidh mé, agus níl aithne agaibh-se air.
29
Ach tá aithne agam-sa air mar is uaidh a tháinig mé agus is eisean a chuir uaidh mé.”
30
Bhí siad ag iarraidh é a ghabháil, ach níor leag aon duine lámh air, mar ní raibh a uair tagtha fós.
31
Bhí a lán den slua a chreid ann agus deiridís: “Nuair a thiocfaidh an Críost, an ndéanfaidh sé níos mó comharthaí ná mar a dhéanann an duine seo?”
32
Chuala na Fairisínigh an slua ag monabhar faoi ar an gcuma sin, agus chuir na hardsagairt agus na Fairisínigh póilíní chun é a ghabháil.
33
Dúirt Íosa leo dá bhrí sin: “Beidh mé faraibh tamall beag fós, ansin fillfidh mé ar an té a chuir uaidh mé.
34
Beidh sibh ar mo lorg, ach ní bhfaighidh sibh mé, agus an áit ina bhfuilim-se ní féidir daoibhse teacht ann.”
35
Dúirt na Giúdaigh eatarthu féin dá bhrí sin: “Cá bhfuil sé le dul agus nach bhfaighimid é? An bhfuil sé chun dul ag triall ar na deoraithe ar fud an domhain Ghréagaigh, agus na Gréagaigh a theagasc?
36
Cad í an chaint í seo a dúirt sé: ‘Beidh sibh ar mo lorg ach ní bhfaighidh sibh mé; agus an áit ina bhfuilim-se, ní féidir daoibhse teacht ann’?”
37
Lá mór deireanach na féile sheas Íosa agus ghlaoigh in ard a ghutha: “Má tá tart ar aon duine,” ar sé, “tagadh sé chugam-sa agus óladh sé!
38
An té a chreideann ionamsa, faoi mar a deir an scrioptúr, rithfidh as a chroí istigh sruthanna dʼuisce beo.”
39
Dúirt sé an chaint sin ag tagairt don Spiorad a bhí le glacadh acu siúd a chreid ann. Óir ní raibh an Spiorad bronnta fós mar go raibh Íosa fós gan glóiriú.
40
Cuid den slua, áfach, nuair a chuala siad na focail sin, deiridís: “Is é seo an fáidh gan amhras.”
41
Deireadh tuilleadh acu: “Is é an Críost é seo,” ach deireadh cuid eile acu: “An as an nGailíl atá an Críost ag teacht?
42
Nach ndeir an scrioptúr gur de shíol Dháiví, agus ó bhaile Bheithil, mar a raibh Dáiví, atá an Críost ag teacht?”
43
Dʼéirigh aighneas ina thaobh dá réir sin i measc an tslua.
44
Ba mhian le cuid acu é a ghabháil, ach níor chuir aon duine lámh ann.
45
Tháinig na póilíní dá bhrí sin go dtí na hardsagairt agus na Fairisínigh agus dúirt siad-san leo: “Cad chuige nár thug sibh libh é?”
46
Dʼfhreagair na póilíní: “Níor labhair aon duine riamh mar a labhraíonn an duine seo.”
47
Dʼfhreagair na Fairisínigh iad dá bhrí sin: “An féidir gur mealladh sibh-se comh maith?
48
Ar chreid aon duine de na huachtaráin nó de na Fairisínigh ann?
49
Ach an slua seo nach eol dóibh an dlí, tá mallacht orthu.”
50
Niocadaemas–an té a tháinig chuige roimhe sin agus gur dhuine acu é–dúirt sé leo:
51
“An dtugann ár ndlí breith ar aon duine gan éisteacht a thabhairt dó ar dtús agus a fháil amach cad tá sé a dhéanamh?”
52
Dʼfhreagair siad agus dúirt leis: “An amhlaidh is Gailíleach thusa chomh maith? Cuardaigh an scrioptúr agus féach nach n-éiríonn fáidh ón nGailíl.”
53
Ansin chuaigh gach duine abhaile.
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 8 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21