bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
John 14
John 14
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 15 →
1
Ná bíodh buaireamh ar bhur gcroí: creideann sibh i nDia; creidigí ionamsa leis.
2
Is iomaí áras i dteach mʼAthar. Mura mbeadh, dʼinseoinn daoibh é. Óir táim ag dul ag cur áite i gcóir daoibh,
3
agus má théim agus áit a chur i gcóir daoibh, tiocfaidh mé arís agus tógfaidh mé sibh chugam féin; i dtreo, an áit ina mbeidh mise, go mbeidh sibh-se chomh maith.
4
Tá eolas na slí agaibh mar a bhfuilim ag dul.”
5
Dúirt Tomás leis: “A Thiarna, ní heol dúinn cá bhfuil tú ag dul agus cén chaoi ar féidir dúinn eolas na slí a bheith againn?”
6
Dúirt Íosa leis: “Is mise an tslí, an fhírinne agus an bheatha. Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa.
7
Dá mbeadh aithne agaibh orm-sa, dʼaithneodh sibh mʼAthair chomh maith. Tá aithne agaibh air feasta, agus tá radharc faighte agaibh air.”
8
Dúirt Pilib leis: “A Thiarna, taispeáin dúinn an tAthair agus is leor dúinn sin.”
9
Dúirt Íosa leis: “An bhfuilim an fad sin aimsire, a Philib, in bhur measc agus gan aithne agat orm? An té a chonaic mise, chonaic sé an tAthair. Conas, mar sin, a deir tú: ‘Taispeáin dúinn an tAthair’?
10
Nach gcreideann tú go bhfuilim-se san Athair agus an tAthair ionamsa? Na briathra a labhraímse libh, ní uaim féin a labhraím iad, ach an tAthair atá ina chónaí ionamsa, eisean a dhéanann na hoibreacha.
11
Creidigí uaim-se é go bhfuilim-se san Athair agus an tAthair ionamsa.
12
Nó murab é sin, creidigí mar gheall ar na hoibreacha féin. Áiméan, Áiméan, deirim libh, an té a chreideann ionamsa, na hoibreacha a dhéanaimse, déanfaidh seisean iad chomh maith, agus déanfaidh sé oibreacha is mó ná iad; mar táim-se ag dul chun an Athar.
13
Cibé ní a iarrfaidh sibh i mʼainm déanfaidh mé é, i dtreo go dtabharfaí glóir don Athair tríd an Mac.
14
Má iarrann sibh aon ní orm i mʼainm, déanfaidh mé é.
15
Má tá grá agaibh dom, coinneoidh sibh mʼaitheanta.
16
Agus iarrfaidh mé ar mʼAthair é, agus tabharfaidh sé Abhcóide eile daoibh chun fanacht faraibh go deo–
17
Spiorad na Fírinne, nach féidir don saol a ghlacadh, mar ní fheiceann sé é ná ní aithníonn sé é. Ach aithníonn sibh-se é mar fanann sé faraibh, agus beidh sé ionaibh.
18
Ní fhágfaidh mé in bhur ndílleachtaí sibh; tiocfaidh mé ar ais chugaibh.
19
Tamall beag eile agus siúd é an saol agus gan radharc aige orm-sa feasta; ach tá radharc agaibh-se orm, óir táim-se beo agus beidh sibh-se beo chomh maith.
20
An lá sin aithneoidh sibh go bhfuilim-se i mʼAthair, agus go bhfuil sibh-se ionamsa, agus mise ionaibh.
21
An té a bhfuil mʼaitheantasa aige agus a choinníonn iad, sin é an té a bhfuil grá aige dom. An té a bhfuil grá aige dom, beidh grá ag mʼAthair dó, agus beidh grá agam dó, agus taispeánfaidh mé mé féin dó.”
22
Dúirt Iúdás–níorbh é fear Isceiriót é: “A Thiarna, cad é seo? Nach bhfuil tú chun tú féin a thaispeáint don saol, ach dúinne?”
23
Dʼfhreagair Íosa: “Má bhíonn grá ag duine dom,” ar sé leis, “coinneoidh sé mo bhriathar, agus beidh grá ag mʼAthair dó, agus tiocfaimid chuige, agus déanfaimid cónaí mar aon leis.
24
An té nach mbíonn grá aige dom, ní choinníonn sé mo bhriathra. Ach an briathar a chluineann sibh, ní liom féin é, ach leis an Athair a chuir uaidh mé.
25
Tá an méid sin inste agam daoibh, fad a bhí mé ag fanacht agaibh,
26
ach an tAbhcóide, an Spiorad Naomh, a chuirfidh an tAthair uaidh i mʼainm-se, múinfidh seisean an uile ní daoibh, agus cuirfidh sé i gcuimhne daoibh, ar inis mise daoibh.
27
Fágaim síocháin agaibh; tugaim mo shíocháin daoibh. Ní thugaim daoibh í mar a thugann an saol í. Ná bíodh bhur gcroí buartha agus ná bíodh eagla air.
28
Chuala sibh mé dá rá libh: ‘Táim ag imeacht uaibh, agus tiocfaidh mé ar ais chugaibh.’ Dá mbeadh grá agaibh dom, bheadh áthas oraibh, óir táim ag dul go dtí an tAthair, mar is mó an tAthair ná mise.
29
Agus anois, tá sé inste agam daoibh, sula dtiocfaidh sé chun críche, ionas, nuair a thiocfaidh sé chun críche, go gcreidfidh sibh.
30
Ní labhróidh mé mórán eile libh, mar tá prionsa an tsaoil seo ag teacht agus níl neart ar bith aige orm-sa.
31
Ach caithfidh an saol a aithint go bhfuil grá agam don Athair, agus go ndéanaim de réir mar a dʼordaigh an tAthair dom. Éirígí, agus téimis as seo.
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 15 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21