bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
John 4
John 4
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 5 →
1
Nuair a dʼairigh an Tiarna gur chuala na Fairisínigh go raibh níos mó deisceabal dá ndéanamh ag Íosa agus dá mbaisteadh ná mar a bhí ag Eoin–
2
fág nárbh é Íosa féin a bhí ag baisteadh ach a dheisceabail–
3
dʼfhág sé Iúdáia agus dʼimigh sé arís don Ghailíl.
4
Níorbh fholáir dó gabháil trí dhúiche na Samáire.
5
Tháinig sé mar sin go cathair sa tSamáir darbh ainm Siochar, láimh leis an bhfearann a thug Iacób dá mhac Iósaef.
6
Ansiúd a bhí tobar Iacób. Mar go raibh Íosa traochta ón aistear, shuigh sé ag an tobar. Timpeall an séú huair ab ea é.
7
Tháinig bean ón tSamáir ag tarraingt uisce. Dúirt Íosa léi: “Tabhair dom deoch.”
8
Bhí a dheisceabail imithe isteach don chathair ag ceannach bia.
9
Dúirt an Samárach mná leis ansin: “Conas go n-iarrann tusa, agus gur Giúdach thú, deoch orm-sa agus gur Samárach mná mé?” Ní bhíonn aon chaidreamh ag Giúdaigh ar Shamáraigh.
10
Dʼfhreagair Íosa: “Dá mba eol duit tabhartas Dé,” ar sé léi, “agus cé hé a deir leat: ‘Tabhair dom deoch,’ is tusa a bheadh ag iarraidh air-sean, agus thabharfadh sé duit uisce beo.”
11
“Níl aon bhuicéad agat, a dhuine uasail,” arsa an bhean leis, “agus tá an tobar domhain. Cad as mar sin a gheobhfá an t-uisce beo seo?
12
An amhlaidh gur mó thú ná ár n-athair Iacób a thug dúinn an tobar agus gur ól sé féin as agus a chlann agus a thréada?”
13
Dʼfhreagair Íosa: “Gach duine a ólann an t-uisce seo,” ar sé léi, “beidh tart arís air.
14
Ach má olann aon duine an t-uisce a thabharfaidh mise dó, ní bheidh tart air go brách na breithe. Ach an t-uisce a thabharfaidh mise dó, déanfaidh tobar uisce de istigh ann, ag brúchtaíl chun na beatha síoraí.”
15
Dúirt an bhean leis: “A dhuine uasail, tabhair dom an t-uisce sin i dtreo nach mbeidh tart orm choíche, agus nach gcaithfidh mé teacht anseo ag tarraingt uisce.”
16
Dúirt sé léi: “Imigh agus glaoigh ar dʼfhear agus fill anseo.”
17
Dʼfhreagair an bhean: “Níl fear agam,” ar sí leis. Dúirt Íosa léi: “Is maith a dúirt tú: ‘Níl fear agam’;
18
óir bhí cúigear fear agat agus an té atá anois agat ní hé dʼfhear é. Dʼinis tú an fhírinne sa mhéid sin.”
19
Dúirt an bhean leis: “A dhuine uasail, feicim gur fáidh thú.
20
Ar an gcnoc seo a rinne ár n-aithreacha Dia a adhradh, ach deir sibh-se gur in Iarúsailéim atá an áit inar cóir adhradh a dhéanamh.”
21
Dúirt Íosa léi: “Creid uaim-se é, a bhean go bhfuil an uain ag teacht nuair nach ar an gcnoc seo ná in Iarúsailéim a dhéanfaidh sibh an tAthair a adhradh.
22
Adhrann sibh-se an ní nach eol daoibh; adhraimidne an ní is eol dúinn; mar is ó na Giúdaigh an slánú.
23
Ach tá an uain ag teacht, agus is anois féin é, ina ndéanfaidh lucht an fhíoradhartha an tAthair a adhradh sa Spiorad agus sa bhfírinne; óir sin iad an sórt is mian leis an Athair dá adhradh.
24
Spiorad é Dia, agus lucht a adhartha is i spiorad agus i bhfírinne a chaithfidh siad adhradh.”
25
Dúirt an bhean leis: “Tá a fhios agam go bhfuil an Meisias ag teacht”–is é sin le rá an Críost–“agus nuair a thiocfaidh seisean inseoidh sé gach aon ní dúinn.”
26
Dúirt Íosa léi: “Mise é atá ag caint leat.”
27
Lena linn sin tháinig a dheisceabail agus rinne siad ionadh de go raibh sé ag caint le bean. Ní dúirt aon duine acu, áfach: “Cad tá uait?” ná “Cén fáth tú a bheith ag caint léi?”
28
Lig an bhean a crúsca uaithi ansin agus dʼimigh léi isteach don chathair agus dúirt leis na daoine:
29
“Tagaigí go bhfeicfidh sibh fear a dʼinis dom gach ní dá ndearna mé. An féidir gurb é an Críost é?”
30
Ghluais daoine amach as an gcathair agus bhí siad ag dul ina threo.
31
Lena linn sin bhí a dheisceabail ag tathant air: “A Raibí,” ar siad leis, “bí ag ithe.”
32
Dúirt sé leo: “Tá agam bia le hithe nach eol daoibhse.”
33
Ansin dúirt na deisceabail lena chéile: “An féidir gur thug duine éigin rud le hithe dó?”
34
Dúirt Íosa leo: “Is é is bia dom-sa toil an té a chuir uaidh mé a dhéanamh agus a chuid oibre a chur i gcríoch.
35
Nach ndeir sibh-se ‘Ceithre mhí eile agus beidh an fómhar ann’? Seo mise dá rá libh: Tógaigí bhur súile agus féachaigí ar na goirt; tá siad geal chun an fhómhair.
36
Tá a thuarastal dá fháil ag an mbuanaí cheana féin, agus tá toradh dá bhailiú aige chun na beatha síoraí, i dtreo go bhfuil lúcháir ar an síoladóir agus ar an mbuanaí in éineacht.
37
Óir is fíor don sean-fhocal sa mhéid seo: ‘Cuireann duine, baineann duine eile.’
38
Sheol mise sibh-se uaim chun fómhar a bhaint nár shaothraigh sibh féin. Shaothraigh daoine eile é, agus chuaigh sibh-se isteach ina saothar.”
39
Chreid a lán de Shamáraigh na cathrach sin ann de bharr fhocal na mná ag tabhairt na fianaise: “Dʼinis sé dom gach ní dá ndearna mé.”
40
Nuair a tháinig na Samáraigh chuige dá bhrí sin bhí siad ag tathant air fanacht faróthu, agus dʼfhan sé ansiúd dhá lá.
41
Ba mhó go mór a chreid de bharr a bhriathair
42
agus deiridís leis an mbean: “Ní mar gheall ar do chuid cainte a chreidimid a thuilleadh; óir chualamar féin é agus tá a fhios againn gurb é seo dáiríre Slánaitheoir an domhain.”
43
Tar éis an dá lá dʼfhág sé an áit sin agus dʼimigh don Ghailíl.
44
Óir Íosa féin go deimhin a thug fianaise nach bhfaigheann fáidh onóir ina dhúiche féin.
45
Ach ar theacht don Ghailíl dó dá bhrí sin ghlac muintir na Gailíle é de bhrí go bhfaca siad na nithe go léir a rinne sé in Iarúsailéim lá na féile mar chuaigh siad féin ar an bhféile chomh maith.
46
Chuaigh sé arís dá réir sin go Cána na Gailíle mar a ndearna sé fíon den uisce. Bhí oifigeach ríoga ann a raibh a mhac tinn i gCafarnáúm.
47
Ar a chloisteáil dó go raibh Íosa tar éis teacht ó Iúdáia go dtí an Ghailíl, chuaigh an fear seo ag triall air agus dʼiarr air teacht anuas agus a mhac a leigheas mar bhí sé le hucht báis.
48
Dúirt Íosa leis: “Mura mbíonn comharthaí agus iontais le feiceáil agaibh ní chreidfidh sibh ar aon chor.”
49
Dúirt an t-oifigeach ríoga leis: “Tar anuas, a dhuine uasail, sula bhfaighidh mo mhac beag bás.”
50
Dúirt Íosa leis: “Imigh leat, tá do mhac beo.” Chreid an duine an focal a dúirt Íosa leis agus dʼimigh.
51
Ina bhóthar síos dó casadh a sheirbhísigh air agus dʼinis siad dó go raibh a mhac beo.
52
Dʼfhiafraigh sé díobh ansin cén uair a tháinig biseach air. Dúirt siad leis: “Ar an seachtú huair inné dʼfhág an fiabhras é.”
53
Thuig an t-athair ansin gur ar an uair sin féin a dúirt Íosa leis: “Tá do mhac beo,” agus chreid sé féin agus a theaghlach ar fad.
54
Is í an mhíorúilt eile seo an dara ceann a rinne Íosa nuair a tháinig sé ó Iúdáia don Ghailíl.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21