bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
John 13
John 13
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 14 →
1
Roimh fhéile na Cásca, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh a uair tagtha chun imeacht as an saol seo go dtí an tAthair, agus ó thug sé grá dá mhuintir féin a bhí ar an saol, thug sé grá thar na bearta dóibh feasta.
2
Le linn an tsuipéir agus tar éis don diabhal a chur ina chroí ag Iúdás, mac Shíomóin Isceiriót, go mbraithfeadh sé é–
3
ó bhí a fhios ag Íosa go raibh gach uile ní tugtha isteach ina lámha dó, ag an Athair, agus gur ó Dhia a ghabh sé amach, agus gur ar Dhia a bhí a thriall,
4
mʼéirigh sé ón suipéar, agus leag sé uaidh a chuid éadaigh, agus cheangail sé tuáille faoina choim.
5
Ansin chuir sé uisce sa bháisín agus thosaigh ag ní chosa na ndeisceabal agus dá dtriomú leis an tuáille a bhí faoina choim.
6
Tháinig sé chomh fada le Síomón Peadar agus dúirt seisean leis: “Tusa a ní mo chos-sa, a Thiarna!”
7
Dʼfhreagair Íosa é: “Ní fios duit anois cad tá ar siúl agam,” ar sé leis, “ach tuigfidh tú ar ball é.”
8
Dúirt Peadar leis: “Ní nífidh tú mo chosa-sa choíche!” Dʼfhreagair Íosa é: “Mura ndéanfaidh mé thú a ní, ní bheidh aon chuid agat díom.”
9
Dúirt Síomón Peadar leis: “A Thiarna, ní hamháin mo chosa, ach nigh fós mo lámha agus mo cheann!”
10
Dúirt Íosa leis: “Duine tar éis a fholctha, ní gá dó a ní ach a chosa; tá sé glan go hiomlán. Agus tá sibh-se glan, ach níl gach duine agaibh glan.”
11
Mar bhí a fhios aige cé a bhí chun é bhrath; sin é an fáth a ndúirt sé: “Níl gach duine agaibh glan.”
12
Ansin, tar éis dó a gcosa a ní, agus a chuid éadaigh a chur air, shuigh sé chun boird arís agus dúirt sé leo: “An dtuigeann sibh cad tá déanta agam daoibh?
13
Deir sibh: ‘A Mháistir’ liom agus ‘A Thiarna’, agus is le ceart é, óir is mé sin.
14
Má rinne mise bhur gcosa a ní agus gur mé bhur dTiarna agus bhur Máistir, ba chóir daoibhse chomh maith cosa a chéile a ní.
15
Tá sampla tugtha agam daoibh, faoi mar atá déanta agam daoibhse, go ndéanfadh sibh-se mar an gcéanna.
16
Áiméan, Áiméan, deirim libh, níl aon seirbhíseach níos mó ná a mháistir, ná níl aspal níos mó ná an té a chuir uaidh é.
17
Má tá a fhíos agaibh na nithe sín, is méanar daoibh má dhéanann sibh iad.
18
“Nílim ag labhairt oraibh go léir, óir aithním na daoine a thogh mé, ach chun go gcomhlíonfar an scrioptúr: ‘An té a dʼith arán liom, dʼardaigh sé a sháil i mo choinne.’
19
Táim dá insint sin daoibh anois, roimh ré, sula dtarlaíonn sé, i dtreo, nuair a tharlóidh sé, go gcreidfidh sibh gur mise é.
20
Áiméan, Áiméan, deirim libh, an té a ghlacann aon duine a chuirfidh mise uaim, is mise a ghlacann sé; agus an té a ghlacann mise, glacann sé an té a chuir uaidh mé.”
21
Ar rá na cainte sin dʼÍosa, tháinig suaitheadh spioraid air, thug fianaise agus dúirt: “Áiméan, Áiméan, deirim libh, déanfaidh duine agaibh mé a bhrath.”
22
Dʼfhéach na deisceabail ar a chéile ansin agus iad in amhras i dtaobh cé air ar labhair sé.
23
Bhí ina luí agus a cheann in ucht Íosa, duine dá dheisceabail a raibh grá ag Íosa dó.
24
Rinne Síomón Peadar comharthaí sóirt leis sin dá bhrí sin agus dúirt: “Fiafraigh cé hé a deir sé.”
25
Luigh seisean mar sin ar bhrollach Íosa agus dúirt leis: “Cé hé féin, a Thiarna?”
26
Dʼfhreagair Íosa dá bhrí sin: “An té dá dtabharfaidh mise an bruar aráin a thumfaidh mé, sin é é.” Ansin thum sé an bruar agus thug sé dʼIúdás mac Shíomóin Isceiriót é.
27
Ansin díreach i ndiaidh an bhruain, chuaigh Sátan isteach ann. Dúirt Íosa leis dá bhrí sin: “A bhfuil agat dá dhéanamh, déan go tapa é!”
28
Ní raibh a fhios ag aon duine den chuideachta ag an mbord cad chuige a ndúirt sé é sin leis;
29
óir shíl cuid acu, ós rud é go raibh an sparán ag Iúdás, go raibh Íosa dá rá léis: “Ceannaigh a bhfuil de dhíth orainn don fhéile; nó rud éigin a thabhairt do na boicht.”
30
Thóg seisean an bruan dá bhrí sin agus dʼimigh sé amach gan mhoill. Bhí an oíche ann.
31
Nuair a dʼimigh sé amach, dúirt Íosa: “Tá glóir faighte ag Mac an Duine anois, agus tá glóir faighte ag Dia ann.
32
Má fuair Dia glóir ann, tabharfaidh Dia glóir dó-san ann féin, agus tabharfaidh sé glóir dó gan mhoill.
33
A chlann ó, is gearr eile atá agam in bhur bhfochair. Beidh sibh ar mo lorg, agus faoi mar a dúirt mé leis na Giúdaigh, deirim libh-se arís: ‘An áit ina bhfuilim-se ag dul ní féidir daoibhse teacht.’
34
Tá aithne nua dá tabhairt agam daoibh, go dtabharfadh sibh grá dá chéile; faoi mar a thug mise grá daoibhse, go dtabharfadh sibh-se grá dá chéile.
35
As sin a bheidh a fhios ag cách gur deisceabail liom-sa sibh má bhíonn grá agaibh dá chéile.”
36
Dúirt Síomón Peadar leis: “A Thiarna, cá bhfuil tú ag dul?” Dʼfhreagair Íosa é: “Mar a bhfuilim-se ag dul, ní féidir duit-se mé a leanúint anois, ach leanfaidh tú mé níos déanaí.”
37
Dúirt Peadar leis: “A Thiarna, cad chuige nach féidir dom thú a leanúint anois? Tabharfaidh mé mʼanam ar do shon.”
38
Dʼfhreagair Íosa: “An dtabharfaidh tú dʼanam ar mo shon? Áiméan, Áiméan, deirim leat, ní ghlaofaidh an coileach sula séanfaidh tú mé trí huaire!
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 14 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21