bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
John 8
John 8
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 9 →
1
Agus chuaigh Íosa go Cnoc na nOlóg.
2
Bhí sé ar an bhfód arís sa Teampall go moch ar maidin, agus tháinig na daoine go léir chuige agus shuigh sé síos agus thosaigh ar iad a theagasc.
3
Thug na scríobhaithe agus na Fairisínigh bean ar rugadh uirthi in adhaltranas agus chuir siad ina seasamh i lár baill í agus dúirt siad leis:
4
“A mháistir, rugadh ar an mbean seo i gcoir féin an adhaltranais.
5
Dʼordaigh Maois dúinn sa dlí bás a imirt ar a leithéidí seo le clocha. Cad deir tusa más ea?”
6
Dúirt siad an chaint sin dá phromhadh, chun go mbeadh rud éigin acu le cur ina leith. Ach chrom Íosa síos agus thosaigh sé ag scríobh lena mhéar ar an talamh.
7
Ós rud é nach ndeachaigh aon stad orthu ach dá cheistiú, mʼéirigh sé suas agus dúirt leo: “An duine agaibh atá gan pheaca, bíodh sé ar an gcéad duine ag caitheamh cloch léi.”
8
Agus chrom sé síos arís agus bhí ag scríobh ar an talamh.
9
Arna chlos sin dóibh dʼimigh siad leo ina nduine is ina nduine ag tosú leis na seanóirí; agus fágadh Íosa ina aonar agus an bhean ina seasamh i lár baill.
10
Dʼéirigh Íosa suas agus dúirt sé léi: “A bhean, cá bhfuil siad? Nár dhaor aon duine thú?”
11
“Ní dhearna aon duine, a dhuine uasail,” ar sí. Dúirt Íosa léi: “Ná ní dhaoraimse thú ach a oiread. Imigh leat agus ná déan peaca arís as seo amach.”
12
Labhair Íosa leo arís más ea: “Is mise,” ar sé, “solas an tsaoil. An té a leanfaidh mise, ní shiúlfaidh sé sa dorchadas, ach beidh aige solas na beatha.”
13
Dúirt na Fairisínigh leis ansin: “Tá tú ag tabhairt fianaise i do thaobh féin; níl dʼfhianaise iontaofa.”
14
Dʼfhreagair Íosa: “Cé go bhfuil mé ag tabhairt fianaise i mo thaobh féin, is iontaofa í mʼfhianaise, óir is eol dom cad as ar tháinig mé agus cá bhfuil mo thriall. Ach ní heol daoibhse cad as ar tháinig mé nó cá bhfuil mo thriall.
15
Tugann sibh-se breith de réir na colainne; ní thugaimse breith ar aon duine.
16
Má thugaimse breith, is cóir í mo bhreith, óir ní i mʼaonar atáim, ach mé féin agus an tAthair a chuir uaidh mé.
17
Agus tá sé scríofa in bhur ndlí go bhfuil fianaise beirte iontaofa.
18
Tugaimse fianaise i mo thaobh féin, agus tugann an tAthair a chuir uaidh mé fianaise i mo thaobh.”
19
Dúirt siad leis ansin: “Cá bhfuil dʼAthair?” Dʼfhreagair Íosa: “Níl aithne agaibh orm-sa ná ar mʼAthair. Dá mbeadh aithne agaibh orm-sa, bheadh aithne agaibh ar mʼAthair chomh maith.”
20
Labhair sé na focail seo taobh leis an gciste agus é ag teagasc sa Teampall. Níor leag aon duine lámh air, mar ní raibh a uair tagtha fós.
21
Dúirt Íosa leo arís: “Tá mé ag imeacht agus beidh sibh ar mo lorg, agus gheobhaidh sibh bás in bhur bpeaca. An áit ina bhfuilim ag dul, ní féidir daoibhse teacht.”
22
Chrom na Giúdaigh dá bhrí sin ar a rá: “An amhlaidh go maróidh sé é féin ós rud é go ndúirt sé: ‘An áit ina bhfuilim-se ag dul, ní féidir daoibhse teacht ann’?”
23
Lean sé air: “Is ón áit thíos sibh-se,” ar sé leo, “is ón áit thuas mise. Is den saol seo sibh-se, ní den saol seo mise.
24
Uime sin a dúirt mé libh: ‘Gheobhaidh sibh bás in bhur bpeacaí.’ Mura gcreideann sibh gur mise é, Gheobhaidh sibh bás in bhur bpeacaí.”
25
Dúirt siad leis ansin: “Cé hé thú féin?” Dúirt Íosa leo: “Cén fáth a bhfuilim ag caint libh ar aon chor?
26
Tá a lán le rá agus le cáineadh agam in bhur dtaobh. Ach is fíor é an té a chuir uaidh mé agus na nithe a chuala mé uaidh is iad a labhraím sa saol.”
27
Níor thuig siad go raibh sé ag tagairt don Athair sa chaint sin leo. Dúirt Íosa leo ansin:
28
“Nuair a thógfaidh sibh in airde Mac an Duine, ansin beidh a fhios agaibh gur mise é, agus nach ndéanaim aon ní uaim féin, ach gur mar a theagasc an tAthair dom a labhraím na nithe seo.
29
An té a chuir uaidh mé, tá sé in éineacht liom. Níor fhág sé i mʼaonar mé, óir déanaim i gcónaí na nithe is taitneamhach leis.”
30
Chreid a lán ann agus na nithe sin dá rá aige.
31
Ansin dúirt Íosa leis na Giúdaigh a chreid ann: “Má fhanann sibh ar mo bhriathar, beidh sibh in bhur ndeisceabail agam dáiríre,
32
agus beidh fios na fírinne agaibh, agus saorfaidh an fhírinne sibh.”
33
Dʼfhreagair siad é: “De shíol Abrahám sinne, agus ní rabhamar inár ndaoir ag aon duine riamh. Conas go ndeir tú: ‘Saorfar sibh’?” Dʼfhreagair Íosa iad:
34
“Áiméan, Áiméan, deirim libh, gach duine a dhéanann peaca, tá sé ina dhaor ag an bpeaca.
35
Ní fhanann an daor sa teach de shíor, ach fanann an mac de shíor.
36
Má shaorann an mac sibh dá bhrí sin beidh sibh saor dáiríre.
37
Tá a fhios agam gur de shíol Abrahám sibh, ach tá sibh ag iarraidh mise a mharú, mar ní fhaigheann mo bhriathar slí ionaibh.
38
Insím daoibhse na nithe a chonaic mé fara mʼAthair. Ach déanann sibh-se na nithe a chuala sibh ó bhur n-athair.”
39
Dʼfhreagair siad agus dúirt leis: “Is é Abrahám ár n-athair.” Dúirt Íosa leo: “Más clann dʼAbrahám sibh, déanaigí mar a rinne Abrahám.
40
Ach anois tá sibh ag iarraidh mise a mharú, duine a labhair an fhírinne libh, faoi mar a chuala í ó mʼAthair. Ní dhearna Abrahám é sin.
41
Déanann sibh-se obair bhur n-athar féin.” Dúirt siad leis: “Níor gineadh sinne ó dhrúis. Aon athair amháin atá againn, Dia.”
42
Dúirt Íosa leo: “Dá mba é Dia bhur nAthair, bheadh grá agaibh dom-sa. Óir is ó Dhia a ghluais mé agus a tháinig mé; mar ní uaim féin a tháinig mé, ach chuir seisean uaidh mé.
43
Cén fáth nach dtuigeann sibh mo chaint? De bhrí nach féidir daoibh mo bhriathar a chlos.
44
Is ón diabhal, mar athair, sibh-se agus is iad mianta bhur n-athar a theastaíonn uaibh a dhéanamh. Ba dhúnmharfóir é siúd ó thús, agus níor sheas sé sa bhfírinne, mar níl aon fhírinne ann. Nuair a labhraíonn sé an bhréag labhraíonn sé as a stór féin, mar is bréagaire é agus is é athair an bhréagaire é.
45
Ach de bhrí go labhraímse an fhírinne, ní chreideann sibh-se mé.
46
Cén duine agaibh a dhéanfaidh mé a chiontú in éagóir? Má labhraím an fhírinne, cén fáth nach gcreideann sibh mé?
47
An té is ó Dhia, éisteann sé le briathra Dé. Is é fáth nach n-éisteann sibh-se, de bhrí nach ó Dhia sibh.”
48
Dʼfhreagair na Giúdaigh agus dúirt siad leis: “Nach bhfuil an ceart againn nuair a deirimid gur Samárach thú agus go bhfuil deamhan ionat?” Dʼfhreagair Íosa:
49
“Níl aon deamhan ionam, ach tugaim onóir do mʼAthair agus tugann sibh-se easonóir dom.
50
Ní ag lorg mo ghlóire féin atáim; tá Neach a lorgann mʼonóir agus a thugann breith.
51
Áiméan, Áiméan, deirim libh, má choinníonn aon duine mo bhriatharsa ní fheicfidh sé bás choíche.”
52
Dúirt na Giúdaigh leis: “Tá a fhios againn anois go bhfuil deamhan ionat. Tá Abrahám marbh agus na fáithe agus deir tusa: ‘Má choinníonn aon duine mo bhriatharsa, ní bhlaisfidh sé bás choíche.’
53
An ea gur mó thusa ná ár n-athair Abrahám atá marbh? Agus na fáithe freisin, tá siad marbh. Cé atá tú a dhéanamh díot féin?”
54
Dʼfhreagair Íosa: “Dá mbeinn féin do mo ghlóiriú féin, ba neamhní mo ghlóir. Is é mʼAthair a dhéanann mé a ghloiriú, an té a ndeir sibh-se mar gheall air: ‘Is é ár nDia é.’
55
Ach níl aithne agaibh air. Tá aithne agam-sa air, áfach. Dá ndéarfainn: ‘Níl aithne agam air,’ bheinn cosúil libh-se, bréagach. Ach tá aithne agam air, agus coinním a bhriathar.
56
Rinne Abrahám bhur n-athair lúcháir go bhfeicfeadh sé mo lá-sa. Chonaic, agus bhí áthas air.”
57
Ansin dúirt na Giúdaigh leis: “Níl tú caoga bliain dʼaois fós agus an bhfaca tú Abrahám?”
58
Dúirt Íosa leo: “Áiméan, Áiméan, deirim libh, sula raibh Abrahám ann, táim-se ann.”
59
Mar sin, thóg siad suas clocha le caitheamh leis, ach dʼfholaigh Íosa é féin agus dʼimigh amach as an Teampall.
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 9 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21