bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
John 3
John 3
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 4 →
1
Bhí ar na Fairisínigh duine darbh ainm Niocadaemas, uachtarán ar na Giúdaigh.
2
Tháinig an duine seo chuige san oíche agus dúirt leis: “Tá a fhios againn, a Raibí, gur oide thú a tháinig ó Dhia óir ní féidir le haon duine na comharthaí seo a dhéanann tú a dhéanamh gan Dia a bheith leis.”
3
Dʼfhreagair Íosa: “Áiméan, Áiméan,” ar sé leis, “mura nginfear duine athuair ní féidir dó ríocht Dé a fheiceáil.”
4
Dúirt Niocadaemas leis: “Conas is féidir duine a ghiniúint agus é ina shean-duine? An amhlaidh a dʼfhéadfadh sé dul isteach i mbroinn a mháthar agus teacht ar an saol athuair?”
5
Dʼfhreagair Íosa: “Go deimhin féin, deirim leat, mura ngintear duine ó uisce agus ón Spiorad, ní féidir dó dul isteach i ríocht Dé.
6
An ghin a gineadh ón bhfeoil is feoil í; an ghin ón Spiorad is spiorad í.
7
Ná déan ionadh de go ndúirt mé leat: ‘Ní foláir sibh a ghiniúint arís ó lastuas.’
8
Séideann an ghaoth mar is áil léi. Is clos duit a glór, ach ní heol duit cad as di ná cá ngabhann sí. A dála-san ag gach duine a ghintear ón Spiorad.”
9
Dʼfhreagair Niocadaemas: “Conas is féidir na nithe sin a bheith amhlaidh?” ar sé leis.
10
Dʼfhreagair Íosa: “Is oide in Iosrael thú,” ar sé leis, “agus nach eol duit na nithe sin!
11
Go deimhin féin, deirim leat, an ní is eol dúinn is air a labhraimid, agus an ní a chonaiceamar is air a thugaimid fianaise, ach ní ghlacann sibh ár bhfianaise.
12
Má dʼinis mé nithe talmhaí daoibh, agus nach gcreideann sibh, cén chaoi a gcreidfidh sibh, má insím nithe neamhaí daoibh?
13
Níl aon duine a chuaigh suas ar Neamh, ach an té a tháinig anuas ó Neamh, Mac an Duine atá ar Neamh.
14
Faoi mar a dʼardaigh Maois an nathair nimhe sa bhfhásach, sin mar a chaithfear Mac an Duine a ardú,
15
i dtreo, gach duine a chreideann ann, go mbeidh an bheatha shíoraí aige.
16
Óir ghráigh Dia an domhan chomh mór sin gur thug sé a Aonghin Mhic uaidh i dtreo, gach duine a chreideann ann, nach gcaillfear é ach go mbeidh an bheatha shíoraí aige.
17
Óir ní chun daorbhreith a thabhairt ar an saol a chuir Dia a Mhac uaidh ar an saol ach chun go slánófaí an saol tríd.
18
An té a chreideann ann ní thabharfar daorbhreith air, ach an té nach gcreideann ann, tá daorbhreith tugtha air cheana féin, mar nár chreid sé in ainm Mhac Dé, a Aonghin.
19
Agus an daorbhreith, is mar seo í: mar gur tháinig an solas isteach sa saol, agus gur rogha leis na daoine an dorchadas thar an solas de bhrí gurbh olc iad a ngníomhartha.
20
Óir gach duine a bhíonn ag déanamh an oilc, bíonn fuath aige don solas agus seachnaíonn sé an solas, le heagla go gcáinfear a ghníomhartha.
21
Ach an té a dhéanann an fhírinne, tagann sé chun an tsolais, chun go dtaispeáinfear gur i nDia a rinneadh a ghníomhartha.”
22
Ina dhiaidh sin tháinig Íosa agus a dheisceabail i ndúiche Iúdáia agus dʼfhan sé ansiúd leo agus bhí ag déanamh baiste.
23
Bhí Eoin ag baisteadh comh maith in Aenón in aice le Sailím mar bhí fliúirse uisce ann; agus thagadh na daoine ann agus bhaistí iad.
24
Óir bhí Eoin fós gan cur i gcarcair.
25
Dʼéirigh ansin aighneas idir deisceabail le hEoin agus Giúdaigh faoin íonghlanadh.
26
Tháinig siad chun Eoin agus dúirt siad leis: “A Raibí, an té a bhí farat lastall den Iordáin, an té ar a ndearna tú fianaise, féach, tá seisean ag déanamh baiste agus tá na daoine go léir ag dul chuige.”
27
Dʼfhreagair Eoin: “Ní féidir do dhuine aon ní a ghlacadh,” ar sé, “mura dtugtar dó é ó Neamh.
28
Is finnéithe sibh féin orm go ndúirt mé: ‘Ní mise an Críost, ach gur cuireadh roimhe amach mé.’
29
An té a bhfuil an nuachar aige, sin é an céile; ach cara an chéile, atá ina sheasamh ag éisteacht leis, tagann racht áthais air de bharr ghuth an chéile. An t-áthas mar sin atá orm-sa, tá sé iomlán.
30
Ní foláir dó-san méadú, ach ní foláir dom-sa laghdú.
31
An té ar anuas a thagann, tá sé os cionn cách. An té ar den talamh é is den talamh dó agus is dá réir a labhraíonn sé. An té a thagann ó neamh tá sé os cionn cách.
32
An rud a chonaic sé agus a chuala sé, déanann sé fianaise air, ach ní ghlacann aon duine lena fhianaise.
33
An té a ghlacann a fhianaise chuir sé a shéala leis gur fírinneach é Dia.
34
Óir an té a chuir Dia uaidh, labhraíonn sé briathra Dé; mar ní de réir tomhais a thugann Dia an Spiorad.
35
Tá grá ag an Athair don Mhac agus tá gach uile ní tugtha ina lámh aige dó.
36
An té a chreideann sa Mhac tá an bheatha shíoraí aige. Ach an té nach gcreideann sa Mhac, ní fheicfidh sé an bheatha, ach tá fearg Dé socair air.”
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21