bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
Revelation 1
Revelation 1
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 2 →
1
Is é seo apacailipsis Íosa Críost a thug Dia dó chun go dtaispeánfadh sé dá sheirbhísigh cad iad na nithe nach foláir a theacht gan mhoill; sheol sé a aingeal uaidh agus chuir in iúl é dʼEoin a sheirbhíseach;
2
thug seisean fianaise ar bhriathar Dé agus ar fhianaise Íosa Críost de réir mar a chonaic sé.
3
Is méanar dó seo a léann os ard agus a éisteann le focail na fáistine seo agus a choimeádann a bhfuil scríofa inti; óir tá an uain in achomaireacht.
4
Eoin chun na seacht n-eaglais san Áise: Grásta chugaibh, agus síocháin ón té atá, a bhí, agus atá le teacht, agus ó na seacht spiorad os comhair a rí-chathaoireach
5
agus ó Íosa Críost an finné dílis, an chéad-ghin ó mhairbh, rialtóir ríthe an domhain. Don té a bheir grá dúinn, agus a scaoil sinn ónár gcionta trína fhuil féin,
6
agus a rinne ríocht agus sagairt dá Dhia agus dá athair dínn, don té sin go raibh glóir agus cumhacht ar feadh na síoraíochta. Áiméan.
7
Féach, tá sé ag teacht ar néalta Neimhe, agus feicfidh gach duine lena shúile cinn é, fiú iad siúd a tholl é, agus beidh ciníocha uile an domhain ag déanamh mairgní dá bharr. Abair é! Áiméan.
8
“Mise an tAlfa agus an Óimige”, deir an Tiarna Dia, an té atá, a bhí agus atá le teacht, an tUilechumhachtach.
9
Mise Eoin bhur mbráthair atá páirteach libh in Íosa sa duainéis, sa ríocht agus sa bhfoighne. Bhí mé san oileán ar a dtugtar Patmas ar son briathar Dé a fhógairt agus fianaise Íosa.
10
Ba é lá an Tiarna é agus bhí mé faoi luí an Spioraid, agus chuala mé ar mo chúla glór tréan, mar ghlór trumpa,
11
dá rá: “Scríobh i leabhar a bhfeiceann tú agus seol é go dtí na seacht n-eaglais, go hEifeasas, go Smiorna, go Péargamas, go Tiáitire, go Sairdeas, go Filideilfia, agus go Láódacáia.”
12
Dʼiompaigh mé timpeall féachaint cén glor a labhair liom, agus, ar iompú dom, chonaic mé seacht gcoinnleoir óir,
13
agus i measc na gcoinnleoirí neach mar mhac duine, é gléasta in éide fhada agus crios órga faoina bhrollach.
14
Bhí a cheann agus a ghruaig geal mar olann gheal, mar an sneachta, agus a shúile mar bhladhm thine,
15
agus a chosa ar lí an phráis líofa arna scagadh i bhfoirnéis, agus a ghlór mar ghlór tuilte lána.
16
Bhí seacht réalta aige ina dheaslámh, agus óna bhéal ghluais claíomh géar dhá fhaobhar, agus bhí a cheannaithe ar dhealramh na gréine faoi lántaitneamh.
17
Nuair a chonaic mé é, chaith mé mé féin ag a chosa i mo staic. Ach leag seisean a lámh dheas orm dá rá: “Ná bíodh eagla ort. Mise an té atá ar tosach agus ar deireadh; an neach beo;
18
ba mharbh dom, ach anois is beo dom ar feadh na síoraíochta, agus tá eochracha an bháis agus Ifrinn agam.
19
Scríobh, más ea, a bhfuil feicthe agat, agus a bhfuil ann, agus a bhfuil le teacht ina ndiaidh seo.
20
Maidir le rúndiamhair na seacht réalta a chonaic tú ar mo dheaslámh, agus na seacht gcoinnleoir óir, is iad na seacht réalta aingil na seacht n-eaglais, agus is iad na seacht gcoinnleoir na seacht n-eaglais.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22