bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
Revelation 19
Revelation 19
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 18
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 20 →
1
Ina dhiaidh sin chuala mé mar a bheadh glór mathshlua mhóir sna flaithis dá rá: “Aililiú! Is lenár nDia slánú agus glóir agus neart.
2
Óir is fíor iad a bhreitheanna agus is cóir. Thug sé breith ar an striapach mhór a thruailligh an domhan lena striapachas. Agus rinne sé fuil a sheirbhíseach a agairt uirthi.”
3
Ghlaoigh siad arís: “Aililiú! Éiríonn a deatach uaithi ar feadh na síoraíochta.”
4
Agus chaith an ceathrar seanóirí ar fhichid agus na ceithre dhúil bheo iad féin ar an talamh agus shléacht siad do Dhia a bhí ina shuí sa rí-chathaoir dá rá: “Áiméan. Aililiú.”
5
Agus tháinig guth ón rí-chathaoir amach dá rá: “Molaigí bhur nDia, a sheirbhíseacha go léir leis, sibh-se ar a bhfuil a eagla, idir bheag agus mhór.”
6
Ansin chuala mé glór mar a bheadh glór mathshlua mhóir agus mar a bheadh glór tuilte lána, agus mar a bheadh glór toirní tréine, agus iad dá rá: “Aililiú! Óir tháinig an Tiarna, ár nDia Uilechumhachtach, i réim.
7
Déanaimis gairdeas agus lúcháir agus tugaimis glóir dó. Óir tá bainis an Uain tagtha, agus tá a nuachar arna hullmhú féin.
8
Deonaíodh di í féin a ghléasadh i línéadach mín geal glioscarnach” óir is iad oibreacha fíréantachta na naomh an línéadach mín.
9
Agus dúirt an t-aingeal liom: “Scríobh: Is méanar dóibh siúd a fhaigheann cuireadh chun bainis an Uain.” Ansin dúirt sé liom: “Focail fhíora Dé iad-san.”
10
Agus chaith mé mé féin ag a chosa dá adhradh. Ach ar sé liom: “Cuir uait! Is comhsheirbhíseach leat-sa mé agus le do bhráithre a bhfuil fianaise Íosa acu. Déan Dia a adhradh. Óir is ionann spiorad na fáidheoireachta agus fianaise Íosa.”
11
Ansin chonaic mé na flaithis ar oscailt agus bʼiúd each bán agus ag marcaíocht ar a mhuin an té ar a dtugtar ‘Dílis’ agus ‘Fírinneach’, agus a dhéanann breithiúnas agus cogadh de réir an chirt.
12
Bladhm thine a shúile, agus ar a cheann tá mórán mionn ríoga, agus tá ainm aige scríofa nach eol dʼaon duine ach dó féin amháin.
13
Tá sé gléasta in éide a tumadh i bhfuil, agus is é ainm a ghoirtear air ‘Briathar Dé.’
14
Agus bhí sluaite Neimhe dá leanúint ar eacha geala, agus iad feistithe i línéadach mín gléigeal glan.
15
Bhí claíomh géar ag síneadh óna bhéal chun ciníocha a bhascadh. Déanann sé iad a rialú le slat iarainn agus pasálann sé cantaoir fhíon feirge Dé Uilechumhachtaigh.
16
Scríofa ar a fhallaing agus ar a shliasaid aige tá: ‘Rí na Ríthe’ agus ‘Tiarna na dTiarnaí.’
17
Ansin chonaic mé an t-aingeal ina sheasamh ar an ngrian, agus ghlaoigh sé in ard a ghutha agus dúirt sé leis na héin go léir ar eitilt i mbuaic Neimhe: “Tagaigí agus cruinnígí chun fleá mhór Dé,
18
chun go n-íosfaidh sibh feoil ríthe, agus feoil ceann-phort, agus feoil na laochra, agus feoil na n-each, agus feoil a marcach, agus feoil gach aon duine idir shaor is dhaor, idir bheag agus mhór.”
19
Agus chonaic mé an beithíoch, agus ríthe an domhain, agus a sluaite arna dtóstal chun cogadh a fhearadh ar an marcach agus ar a shlua-san.
20
Gabhadh an beithíoch agus, in éineacht leis, an fáidh bréige, an té a rinne comharthaí os a chomhair lenar mheall sé an dream a ghlac marc an bheithígh agus a shléacht le hómós dá dhealbh. Teilgeadh iad araon ina steillbheatha isteach sa linn tine ar lasadh le ruibh.
21
Maraíodh an chuid eile le claíomh mharcach an eich, an claíomh úd a bhí ag síneadh óna bhéal. Agus fuair na héin go léir a sáith dá bhfeoil.
← Chapter 18
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 20 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22